Seoid bheag de scannán é Rubaí ó stiúrthóir tréitheach

Is í Doireann Ní Fhoighil mar Rúbaí í féin a bheireann barr bua ar gach éinne eile. Tugann sí taispeántas draochtúil uaithi nach bhfeictear ach go hannamh

rubai-image-600x313

Cé nach dtugtar aitheantas dó go minic, tá an cnuasach gearrscannán atá craolta ag TG4 ó bhliain a seolta ar cheann de bhuaicphointí an stáisiúin; tosaíonn táirgí cumasacha mar Chúilín Dúlach (2004), Filleann an Feall (2000) agus An Leabhar (2000) ag ráthaíocht im aigne ar an bpointe. Seoid eile den chunasach atá sa ghearrscannán gleoite Rúbaí (TG4, Dé Domhnaigh) a bhuaigh gradam eile dó féin ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Cleveland le déanaí.

I dtosach an scannáin, fógraíonn cailín óg an teidil go tiarnúil gur aindiachaí í, rud a fhágann muc ar gach mala ag a múinteoir, an sagart paróiste agus máthair. I gcaitheamh an ghearrscannáin, léirítear dúinn cad atá ag éirí thiar as an dearcadh seo agus tá an radharc mothúchánach leis an máthair ar cheann de na míreanna is corraithí atá feicthe agam le tamall. N’fheadar éinne cá luíonn an bhróg ar éinne eile.

Is ó pheann Antóin Beag Ó Colla a tháinig an scríbinn agus is í Louise Ní Fhiannachta atá ar an stiúir. Stiúrthóir faoi leith í Ní Fhiannachta atá ag baint cáile amach di féin in iomaire na drámaíochta agus na faisnéise ar na saolta seo. Bailítear cliar cumasach (agus Gaeilge den scoth acu ar fad) le tabhairt faoin togra: Donncha Crowley mar an sagart mearbhlach, Dara Devaney mar an múinteoir cráite agus Brídín Nic Dhonncha ag léiriú na máthar go greannmhar agus go mothúchánach. Is í Doireann Ní Fhoighil mar Rúbaí í féin a bheireann barr bua ar gach éinne eile. Tugann sí taispeántas draochtúil uaithi nach bhfeictear ach go hannamh ó aisteoirí a bhfuil na cúlfhiacla go maith acu ní áirím duine atá ag teacht chun coinlíochta.

Ní duine mé a ghránn, ná a thaithíonn, iomaire an réalachais. Tugim go maith go bhfuil lé, ar an drochuair, ag sciar maith den phobal le cláracha sa seánra seo, a bhuíochas sin do Big Brother ar an gcéad dul síos agus leithéidí The X Factor ina dhiaidh sin.

maxresdefault

Tá luach a leahphingne caite isteach ag TG4 le blianta agus taibhsítear dom go bhfuil táirge ceoil/damhsa acu ó laethanta TnaG. Tá Busker Abú (TG4, Dé Domhnaigh) faoi lán seoil le cúpla seachtain agus is léir go bhfuil fréamhacha an chláir san iomaire seanchaite seo agus is cathair mar a tuairisc í: iomaitheoirí san iomaíocht, moltóirí i mbun molaidh agus cáineadh agus iarrachtaí á ndéanamh chun teannas a ghiniúint.

Bím ag cúbadh chugam féin go minic agus mé ag féachaint ar tháirgí réalachais TG4 mar is léir ná feadar cuid mhaith de na rannpháirtithe cad atá na moltóirí a rá nuair atá siad ag cur díobh. Lena gceart a thabhairt don triúr atá anseo, tugann siad faoin gcúram le fonn agus dea-ghiúmar. Ina theannta sin, is láithreoir taitneamhach, cumasach í Róisín Ní Thomáin. Seo an sórt ruda a scaoilfeá os do chionn in airde agus tú caite ar an gcúits le tinneas dí.

Irish Pictorial Weekly

Timpeall an ama chéanna, bhí meitheal Irish Pictorial Weekly (RTÉ 1, Dé Domhnaigh) ag iarraidh gáire a bhaint asainn. Tá a fhios ag an saol agus a mháthair go gcaithfidh tú a bheith ar do bharraiciní agus tú ag tabhairt faoin táirge seoigh agus níl traidisiún chomh saibhir sin ag RTÉ san iomaire seo. “Is ar dhóchas a mhairimid,” a dúrt liom féin agus mé ag luí ar an gcnaipe agus ní raibh an clár gan a bhuaicphointí.

Bhí na míreanna guthaithe thar bearta agus tháing an nimh (agus taighde) a bhí sna foghanna fíochmhara faoin lucht dlí agus cuntasaíochta aniar aduaidh orm.

Tá AIB luite amach orthu féin le tamall anuas lena bhfeachas margaíochta The Toughest atá ag déanamh gaisce ag cur chun cinn craobhchomórtas na gclub. B’fhéidir go bhfacaís an mhír sin a taifeadadh ar lá chluiche ceannais na hÉireann nuair a cuireadh ina luí ar fhear ó Ard Fhearta a thicéad a stróiceadh (mar dhea) ar mhaithe le hairgead a ghnothú dá chlub. Is é an feactas céanna a sholáthraigh The Toughest Trade ar TV3 le déanaí ina bhfacthas imreoirí proifisiúnta ag fáil léargais ar chluichí na hÉireann agus imreoirí CLG ag tabhairt faoin saol siúd ar feadh scaithimh.

Colmm 'Gooch' Cooper. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Colmm ‘Gooch’ Cooper. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Sa táirge is déanaí leo, tá clár faisnéise gearr ina dtugtar éachtaint ar aistear Colm Cooper agus é ag teacht chuige féin tar éis drochghortú glúine anuraidh (The Toughest Road, You Tube).

D’imir Gooch a chéad chluiche do Chiarraí le breis agus bliain ar an Domhnach. Táirge snasta, sumiúil é seo a bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis ná mana fógraíochta nó scéal aon duine amháin. Meabhraítear dúinn na híobairtí a dhéanann na himreoirí amaitéaracha seo agus an grá atá acu don chluiche. Ar an mbonn sin tá níos mó ná 12 nóiméad tuillte ag an ábhar.

Fág freagra ar 'Seoid bheag de scannán é Rubaí ó stiúrthóir tréitheach'