‘Seó Mór’ á eagrú d’iomaitheoirí óga Oireachtas na Samhna ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Beidh deis ag an 44 gasúr atá á gcur ar aghaidh chuig comórtais Oireachtas na Samhna an méid atá foghlamtha acu i ranganna na heagraíochta a chur i láthair an phobail amárach, Dé Domhnaigh

‘Seó Mór’ á eagrú d’iomaitheoirí óga Oireachtas na Samhna ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Beidh ‘Seó Mór’ á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo i gConamara le slán a rá leis na gasúir a bheidh ag glacadh páirt i gcomórtais Oireachtas na Samhna i gCill Airne agus deis a thabhairt dóibh an méid atá foghlamtha acu i ranganna na heagraíochta a chur i láthair an phobail.

Tá 44 iarratas san iomlán curtha ar aghaidh ag baill Thuismitheoirí na Gaeltachta chuig comórtais an Oireachtais. Baineann 34 acu sin le gasúir a bhíonn a d’fhreastail ar ranganna aithriseoireachta, scéalaíochta, agallamh beirte agus lúibíní agus baineann an 10 n-iarratas eile le gasúir a bhíonn ag freastail ar ranganna amhránaíochta agus damhsa.

Beidh na gasúir sin ag taispeáint a gcuid scileanna, idir agallaimh beirte, lúibíní, scéalaíocht, aithriseoireacht agus damhsa ar feadh an tráthnóna, Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair i Halla Éinne ar an gCeathrú Rua.

Seo í an dara bliain as a chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ranganna a eagrú do ghasúir ar mhaith leo cur isteach ar chomórtais an Oireachtais. D’éirigh le cúigear a cuireadh chuig an bhféile i mBaile Átha Cliath anuraidh duaiseanna a bhaint amach i gcomórtais éagsúla. Tá níos mó gasúr á gcur go Cill Airne i mbliana ná mar a cuireadh go Baile Átha Cliath anuraidh.

Cuirfear tús leis an Seó Mór ag a trí a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh agus beidh costas €2, nó €5 do theaghlaigh, ar an doras.

Fág freagra ar '‘Seó Mór’ á eagrú d’iomaitheoirí óga Oireachtas na Samhna ag Tuismitheoirí na Gaeltachta'