Seo chugainn Nuacht TG4 ar RTÉ…athrú mór i ndán don nuacht Ghaeilge ar theilifís

‘Nuacht TG4 ar RTÉ’ seachas ‘Nuacht RTÉ’ a thabharfar feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 agus beidh cur chuige nua eagarthóireachta i gceist chomh maith

Seo chugainn Nuacht TG4 ar RTÉ…athrú mór i ndán don nuacht Ghaeilge ar theilifís

Tá ré nua i ndán do nuacht na Gaeilge ar theilifís RTÉ agus cur chuige eagarthóireachta úr agus branda nua beartaithe do chláracha nuachta Gaeilge an chraoltóra phoiblí.

Ag cruinniú a bhí ar siúl i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann maidin inniu, tugadh le fios gur ‘Nuacht TG4 ar RTÉ’ seachas ‘Nuacht RTÉ’ a thabharfar feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag ceathrú chun a sé tráthnóna.

Thug Ceannasaí Nuachta RTÉ John Williams  le fios d’fhoireann Nuacht TG4/RTÉ chomh maith ar maidin go mbeadh cur chuige nua eagarthóireachta ag feasacháin Ghaeilge RTÉ 1 agus RTÉ News Now as seo amach.

Faoin múnla nua eagarthóireachta sin, is ar chraoladh scéalta nuachta réigiúnda, Gaeltachta agus Gaeilge a leagfar béim seachas ar na mórscéalta céanna a chraoltar i mBéarla ar Six One díreach i ndiaidh an fheasacháin Ghaeilge.

Beidh an léitheoir nuachta céanna i mbun na bhfeasachán ar fad, ar RTÉ News Now, ar RTÉ 1 agus ar Nuacht TG4 ag 7pm.

Dúirt foinse amháin le Tuairisc.ie gurbh é atá i gceist ná go mbeadh an ‘Súil Eile’, a samhlaíodh le TG4 ó thús, anois sa treis ar sheirbhís nuachta Gaeilge RTÉ.

D’fhéadfaí a rá gur deireadh ré chomh maith le tús ré atá i gceist leis an gcur chuige nua seo, óir tá traidisiún seanbhunaithe in RTÉ go gcraoltar ar RTÉ 1 príomhscéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta na nuachta Béarla i ndea-Ghaeilge.

Tá na socruithe nua á gcur i bhfeidhm mar thoradh ar phróiseas idirbheartaíochta idir lucht ardbhainistíochta an dá stáisiún, RTÉ agus TG4.

Bhain cuid mhaith den phlé sin le seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha TG4. De réir na reachtaíochta craolacháin, ní mór do RTÉ 365 uair a chloig de chláracha a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana. Tá seirbhís nuachta TG4 mar chuid den soláthar reachtúil sin, agus is é RTÉ atá freagrach as an gclár nuachta ar an stáisiún Gaeilge a théann amach ag a 7pm.

 

Fág freagra ar 'Seo chugainn Nuacht TG4 ar RTÉ…athrú mór i ndán don nuacht Ghaeilge ar theilifís'

  • Eoin P. Ó M

    Níl “Súil Eile” uaim do RTÉ ach an ghnáthshúil! Breathnaím air seo mar chúlú agus mar imeallú na Gaeilge arís…

  • séamus mac seáin Béal Feirste

    níl a fhios agam an rud maith nó rud olc é an t-athrú ach ní rud maith é ag Tuairisc dar liom glacadh go ró éascaí le díntiúirí RTÉ ar an cheist agus tuairisc lom a thabhairt gan bárúil a fháil ó roinnt duine a mbaineann an scéal go dlúth leo, oibrithe TG4 mar shampla.

  • Eilís Ní Anluain

    Imeallú na Gaeilge cinnte, mura gcloisfear i nGaeilge na mórscéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta agus an leathnú foclóra a bhaineann leis sin.