Seo chugainn dhá scór lá sa bhfásach gan an hob-nob seacláide féin againn

Tá sé ina charghas agus molann ár gcolúnaí staonadh ón ráiteas mór poiblí faoi do rún

Seo chugainn dhá scór lá sa bhfásach gan an hob-nob seacláide féin againn

Seans go raibh do cheapaire liamháis leath-ite agat inné nuair a chuimhnigh tú  gurbh é Céadaoin an Luaithrigh a bhí ann. Nó b’fhéidir nach gcuireann tú féin aon suim sna gnásanna bia a bhaineann le cúrsaí creidimh ach go raibh comrádaí éicint in éindí leat agus sibh ag ithe lóin go deas séimh le chéile nó gur bheag nár tachtadh tú nuair a bhéic sé amach gan aon choinne ‘CÉADAOIN AN LUAITHRIGH!’  is tharraing do cheapaire  liamháis amach as do láimh le práinn.

B’fhéidir gur chuir an taispeántas seo iontas ar leith ort ós rud é nár thug tú faoi deara riamh cheana ar do chomrádaí go raibh aon aird speisialta aige a ar dheasghnátha reiligiúnacha fad is a bhaineann siad le bia.

Níl a fhios agam céard é fhéin faoi Chéadaoin an Luaithrigh a spreagann daoine, nach mbacann le comhairle na Vatacáine de ghnáth, seasamh láidir a thógáil ar cheapairí liamháis an lá sin.

Seo chugainn anois dhá scór lá sa bhfásach gan aon mhilseán ná an hob-nob seacláide féin. Mura raibh a fhios agat é, thosaigh an carghas inné. Má tá tú á dhéanamh, seans go bhfuil d’intinn imithe ar siabhrán cheal siúcra cheana féin is go bhfuil na focail seo ag luascadh anonn is anall ar an scáileáin amach romhat.

Nó b’fhéidir go bhfuil tú éalaithe ar thuras aislinge go tír na milseán. Ní chabhraíonn sé go bhfuil seilfeanna na siopaí á luchtú le huibheacha Cásca ó dheireadh mhí Eanáir. Chaithfeá ómós a bheith agat, más go drogallach féin é, do na siopaí go bhfuil éirithe leo tréimhse díolacháin trí mhí a tharraingt as na huibheacha Cásca.

Ach is mór an t-ionadh nach bhfuil éirithe le gúrú margaíochta éicint cuimhneamh ar bhealach chun airgead a shaothrú as seacht seachtaine an charghais. Cá bhfuil sladmhargaí móra Chéadaoin an Luaithrigh? Ceannaigh anois é, níl aon siopa sa bhfásach, a leanbh!

Shílfeá go raibh an oiread céanna deiseanna margaíochta ar an gcarghas is atá ar na féilte eile. Cá bhfuil capsule wardrobe an charghais, an smideadh ar an stíl lom, nó an t-oideas bia, ‘101 Béile Blasta Bracháin’?  An bhfuil aon amharc ar na haipeanna? Cá bhfuil an iCarghas?

Seans go bhfuil sé ródhúshlánach, fiú ag fathaigh mhóra an díolacháin, dearcadh na ceannaíochta a bhrú ar shéasúr a bhfuil an staonadh mar bhunchloch aige.

Is é an rud is tábhachtaí ar fad faoin gcarghas, feictear domsa, ná an chothromaíocht cheart a fháil idir an tsoiléire agus an doiléire agus do rún á leagan síos agat. Caithfidh do rún a bheith sách soiléir is go mbeidh tú in ann a rá go ndearna tú an carghas, ach fós sách doiléir is gur féidir leat corr hob-nob a bheith agat is nach mbeadh sé le rá ag éinne gur bhris tú é.

Seachain an ndéanfá ráiteas mór poiblí. Ná habair rud éicint ar nós ‘tá mé ag éirí as na brioscaí’. Tá sé sin i bhfad róchúng mar rún. Má chuireann éinne ceist ort an bhfuil tú ag déanamh an charghais, abair ‘Tá’.

Is iomaí duine a fhágfaidh aige sin é. Ach más duine an-fhiosrach atá ann is go bhfiafraíonn sé díot céard atá á dhéanamh agat, pioc rud éicint a chuirfidh deireadh leis an gceistiú ach nach bhfágfaidh sa tsáinn thú. Is ceann maith é ‘rudaí milse’.

Níl a fhios agam an raibh hob-nobs acu aimsir Íosa Críost, ach má bhí fhéin déarfainn nár chaith Íosa leathuair an chloig sular thug sé aghaidh ar an bhfásach ag soiléiriú na miondifríochtaí idir ‘hob-nob’ agus ‘rich tea’ do na deisceabail ná cén sórt troscadh a bhí i gceist aige a dhéanamh.

Samhlaím gur dhúirt sé rud éicint ar nós ‘tá mé ag dul amach scaitheamh’.

Is gur fhág sé aige sin é.