Seo chugainn Corbyn – polaiteoir gan claonbholscaire ag scagadh gach abairte?

Murab ionann is polaiteoirí eile thall is abhus, bíonn Jeremy Corbyn sásta rudaí a rá nach bhfuil faofa ag fócasghrúpa

Pictiúr: Creative Commons.

Polaiteoir gan claonbholscaire ag scagadh gach abairte? Tá dornán ar an bhfód. Ach ceannaire ar mhórpháirtí? Iarrthóir do Phríomh-Aireacht?

Tá an ceannaire a thagann mar ‘phacáiste’ réamhullmhaithe chomh coitianta sin anois nach iontas ar bith é go bhfuil rogha na coitiantachta do cheannaireacht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine, Jeremy Corbyn, ag baint suathadh as gach aicme pholaitiuil.

Go tobann, tá daoine i dTuaisceart Éireann ag tabhairt airde ar an gcomórtas san Lucht Oibre. Ta údar gáirdeachais ag an eite chlé bheag agus cúis imní ag a lán eile. An bhfuil ré shóisialach i ndán dóibh, tréimhse eile de chogadh cathardha sa Lucht Oibre agus blianta fada de riail na dTóraithe, gan srian?

Réigiún paróistiúil é Tuaisceart Éireann. Muna mbaineann imeachtaí go sonrach lena leas féin mar pháirtí, is beag aird a thugann cuid de na polaiteoirí logánta, aontachtaithe go háirithe, ar imeachtaí in áiteanna eile. Déantar iarracht cuma na maitheasa a chur air, ag rá nach gcuirfidís a ladar i ngnó páirtí eile.

Luíonn sé le réasún go mbíonn tionchar ollmhór ag polaitíocht na Breataine Móire ar Thuaisceart Éireann mar réigiún eile san Ríocht Aontaithe. Ba cheart do gach polaiteoir abhus a bheith airdeallach ar a bhfuil ar siúl san oileán sin, bídís i bhfabhar an aontais nó ina choinne. Tá ciallachais ag cé a thoghfar i gcomharbacht ar Ed Miliband do ghnáthshaol na ndaoine.

Séanann an DUP go bhfuil luí nádúrtha acu leis na Tóraithe ach tá siad féin agus a gcosúlacht in aghaidh a chéile, an dearcadh céanna acu ar chogaíocht, ar shlándáil agus, go dtí le gairid, ar chúrsaí leasa shóisialaigh. Is léir go bhfuil said buartha faoi chur chuige an tSeansailéara le déanaí maidir lena thuilleadh ciorruithe, ach bhí siad amhrasach faoi Pháirtí an Lucht Oibre nuair a bhí Tony Blair mar cheannaire, cé go mba leath-Thóraí é. 

Is maith is cuimhin le daoine David Trimble nuair a bhí sé i gceannas an UUP ag caint go drochmheasúil faoi John Hume agus a “vision thing”. Tá an sceipteachas faoi dhaoine eile a bhfuil fís acu forleathan san DUP freisin. 

Tá ceisteanna chomh maith ag an DUP faoin mbá atá léirithe ag Jeremy Corbyn le Sinn Féin ach dúirt duine acu liom go mbeidís “imníoch faoina leagan amach murach go bhfuil a fhios againn nach mbeidh sé ina Phríomh-Aire go deo, fiú má thoghtar é ina cheannaire ar an bpáirtí”. Nuair a d’fhreastail Corbyn ar Fhéile an Phobail le déanaí ba mhó suim a bhí ag aontachtaithe sa cheist, ‘an gcáinfeadh sé foiréigean an IRA?’ ná mar a bhí ina fhís, ina luí le cearta sibhialta do gach duine agus ina phrionsabail ar sheas sé leo ariamh, fiú nuair ba chadhain aonair é. Tá ceisteanna le freagairt ag Corbyn faoina léamh ar chúrsaí eacnamaíochta agus faoina dhearcadh ar Putin, cuir i gcás, ach níor shuim leo iad.

Tá seans go bhfuil an ceart ag eacnamaithe a deir gur seafóid é polasaí geilleagair Corbyn. Níl a fhios agam. An bhfuil polasaithe níos stuama ag na hiarrthóirí a mbíonn fíorbheagán le rá acu nach bhfuil beannaithe, faofa ag fócasghrúpa?

Ní dhearna Tony Blair aon ghar d’éinne ach Corbyn féin lena ionsaí ainmheasartha air. Ba é teachtaireacht Bhlair gur thubaiste é a bheith ag caint ar fhís lucht oibre, go gcaithfí díriú ar pholasaithe a bheadh ionghlactha ag móramh. (Is léir nach dtuigeann Blair ná a dhíorma sa pháirtí gur náire shaolta é i ngeall ar chogadh na hIaráice, a chomhfhiontar le George W. Bush).

Ta feachtas beag i dTuaisceart Éireann le blianta ag baill de Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain (timpeall 1,000 duine) a éilíonn go seasfadh iarrthóirí ón bpáirtí i dtoghcháin abhus. Theip orthu go dtí seo mar go ndúirt ceannairí nach ngabhfaidís in iomaíocht leis an SDLP, a mbráthair-pháirtí. Níl aon athrú air sin i gceist ag Corbyn ach an oiread.

Ní heol dom go ndúirt Yvette Cooper ná Liz Kendall tada faoin gceist, ach dúirt Andy Burnham leis an Belfast Telegraph go ndéanfadh seisean athbhreithniú ar an bpolasaí. Seans maith gur fhoghlaim an Lucht Oibre a ndóthain ó theip thubaisteach iarrthóirí na dTóraithe i dTuaisceart Éireann.

Cé is moite de dhaoine aonair abhus, is iad Sinn Féin an dream is báúla le Corbyn, agus iadsan féin tugtha do chaint ar fhís agus aisling. Ach fís agus aisling atá rialaithe go docht a bhíonn i gceist ag Sinn Féin, agus gach ball d’aon ghuth faoin teachtaireacht.

Cén uair dheiridh a chuaigh ionadaí ó SF ar rith aonair? Níl mórán de chosúlacht an eagair ná na ndianrialaithe sin ar Corbyn.

Ach má chuirimid eisean as an áireamh mar phearsa, tá cheist ghinearálta bhailí ann. An bhfuil spás sa pholaitíocht do cheannaire le fís seachas ceannaire ar chosúla le meaisín é?

Fág freagra ar 'Seo chugainn Corbyn – polaiteoir gan claonbholscaire ag scagadh gach abairte?'