Seo chugainn an bosca lóin! Ach cad ba cheart a bheith ann?

Tá tús na scoibhliana buailte linn, rud a fhágann go mbeidh tuismitheoirí agus páistí timpeall na tíre ag machnamh ar rogha bia don bhocsa lóin

packed_lunch_alert-healthy_lunchbox-770x513

Féasta criospaí agus súnna ba ghnáth linne a bheith againn am lóin i mBunscoil Phobail Feirste agus mé ag fás aníos le linn na nóchaidí, ach tá tuiscint níos fearr ag duine ar bhia sláintiúil sa lá inniu agus ardú feasachta ann dá réir. 

I measc na n-iarrachtaí atá déanta nósanna bia níos sláintiúla a chothú, cuireadh deireadh le ré na meaisíní díola i mbunscoileanna na tíre agus tá treoirlínte leagtha amach a mholann cosc a chur ar na diabhailíní is ciontaí sna boscaí lóin, milseáin, sceallóga, brioscaí, seacláid agus deochanna súileacha.

Ar a shon sin, tá na treoirlínte teoranta go leor agus iad bunaithe níos mó ar bhia atá le seachaint seachas bia is fiú a ithe, bia a thabharfaidh fuinneamh don pháiste i gcaitheamh an lae.

go bhfuil fiontair éagsúla á reáchtáil ag an dá rialtas, thuaidh agus theas, dírithe ar nósanna bia sláintiúla a fhorbairt ar scoil, amhail ‘Food Dudes’ – carachtair beochana a bhfuil Gaeilge agus Béarla aige a spreagann páistí chun níos mó torthaí a ithe – is faoin scoil féin atá sé na treoirlínte agus na tionscnaimh bhia a chur i bhfeidhm.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Bainisteoir Fhondúireacht Cothú agus Sláinte, an Dr. Muireann Cullen, gur “chéim chun tosaigh” iad na treoirlínte ach go bhfuil rath na n-iarrachtaí ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil ag an scoil agus ar an mhéid ar féidir leo a bhaint amach.

Veggie_Pita_Pockets“Is é an tuiscint atá agam nach gá do scoileanna na treoirlínte a chur i bhfeidhm; fúthusan atá sé. Mar sin, tá tábhachtach go gcuirfeadh tuismitheoirí agus páistí le chéile agus go ndéanfaidís iarracht bheith sláintiúil. Má dhéanann siad sin, cúiteofar leo é agus beidh toradh maith ar a n-iarracht,” ar sí.

Ó thaobh rogha bhia an bhosca lóin, dúirt Cullen gur cheart meascán de chineál éagsúil bia a bheith san áireamh.

“Tá tábhachtach go mbeadh páistí ag ithe meascán maith de bhia i rith an lae, i rith na seachtaine agus i rith na bliana. Cinnteoidh sé sin go mbainfidh siad tairbhe as an maitheas a bhaineann le cineálacha éagsúla bia. Cuirfidh siad eolas ar cé mar a chothaíonn bia den uile shórt iad agus iad ar scoil,” ar sí.

treoirleabhar suimiúil ‘Boscaí Lóin Sláintiúla’, foilsithe ag ag Safefood, a thugann leideanna praiticiúla do thuismitheoirí agus do pháistí araon faoin dóigh le bocsa lóin sláintiúil a ullmhú. Tugtar samplaí de ann den saghas bia a d’fhéadfá a chur isteach sa bhosca lóin ó Luan go go hAoine.

Uisce nó bainne is fearr a ól, agus meascán de stáirse, próitéin, déirí, torthaí agus glasraí a mholtar a ithe.

Tá caint sa treoirleabhar ar dheis a thabhairt do pháistí cuidiú lena dtuistí lón a réiteach fosta.

Fiona Fleming. Pictiúr:  Jonathan Curran/ Sporting Occasions
Fiona Fleming. Pictiúr: Jonathan Curran/ Sporting Occasions

Molann an saineolaí Spóirt agus Bia, Fiona Fleming, ar duine de bhunaitheoirí na bialanna ‘PureRawí i nGaillimh, gur cheart go mbeadh ‘cothromaíocht’ sa bhosca lóin. Chuige sin, is fearr níos mó stáirse (arán,rís,pasta, prátaí) agus torthaí agus glasraí (cairéid,tráta,piobair,úll,banana) a roghnú i gcomparáid le méid áirithe próitéin – feoil,iasc, sicín, pónairí, agus déirí (cáis, iógart).

“Bheifeá ag déanamh iarracht mhaith lón sláintiúil a réiteach agus leithéidí siúcra agus salainn a sheachaint. Smaoinigh ‘donn’ in áit ‘bán’, roghnaigh uisce nó bainne agus agus fan amach ó bhia a bhfuil go leor siúcra ann. Roghnaigh iógart nádúrtha le torthaí in áit iógart beagmhéathrais atá lán siúcra,” ar sí.

5 Leid don bhosca lóin ó Fiona Fleming ó Pure Raw/Fit

  1. Bealach maith le cinntiú go bhfuil glasraí go leor sa bhosca lóin ná bosca beag a chur isteach leis an lón le cairéid ghearrtha agus roinnt trátaí silíní, nó meascán de ghlasraí eile.
  2. Caith uait an liamhás próiseáilte, agus triail cáis chéadair d’ardchaighdeán agus úll ghrátáilte.
  3. Bain triail as carbaihiodráití éagsúla agus cloígh le roghanna caiscín – tá arán piota go maith agus furasta le pacáil, arán nó béigeal donn.
  4. Is féidir arán a fhágáil ar lár in amanna chomh maith agus díriú ar phasta caiscín nó rís donn. Réitigh breis pasta nó ríse ag am dinnéir – oibríonn siad go han-mhaith i sailéid. Bain triail as sicín, le trátaí silíní, cáis ghrátáilte agus beagáinín pesto.
  5. Is fiú triail as glasraí agus torthaí éagsúla sa bhaile sula gcuirtear isteach sa bhosca lóin iad. Bealach spraíúil le bia nua a tharraingt isteach ná ‘téama’ an bhosca lóin a roghnú bunaithe ar thír éagsúil m.sh. Meicsiceo – toirtílí plúir a líonadh.

Fág freagra ar 'Seo chugainn an bosca lóin! Ach cad ba cheart a bheith ann?'