‘Seisiúin plé agus forbartha tuisceana’ faoin tumoideachas le reáchtáil sa Ghaeltacht an mhí seo

Beidh painéal cainteoirí i láthair ag gach seisiún ar a mbeidh saineolaithe sa tumoideachas agus príomhoidí ó scoileanna atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ina gcuid scoileanna cheana féin

‘Seisiúin plé agus forbartha tuisceana’ faoin tumoideachas le reáchtáil sa Ghaeltacht an mhí seo

Tá sraith “seisiúin plé agus forbartha tuisceana” beartaithe ag an eagraíocht Gaeloideachas faoin tumoideachas i bhfianaise na litreacha a cuireadh chuig scoileanna Gaeltachta ag deireadh na míosa seo caite maidir leis an bPolasaí Oideachais Gaeltachta.

Tá ceithre sheisiún beartaithe ag an eagraíocht i gceithre chontae Gaeltachta agus iad ag súil le freastal ar na seacht gceantar Gaeltachta.

Beidh painéil chainteoirí i láthair ag gach seisiún ar a mbeidh saineolaithe sa tumoideachas agus príomhoidí ó scoileanna atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ina gcuid scoileanna cheana féin.

Tá Gaeloideachas ag súil go mbeidh múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, agus daltaí ó scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre i láthair ag na seisiúin seo, a bheidh á reáchtáil in óstáin éagsúla as seo go deireadh na míosa.

An mhí seo caite, d’fhógair an tAonad Gaeltachta, an t-aonad nua de chuid na Roinne Oideachais atá ag plé le cur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais Gaeltachta, go mbeadh ar scoileanna sa Ghaeltacht ar mian leo aitheantas a fháil mar scoil Ghaeltachta léiriú spéise a chur isteach roimh an 15 Meitheamh i mbliana.

Beidh an chéad seisiún ar siúl in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce i dTír Chonaill Dé Luain seo chugainn ag a 7.ooin. Is ar cheantair Ghaeltachta an chontae sin a bheidh caint na hoíche sin dírithe.

Díreofar ar cheantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus na Mí ag an gcruinniú a reáchtálfar Dé Máirt an 23 Bealtaine in Óstán an Clayton i gcathair na Gaillimhe.

Beidh fáilte roimh mhuintir Chiarraí, Chorcaí agus na nDéise ag an gcruinniú a bheidh ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn in Óstán an Plaza i gCill Airne, agus is ar mhuintir Mhaigh Eo a bheidh an seisiún a bheidh ar siúl in Óstán an Broadhaven i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Léiríodh imní an tseachtain seo caite faoi na himpleachtaí a bheadh ag an tumoideachas ar chumas daltaí Gaeltachta sa Bhéarla. Más faoi scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach faoin bpolasaí nua, beidh ar an scoil sin gan an Béarla a theagasc i ranganna na naíonán beag agus na naíonán mór. Bhí plé fada ar an ábhar ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite agus léirigh roinnt tuismitheoirí Gaeltachta an bhuairt atá orthu faoin gceist.

Tá imní léirithe ag príomhoidí i scoileanna Gaeltachta freisin faoin “easpa cinnteachta” a bhaineann leis na hacmhainní daonna atá an Roinn Oideachais sásta a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Deir na príomhoidí nach mbeifear in ann an ghné tumoideachais den pholasaí, is é sin gan aon Bhéarla a mhúineadh i ranganna na naíonán beag ná na naíonán mór, a chur a i bhfeidhm nuair a bhíonn “ilranganna” nó seomraí ranga ina mbíonn níos mó ná rang amháin iontu sa scoil.

Fág freagra ar '‘Seisiúin plé agus forbartha tuisceana’ faoin tumoideachas le reáchtáil sa Ghaeltacht an mhí seo'

  • Áine

    ‘Díreofar ar cheantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus na Mí ag an gcruinniú a reáchtálfar Dé Máirt an 23 Bealtaine in Óstán an Clayton i gcathair na Gaillimhe. ‘
    I ndáiríre??? An bhfuiltear ag iarraidh go dtiocfaidh tuismitheoirí ag cruinniú i lár na seachtaine ar an taobh eile de Chathair na Gaillimhe…. théis lá oibre… ranganna eischuraclaim/ cluichí peile/iománaíochta rcl….agus
    An féidir a rá go hionraic go mbeifí ag súil go bhfuiltear ag spreagadh tuismitheoirí as Carna, Ros Muc, Camas, Leitir Mealláin, Leitir Móir, An Cheathrú Rua, Ros an Mhíl, Cois Fharraige chun eolas a chur ar an tumoideachas agus ansin an cruinniú eolais a reáchtáil taobh THOIR de Chathair na Gaillimhe? Uair go leith soir ag an Clayton, fad an chruinnithe agus uair go leith abhaile…..
    Tuilleadh den chur i gcéill go bhfuiltear i ndáiríre ag iarraidh a dhul i bhfeidhm go dearfach ar thuismitheoirí/múinteoirí/ pobal na scoile. Bheadh suim agam freastal ar chruinniú mar seo ach bheadh sé dodhéanta mar gheall ar dhualgais oibre/clainne..is oth liom a rá.. agus ní dóigh liom gur mé an t-aon duine…. ní amháin na daoine go léir nach bhfuil focal cloiste acu faoin bpolasaí oideachais go fóill…. níl smid tagtha ó na scoileanna.. níl an t-ábhar seo á phlé sa bpobal…..is ar tuairisc.ie an chéad áit a chuala mé caint ar an gcruinniú seo…. an bhfuil tuismitheoirí/scoileanna na Gaeltachta ar an eolas???