Seisear ‘Réaltaí Óga’ ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh le duine den seisear a roghnú don ghradam a bhronnfar in Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh ar an 13 Bealtaine

Fiona Ní Fhlaithearta cropped
Fiona Ní Fhlaithearta, láithreoir de chuid TG4, atá ar dhuine den seisear atá ainmnithe mar ‘Réaltaí Óga’ 2016

Tá seisear ‘Réaltaí Óga’ ainmnithe ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Ba é Cillian de Búrca ó Raidió Rí Rá a bhuaigh an gradam anuraidh, an chéad uair a bronnadh a leithéid.

Seisear a bheidh san iomaíocht i mbliana: Stiofán Ó Fearaíl ón mbanna ceoil ‘Seo Linn’; Fiona Ní Fhlaithearta, láithreoir de chuid TG4, Mícheál Ó Ciaraidh, láithreoir de chuid Cúla 4; Edel Ní Churraoin, clár-reachtaire Raidió Fáilte, Lisa Madden, iriseoir neamhspleách agus Sinéad Ní Uallacháin, láithreoir ó RTÉ RnaG.

Beidh deis ag an bpobal arís i mbliana vóta a chaitheamh le duine den seisear a roghnú don ghradam a bhronnfar in Óstán Bhóthar na Trá i nGaillimh ar an 13 Bealtaine.

Tá ceithre ainmniúchán faighte ag Tuairisc.ie do na Gradaim Chumarsáide.

Tá triúr de mheitheal iriseoirí an tsuímh seo ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’ agus tá Tuairisc.ie féin ainmnithe sa rannóg do ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’.

Is iad an triúr ó Tuairisc.ie atá ainmnithe don ghradam ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’ ná Maitiú Ó Coimín, Alex Hijmans agus Cathal Mac Coille.

Tá gearrliosta iomlán Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, a fógraíodh inniu, le feiceáil anseo.

Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “comhghairdeas ó chroí” le gach aon duine atá ainmnithe sna rannóga éagsúla.

Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas don sárobair atá ar bun in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus is ábhar ríméid dom sárchumas agus ardchaighdeán na n-aisteoirí, na n-iriseoirí, na láithreoirí agus an lucht déanta clár atá ar ghearrliosta na bliana seo,” a dúirt Ó Maolaodha.

Fág freagra ar 'Seisear ‘Réaltaí Óga’ ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais'