Seirbhísí stáit le cur ar fáil i 10 dteanga i Nua-Eabhrac

Níl Béarla maith ag beagnach an ceathrú cuid de mhuintir Nua-Eabhrac agus táthar ag súil go gcabhróidh an dlí nua leis na daoine sin teacht ar sheirbhísí ón stát

Seirbhísí stáit le cur ar fáil i 10 dteanga i Nua-Eabhrac

Tá dlí nua tugtha isteach i Nua-Eabhrac ina gcuirtear dualgas ar údaráis an stáit seirbhísí a chur ar fáil i roinnt mhaith teangacha seachas an Béarla.

Níl Béarla maith ag beagnach an ceathrú cuid de mhuintir Nua-Eabhrac, dar le heolas ón Oifig Gnóthaí Inimirce, agus táthar ag súil go gcabhróidh an dlí nua leis na daoine sin teacht ar sheirbhísí ón stát.

Tháinig ‘Dlí Áitiúil 30’ i bhfeidhm ar an 1 Iúil agus leagtar dualgais ann ar údaráis an stáit seirbhísí poiblí agus seirbhísí éigeandála a chur ar fáil i gceithre theanga nua — an Araibis, an Fhraincis, an Pholainnis agus an Urdúis.

Fágann sé sin go gcuirtear seirbhísí ar fáil i ndeich dteanga anois, an ceithre cinn thuasluaite agus an Spáinnis, an tSínis, an Rúisis, an Chóiréis, an Bheangáilis, agus Críol Háítí.

Meastar go mbeidh tuairim is 100,000 duine eile in ann teacht anois ar sheirbhísí ina dteanga féin ó údaráis stáit Nua-Eabhrac mar thoradh ar an dlí nua.

Roghnaíodh na teangacha a gcuirtear na seirbhísí ar fáil iontu bunaithe ar eolas a fhaightear ó dhaonáireamh Mheiriceá agus eolas a thugann Roinn Oideachais na Stát Aontaithe faoi úsáid teangacha i scoileanna. Is iad na deich dteanga thuasluaite na deich dteanga is mó a labhraítear i Nua-Eabhrac taobh amuigh den Bhéarla.

Dúirt Méara Nua-Eabhrac, Bill de Blasio, go mbeidh na seirbhísí nua ina gcúnamh mór d’inimircigh nua atá ag teacht chuig an gcathair, agus go leanfar chomh maith leis an tacaíocht a thugtar do na hinimircigh sin le feabhas a chur ar a gcuid Béarla.

Meastar go mbeidh 86% den phobal nach bhfuil an Béarla chomh maith sin acu in ann teacht ar cháipéisí agus seirbhísí eile ina dteanga féin anois, ardú ó 81% sular tugadh an dlí seo isteach.

Leagtar dualgais freisin sa reachtaíocht nua ar na húdaráis áitiúla seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil agus comharthaíocht ilteangach a chrochadh in oifigí de chuid an stáit.

Ní hé seo an chéad uair ag de Blasio dlí a thabhairt isteach a chuireann le hilteangachas na cathrach. Anuraidh, tugadh dlí isteach a chuireann dualgais ar na húdaráis i gcathair Nua-Eabhrac leaganacha dá suíomhanna idirlín a chur ar fáil sna sé theanga is mó a labhraítear sa chathair.

Tá dlíthe a bhaineann leis an ilteangachas á dtabhairt isteach i stáit eile i Meiriceá freisin, leithéidí North Carolina, California, Los Angeles agus áiteanna eile a bhfuil cuid mhaith den phobal agus gan Béarla maith acu.

Fág freagra ar 'Seirbhísí stáit le cur ar fáil i 10 dteanga i Nua-Eabhrac'