Seirbhís farantóireachta go hÁrainn le bheith ann ag a 5 tráthnóna – Kyne

Cuireadh deireadh leis an tseirbhís farantóireachta ag Island Ferries Teo go hInis Mór Dé Céadaoin mar gheall ar aighneas faoi tháille in aghaidh an phaisinéara a ghearrtar ar an gcomhlacht

Seirbhís farantóireachta go hÁrainn le bheith ann ag a 5 tráthnóna – Kyne

Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne agus Island Ferries Teo go mbeidh seirbhís farantóireachta ann idir Cill Rónáin agus Ros an Mhíl ann arís ón 5 a chlog tráthnóna.

D’fhógair an tAire Stáit Kyne ar a chuntas Twitter, i mBéarla, tráthnóna go mbeidh an tseirbhís, ar tháinig deireadh léi Dé Céadaoin seo caite, ann arís inniu.

Cuireadh deireadh leis an tseirbhís farantóireachta ag Island Ferries Teo Dé Céadaoin mar gheall ar aighneas faoi tháille in aghaidh an phaisinéara a ghearrtar ar an gcomhlacht.

Bhí cainteanna ar siúl inniu idir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly agus Island Ferries Teo féachaint an féidir teacht ar réiteach ar an aighneas seanbhunaithe. Ba é toradh an chruinnithe sin ná go mbeidh seirbhís farantóireachta á cur ar fáil ag Island Ferries Teo go dtí an 4 Eanáir 2017. 

Idir an dá linn, déanfar iarracht eile teacht ar réiteach ar an aighneas. Ag labhairt dó le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit Kyne go bhfuil sé sásta go mbeidh an tseirbhís ar fáil go dtí an 4 Eanáir ach go bhfuil “níos mó oibre” le déanamh chun teacht ar réiteach fadtéarmach ar an aighneas.

D’aontaigh comhairleoirí contae na Gaillimhe tráthnóna inné go n-iarrfaí ar Roinn an Taoisigh, ar Roinn na Gaeltachta agus ar an Roinn Iompair go gcuirfí seirbhís éigeandála farantóireachta ar bun do mhuintir an oileáin. Iarradh chomh maith ar Island Ferries Teo tús a chur in athuair lena seirbhís ar cuireadh stop léi inné.

Dúirt an Tánaiste Frances Fitzgerald sa Dáil gur “údar mór díomá” é deireadh a bheith curtha leis an tseirbhís. Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios tráthnóna inné go raibh iarracht ar bun bád farantóireachta eile a aimsiú.

Shocraigh Island Ferries deireadh a chur leis an tseirbhís mar gheall ar aighneas faoin táille 80 cent in aghaidh an phaisinéara a ghearrtar ar an gcomhlacht.

Táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara a ghearrtaí go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh fodhlí.

Anuraidh, thug Island Ferries Teo dhá chás Ard-Chúirte i gcoinne Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí mar gheall ar na táillí seo.

Rialaíodh san achomharc sa Chúirte Uachtarach i mí na Nollag an bhliain seo caite go raibh sé de cheart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe táille €0.80 a ghearradh ag Cuan Chill Rónáin, ach nach raibh sé de cheart ag an Roinn Cumarsáide táille €1.20 a ghearradh ag Cuan Ros an Mhíl.

De réir an bhreithiúnais, bhí táille €1.20 in aghaidh an duine ‘ró-ard’, agus dúradh nár cuireadh san áireamh ‘an conradh sóisialta’ a bhí i gceist le muintir Oileáin Árann a iompar ó na hoileáin go dtí an mhíntír agus ar ais arís.

Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeidh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Dúirt Island Ferries Teo go mbeadh siad sásta anois glacadh le táillí in aghaidh an phaisinéara, a fhad is a laghdófaí an táille sin ó €0.80 an duine go €0.40 an duine. Bheadh an comhlacht sásta táillí atá le híoc ó 2012 a aisíoc ag an ráta sin freisin – rud a d’fhágfadh go mbeadh tuairim is €50,000 in aghaidh na bliana le híoc acu, dar le hurlabhraí an chomhlachta.

Fág freagra ar 'Seirbhís farantóireachta go hÁrainn le bheith ann ag a 5 tráthnóna – Kyne'