Seirbhís farantóireachta ‘fhadtéarmach’ do phobal Árann geallta ‘roimh gheimhreadh 2017’ — An Roinn

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta gur éirigh ‘go maith’ leis an ‘bpróiseas malartaithe tuairimí’ a bhí ar siúl idir Island Ferries Teo agus páirtithe leasmhara eile le tamall anuas

Seirbhís farantóireachta ‘fhadtéarmach’ do phobal Árann geallta ‘roimh gheimhreadh 2017’ — An Roinn

Tá sé mar sprioc ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta go mbeadh socruithe farantóireachta fadtéarmacha i bhfeidhm le freastal ar phobal Árann roimh gheimhreadh na bliana seo.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc.ie gur éirigh “go maith” leis an “bpróiseas malartaithe tuairimí” a bhí ar siúl idir Island Ferries Teo agus páirtithe leasmhara eile le tamall anuas.

D’fhógair an tAire Stáit Seán Kyne le deireanas go bhfuil a Roinn ag lorg léirithe spéise ó chomhlachtaí a bheadh ábalta seirbhís farantóireachta paisinéirí a chur ar fáil ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin do thréimhse 10 seachtaine idir an 16 Eanáir agus an 31 Márta.

“Is próiseas éigeandála atá i gceist chun a chinntiú go mbeidh seirbhís farantóireachta rialta ag pobal Árann sa ghearrthéarma. Sa chomhthéacs sin, beidh an Roinn ag déanamh gach iarracht an próiseas a chríochnú taobh istigh den sprioc atá leagtha síos,” a dúirt an t-urlabhraí.

Chuir Island Ferries Teo moltaí nua faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an aighneas faoin tseirbhís farantóireachta an mhí seo caite.

Moladh gur €0.40 an paisinéir a d’íocfadh an comhlacht sna haisíocaíochtaí atá dlite ag an gComhairle Contae don tréimhse 2012-2016 agus gur €0.55 in aghaidh an phaisinéara a íocfar feasta.

Mhaígh Island Ferries Teo go bhfágfadh an socrú seo go mbeadh an comhlacht in ann €300,000 i dtáillí a aisíoc leis an gComhairle chomh maith le costais dlíodóirí €500,000, a bhain le cásanna cúirte faoin aighneas, a ghlanadh.

€0.80 an paisinéir an táille bhí á lorg ag an gComhairle, i gcás na n-aisíocaíochtaí agus na dtáillí a bheidh le híoc amach anseo.

Chuir Island Ferries Teo a seirbhís farantóireachta go hInis Mór, Árainn, ar ceal ar feadh aon lae amháin ag tús na míosa seo caite, agus iad ag éileamh go laghdófaí an táille in aghaidh an phaisinéara ó 80 cent go 40 cent.

Fág freagra ar 'Seirbhís farantóireachta ‘fhadtéarmach’ do phobal Árann geallta ‘roimh gheimhreadh 2017’ — An Roinn'