Séideadh feadóige beartaithe agat? 10 gcomhairle duit…

Focal comhairle do sceithirí ar mian leo rún a scaoileadh, agus teacht slán dá ainneoin…

File photo Former minister for justice Alan Shatter has said it was perfectly right for garda whistleblower Maurice McCabe to raise issues of public concern. However, in an interview on RTE's Today with Sean O Rourke, Mr Shatter said:

Tá ardmheas ag gach duine ar sceithirí (‘whistleblowers‘) ar ndóigh. Is é sin le rá tá ardmheas ag gach duine orthu ach amháin a gcomrádaithe a mbainisteoirí agus gach duine ar fearr leo go gcoimeádfaí drochscéala faoi rún.

Tá an Sáirsint Maurice McCabe agus sceithirí i gcoitinne molta go minic i nDáil Éireann, agus cuireadh cosaint reachtúil ar fáil dóibh san Acht Um Chosaint Sonraí 2014.

Tá an colún seo bunaithe ar chomhairle a thug dlíodóirí éagsúla, agus ar an dlí thuasluaite, ach ní saineolaí sna cúrsaí sin é an scríbhneoir seo. Seo a leanas deich n-ábhar machnaimh do léitheoir ar bith atá ag smaoineamh ar fheadóg a shéideadh.

1. Más eol duit go bhfuil an dlí á shárú, nó go bhfuil gníomhartha á ndéanamh atá neamhdhleathach nó míchothrom, an dóigh leat (a) gur féidir agus (b) gur leor faisnéis a chur faoi bhráid duine sinsearach san eagraíocht ina bhfuil tú ag obair? Uaireanta, bíonn an dá straitéis riachtanach ag an am céanna: do chás a chur faoi bhráid bhainisteora, agus faoi bhráid duine éigin lasmuigh den eagraíocht, ar fhaitíos na bhfaitíos.

2. Aimsigh comhairleoir/urlabhraí stuama. B’fhéidir go mbeadh an duine céanna ábalta an dá dhualgas a chomhlíonadh, ach sa chás sin beidh comhairleoir eile riachtanach, ar fhaitíos na bhfaitíos. Má bhíonn rath ar do chás, b’fhéidir nach mbeidh ar an urlabhraí a roghnóidh tú labhairt ar do shon in aon chor, ach b’fhearr go mór go mbeadh sé/sí ullamh más gá.

3. Ná scaoil rún ar bith agus ná déan rud ar bith faoin ábhar atá ag cur imní ort gan dul i gcomhairle le dlíodóir i dtosach. Beidh a thuairim de dhíth ort maidir leis an dlí ginearálta, do chonradh fostaíochta, polasaithe/rialacha na heagraíochta lena mbaineann tú, agus na dualgais reachtúla atá ort, go háirithe más Garda tú.

4. Sara bhfágfaimid cúrsaí dlí i leataobh, fiafraigh díot féin an bhfuil dualgas gairmiúil ort faisnéis a thabhairt? Mar shampla, tá dualgais dá leithéid ar dhlíodóirí agus ar chuntasóirí.

5. Coinnigh nótaí agus déan taifead ar gach rud a dhéanann tú. San áireamh: comhráite, glaonna, cruinnithe agus gach comhfhreagras a fhaigheann tú agus a sheolann tú. Déan cuntas cruinn chomh maith ar na drochghníomhartha atá feicthe nó tugtha faoi deara agat. Beidh faisnéis iomlán riachtanach, ionas go mbeidh tú ábalta ceisteanna mar seo a fhreagairt. Cén áit? Cén uair? Cé a rinne? Cé a bhí i láthair? Céard a rinne tusa? Cén fhianaise atá agat?

6. Cuir ríomhphost chugat féin faoi gach ábhar atá tábhachtach, ionas go mbeidh fianaise agat faoin dáta ar ar seoladh é.

7. Ná déan dóigh de do bharúil faoi fhreagracht duine ar bith eile san eagraíocht, ach déan cur síos iomlán ar an bhfianaise atá agat faoi mhí-iompar nó faoi dhroch-chleachtais.

8. Is fiú breathnú ar líonláithreán Transparency Ireland (a chuidigh leis an Sáirsint McCabe ó thús) ag www.transparency.ie má tá séideadh feadóige beartaithe agat. Is féidir comhairle faoi rún a fháil ón eagraíocht ach glaoch ar 1800 844866.

9. Fiafraigh díot féin an bhfuil tú chomh hamhrasach sin faoi dhearcadh d’fhostóra ar mhí-iompar go mb’fhearr leat do chás a chur faoi bhráid Teachta Dála, nó duine freagrach eile atá lasmuigh den eagraíocht? Arís, faigh comhairle chiallmhar faoi rún sula dtéann tú i mbun teagmhála mar seo.

10*. Más Garda tú, ceannaigh gléas taifeadta láithreach ionas go mbeidh tú ábalta fianaise bhréagach faoi chomhrá le Gardaí sinsearacha a shéanadh ar ball, más gá.

* Is tuairim an scríbhneora seachas tuairim dlíodóra a spreag an chomhairle  seo tar éis ar tharla i gcás Maurice McCabe,

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

 

 

Fág freagra ar 'Séideadh feadóige beartaithe agat? 10 gcomhairle duit…'