Seaward agus Lee chun tosaigh i mBeirlín; áthas ar Ciobanu agus Clohisey

Roimh an rás, measadh go mbeadh Sergiu Ciobanu, Mick Clohisey agus Paul Pollock ar an gcéad triúr Éireannach a thrasnódh an líne i maratón Bheirlín agus go mbainfidís áit amach ar fhoireann Oilimpeach na hÉireann

2014 European Athletics Championships, Letzigrund Stadium, Zurich, Switzerland 17/8/2014 Ireland's Kevin Seaward on his way to finishing 28th in the Men's Marathon Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Kevin Seaward (ar chlé) ag rith i Maratón na bhFear anuraidh 
Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cé go raibh an-rás ag Sergiu Ciobanu, Mick Clohisey agus Paul Pollock agus go bhfuair siad an t-am cáilithe – faoi bhun 2:17.00 – ba é Kevin Seaward as St Malachy’s AC i mBéal Feirste a tháinig aniar aduaidh ar gach duine, é féin san áireamh, ag rith 2:14:52. Dúirt sé nár cheap sé gurbh fhéidir leis 2:15 a shárú. Tá súil anois aige go roghnóidh Athletics Ireland é do na Cluichí Oilimpeacha i Rio i 2016.

I maratón na mban, sháraigh Lizzie Lee as Leevale AC i gCorcaigh a curadh pearsanta go compordach, ag baint am dochreidte amach – 2:32:51 – an cúigiú am is fearr a rith bean as Éirinn riamh. Dúirt sí tar éis an rása go raibh bród an domhain uirthi agus go bhfuil sí ag tnúth go mór le háit a bhaint amach i Rio. Ba iad an dá mhíle dheireanacha an rud is dúshlánaí dá ndearna sí riamh ina saol, dar léi.

Is dóigh go rachaidh Maria McCambridge agus Fionnuala Britton go dtí na Cluichí Oilimpeacha in éineacht léi agus, mar sin, níl aon amhras go mbeidh foireann láidir againn ann. Déanfaidh Britton agus McCambridge iarracht an t-am cáilithe a bhaint amach níos déanaí sa bhliain.

I rás na bhfear, bhí bród an domhain ar Sergiu Ciobanu (Clonliffe AC: 2:15:14) agus Mick Clohisey (Raheny AC: 2:15:35) freisin. Dúirt Ciobanu go raibh sé ríshásta lena churadh pearsanta agus go mbeadh gliondar air bheith ar fhoireann na hÉireann i Rio. Níor bronnadh saoránacht na tíre ar Ciobanu, ar as an Moldáiv ó dhúchas é, go dtí dhá mhí ó shin. Bhí rás corraitheach idir Clohisey agus Paul Pollock – ní raibh ach trí shoicind eatarthu sa deireadh.

Chun tosaigh sa rás, ba é Eliud Kipchoge as an gCéinia, a bhuaigh rás na bhfear i 2:04:01, agus a chomhshaoránach, Gladys Cherono, a bhuaigh rás na mban i 2:19:25.

Maidir le foireann na hÉireann, níl aon rud dearbhaithe go fóill, áfach. Níor éirigh le Mark Kenneally an túslíne a shroicheadh agus tá Thomas Frazer fós gortaithe. Anuas air sin, d’fhéadfadh Pollock nó aon duine eile dár scoth-lúthchleasaithe am Clohisey a shárú i maratón eile. Mar sin féin, is beag seans atá acu idir seo agus Meitheamh 2016. Is é an maratón i mBeirlín an ceann is cothroime agus is gasta agus bhí na cúinsí reatha inniu beagnach foirfe.

Mar fhocal scoir, ba chóir dúinn bheith bródúil as caighdeán an mharatóin in Éirinn faoi láthair. D’éirigh le seachtar rith faoi bhun 2:20 inniu: chomh maith le Seaward, Ciobanu, Clohisey agus Pollock, bhí rás iontach ag Gary Thornton (2:17:19), Seán Hehir (2:17:48) agus Mark Kirwan (2:19:30). Chomh maith leis na fir sin, tá triúr ban iontach againn ag súil le rás mór i Rio.

Idir an dá linn, tar amach chuig Maratón Bhaile Átha Cliath chun sárthaispeáintais iontacha eile a fheiceáil Dé Luain, an 26 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Seaward agus Lee chun tosaigh i mBeirlín; áthas ar Ciobanu agus Clohisey'