Seasmhacht i dtír scoilte – tuairisc ón mBrasaíl

D’éirigh leis an sóisialach Dilma Rousseff an dara téarma a bhaint amach sa Bhrasaíl. Ach beidh sí i gceannas ar thír scoilte

dilma_pt_reele
Pictiúr: Fábio Rodrigues Pozzebom / Agência Brasil.

Inné, fuair uachtarán reatha na Brasaíle, an sóisialach Dilma Rousseff, an lámh in uachtar ar a céile comhraic, an nua-liobrálach Aécio Neves, sa toghchán uachtaránachta is fíochmhaire a troideadh riamh i stair na tíre.

Leis sin, tá sé léirithe ag muintir na Brasaíle gurb éard atá uathu ná seasmhacht – ach beidh Dilma Rousseff i gceannas ar thír scoilte.

Is é an chaoi go bhfuil páirtí Rousseff, Páirtí na nOibrithe (PT), i gceannas ar an mBrasaíl le dhá bhliain déag cheana féin. Agus an dara téarma bainte amach ag Rousseff, beidh an páirtí i gcumhacht ar feadh ceithre bliana eile, go dtí an bhliain 2018.

Cé gur léirigh móramh na vótóirí inné go bhfuil siad breá sásta le greim na heite clé ar pholaitíocht na tíre, bhí casadh ar dheis ag teastáil ó na scórtha milliún eile.

Sa deireadh, ní raibh ach beagáinín le cois trí faoin gcéad – trí mhilliún go leith vóta – idir Rousseff agus an nua-liobrálach Aécio Neves.

Léirigh toradh an toghcháin na difríochtaí sóisialta, cultúrtha agus polaitiúla sa Bhrasaíl go seoigh.

Go deimhin, léiríonn sracfhéachaint ar mhapa na dtorthaí go bhfuil an tír scoilte: vótáil an leath ó dheas agus roinnt de na stáit bheaga in iarthar na tíre do Aécio Neves, ach bhí an bua ag Dilma Rousseff san oirthuaisceart agus sa chuid is mó den tuaisceart, réigiúin nach bhfuil chomh forbartha céanna ó thaobh na heacnamaíochta de.

Go deimhin, breathnaíodh ar Neves mar iarrthóir lucht an rachmais agus ar Rousseff mar rogha na mbocht.

Ach suntasach go leor, bhí Rousseff rud beag chun cinn ar Neves freisin sna stáit mhóra Minas Gerais agus Rio de Janeiro, ceantair ina bhfuil meánaicme láidir ann.

I bhfianaise na deighilte seo i sochaí na tíre idir saibhir agus daibhir, agus go deimhin i bhfianaise na n-oll-léirsithe a tharla sa tír bliain go leith ó shin, níorbh aon ionadh é gurbh é an dara rud a rinne Rousseff aréir ina chéad aitheasc mar uachtarán atofa ná iarraidh ar mhuintir na tíre seasamh le chéile.

“Tá mise oscailte do phlé le gach earnáil agus le gach cuid den tsochaí. Agus geallaím daoibh go bhfuil athchóiriú polaitíochta ag barr mo chlár oibre.”

Iarradh ar mhuintir na tíre seasamh le chéile an dara rud a rinne Rousseff agus í ag labhairt leis an náisiún ag preasócáid san ardchathair Brasília.

An chéad rud a rinne sí ná buíochas a ghabháil leis an duine a bhí ina sheasamh taobh léi.

Ba é sin an t-iaruachtarán Lula, a bhí i gceannas ar an mBrasaíl idir 2003 agus 2010.

Measann cuid mhór de mhuintir na tíre go seasfaidh Lula don uachtaránacht arís i 2018, nuair a bheidh a dara téarma istigh ag Dilma Rousseff.

Lula eu te amo!’ a bhéic an slua a bhí i láthair – ‘Lula tá grá agam duit’, seachas ‘Dilma, tá grá agam duit.’

Tuar don todhchaí.

Fág freagra ar 'Seasmhacht i dtír scoilte – tuairisc ón mBrasaíl'