Seasfaidh a mbua ar an gClár le Luimneach

Rachaidh sé dian ar Luimneach Tiobrad Árainn a bhualadh don tríú bliain as a chéile agus dar lenár gcolúnaí go bhfuil an mianach iontu an beart a dhéanamh

Patrick Maher (Tiobraid Árann) faoi bhrú ag Tom Condon, Richie McCarthy and Seamus Hickey i gcluiche ceannais Mumhan anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Patrick Maher (Tiobraid Árann) faoi bhrú ag Tom Condon, Richie McCarthy and Seamus Hickey i gcluiche ceannais na Mumhan anuraidh. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Casfaidh Luimneach ar Thiobrad Áriann i gcraobh na Mumhan amárach don cheathrú bliain as a chéile.Tá trí cinn de na cluichí sin buaite ag Luimneach agus an buntáiste acu i mbliana  go bhfuil cluiche craoibheimeartha  acu cúpla seachtain ó shin. Ach an leor san dóibh?

Tá cuid maith daoine den tuairim gurb iad Tiobrad Árainn a thabharfaidh Corn Liam Mhic Cárthaigh leo i mbliana agus an tuairimíocht sin bunaithe ar neart an phainéil acu. N’fheadar an aontaím leis an loighic sin. I bhfianaise chaighdeán na himeartha acu sna cluichí sraithe, bheadh drogall orm mo chúpla scilling a chur orthu.

Ní hé sin le rá nach gceapaim go mbeidh siad san iomaíocht do dhuais mhór na bliana ach táim ag fanacht fós ar chruthúnas ar pháirc na himearta féin gurab amhlaidh atá. 

Is cuimhin liom bheith thíos i nDúrlas Éile oíche bhreá fómhair i 2010 agus na Tiobradaigh ag tabhairt léasadh ceart don Ghaillimh i gcluiche faoi 21. Ardthaispéantas foirne a bhí ann ach sheas triúir de mhuintir Uí Mheachair – Pádraig, Breandán agus Bonner – amach an oíche chéanna.

Seachtain roimhe sin, bhí boinn sinsir buaite i gceanncheathrú CLG. Cheapas an oíche sin go raibh ré ghlórmhar nua i ndán d’iománaithe Thiobrad Árainn agus go mbeidís in uachtar ar feadh cúpla bliain ar a laghad. Faraor, táimid ag feitheamh fós dóibh bláthu. Mar is eol dúinn, níl in aon ní ach seal agus is amhlaidh an scéal i gcás ghrúpa imreoirí. Tá fhios agam go bhfuil roinnt ógánaigh nua acu i mbliana agus seans gur chun leas na foirne é sin ach tá an rud céanna á rá gach bliain ó 2008.

Níl aon dabht ach go bhfuil an-scil ag an bhfoireann seo agus nach raibh eatarthu agus an duais órga anuraidh ach gur bhuail iarracht amháin ar scór an posta. Ag an leibhéal seo, áfach, is beag trua a bhíonn ag daoine don fhoireann a chaileann.

Pé scéal é, seo leo ar thús aistir arís amárach agus Éamonn Ó Sé ag tabhairt aghaidh ar a sheasúr deireanach. Tá an-mheas agam ar a chur chuige. Ceapaim go gcreideann sé sna himreoirí atá aige agus go dtugann sé cead a gcinn dóibh, ach go dtí seo níl an beart déanta acu.

Céard faoi Luimneach? Bhuel an chéad rud ná go bhfuil siad ag feidhmiú i roinn 1B na sraithe ón ath-cóiriú deireanach ar an gcóras i 2011. Agus cé gur míbhuntáiste é sin, ní aithneofá orthu é sa taispéantais croiúila iomaíocha atá tugtha uathu ina gcluichí craoibhe ó shin i leith. Amárach rachaidh siad chun páirce agus iad lán de mhuinín tar éis dóibh bua iontach a bheith acu ar an gClár. Tá cuid mhaith ceannairí acu agus d’imir Cian Lynch óg chomh maith sin ina chéad cluiche craoibhe an lá deireanach go mba dhóigh leat gur seanfhondúir é.

Bhí David Breen agus Kevin Downes gortaithe go dtí le déanaí agus cuirfidh siad beirt go mór le láidreacht an phainéil an turas seo. Ní leor cúigear déag a thuilleadh chun craobh ma Mumhan a bhuachan. Tá tábhacht an phainéil feicthe arís againn le déanaí i gcás iománaithe na Déise. Agus ceathrú uair fágtha i gcoinne Chorcaí coicís ó shin thug bainisteoir na Déise isteach Derek McGrath, Shane Bennett, Tom Devine, Patrick Curran agus Eddie Barrett isteach agus cad é mar dhifríocht a dheineadar. 

Rachaidh sé dian ar Luimneach Tiobrad Árainn a bhualadh don triú bliain as a chéile ach, le buntáiste an chluiche chraoibhe sin i gcoinne an Chláir acu, is dóigh liom go ndéanfaidh siad an beart.  

Fág freagra ar 'Seasfaidh a mbua ar an gClár le Luimneach'