Seasfaidh a dtaithí (agus a réalta) le Cill Mocheallóg agus Seamróga Baile hÉil

Is iad Cill Mocheallóg agus Seamróga Baile hÉil rogha John Allen i gcuichí móra iománaíochta na deireadh seachtaine seo

TJ Reid and Conor Walsh celebrate the final whistle 16/11/2014
TJ Reid agus Conor Walsh

Beidh cuid mhaith de lucht leanúna na hiomána ag taisteal chuig an Tulach Mór nó an Muileann gCearr tráthnóna, ag súil le taispéantais iontach iomána ó scoth na n-imreoirí club i gcluichí leathcheannais sinsir iomána na hÉireann.

Fanfaidh cuid mhaith eile sa bhaile, na cosa suas acu ag feáchaint ar an aicsean ar an scaileán teilifíse.

Sa chéad chluiche, casfaidh Port an Pheire ó leithnis na hAirde i gContae an Dúin ar Chill Moceallóg, Luimneach.
Tugann imreoirí sinsir Luimní Gavin O’ Mahony, Paudie O’ Brien agus Graham Mulcahy an-cheannasaíocht do leads Luimnigh.

Faraor, ar an ocáid seo, ní bheidh O’Mahony ar pháirc na himeartha de thoradh an chárta dheirg a fuair sé i gcluiche craoibhe na Mumhan.

Dar ndóigh, thug Cill Mocheallóg leo craobh na Mumhan scór blianta ó shin ach theip orthu Craobh Éireann a chur leis. B’fhéidir go mbainfidh siad ceann scríbe amach i mbliana.

Seo an chéad uair d’fhir an Dúin bheith ag imirt i gcluiche leathcheannais na Éireann agus is dócha go mbeidh sé thar a bheith deacair dóibh i gcoinne foireann a bhfuil an oiread taithí acu is atá ag buachaillí Luimnigh.

Mar sin féin, ní haon dóithín aon fhoireann go bhfuil an seanfhondúir Paul Braniff i lár na páirce acu agus laoch na na himeartha ó chluiche leathcheannais Uladh, Eoghan Sands, sa líne leatosach. Bhí an líne leathchúil acu ar fheabhas sa chluiche ceannais sin chomh maith.

Faraor, caithfidh siad bheith níos fearr fós inniu i gcoinne tosaithe a chuir 1-32 ar chlár na scór (am breise san áireamh) i gcluiche ceannais na Mumhan.

Sa dara cluiche beidh seampíní na Gaillimhe, Gort Inse Guaire, ag tabhairt aghaidh orthu siúd is mó a bhfuil saineolas acu ar an gcomórtas seo, Seamróga Baile hÉil, Cill Chainnigh.

Dar ndóigh, beidh Rí na n-iománaithe Anraí 1 mar aon le Michael agus Colin Fennelly,  Joey Holden , TJ Reid agus James “Cha” FitzPatrick ag dul chun páirce do Bhaile hÉil.

Sin cnámhdroma foirne a bhuafadh aon chluiche. Ach baineadh geit astu i gcluiche ceannais Laighean nuair a thug Cill Chormaic – Cill Achaidh iad chuig am breise.

Tá sé deacair go leor Gort a mheas ach caithfidh go bhfuil mianach iontu i ndiaidh a mbua stairiúil ar sheampíní na hÉireann, Portumna, i gcluiche ceannais na Gaillimhe coicís roimh Nollaig. Thugadar leo an craobh an chontae freisin i 2011, mar sin tá taithí acu agus bheinn ag ceapadh nach ngéillfidh siad róbhog.

Nuair a bhíos ag scríobh mo phíosa do Tuairisc.ie roimh chluiche ceannais Chúige Laighean, cheapas go mbuafadh na Seamróga go héasca. Bhí an tuairim sin bunaithe go hiomlán nach mór ar na réalta ar fad a bhí ag Baile hÉil.

Chun an fhírinne a insint, bhí an t-ádh leo nach raibh an radar ag feidhmiú i gceart do Chiaran Slevin agus é ag tógáil na bpocanna saora do Chill Chormaic.

Ach táim fós ag tacú le buachaillí Chill Chainnigh. Tá na réalta sin acu agus má bhíonn rith an ráis ag fiú leath acu, buafaidh siad. Má chruthaíonn níos mó ná leath acu go maith, buafaidh siad go héasca.

Focal Scoir: Bhíos thíos sa Rinn seachtain ó shin ag bronnadh bonn ar fhoirne buacacha CLG na Gaeltachta. Bhí an ócáid ar siúl i Halla Pobail na Rinne agus imreoirí iomána fé 21 agus peileadóirí na mban fé 18 an tSean Phobail ag fáil na ngradam. Cad é mar éacht é ag pobal iontach na Déise go bhfuil an oiread sin rath ar an nGaeltacht bheag bheo bhríomhar seo. Molaim go mór iad

Fág freagra ar 'Seasfaidh a dtaithí (agus a réalta) le Cill Mocheallóg agus Seamróga Baile hÉil'