‘Seasaimis suas do chearta daonna agus fágaimis dlí an ghinmhillte mar atá’

Tá sé an-tábhachtach cloí i gcónaí leis na fíricí agus sinn ag plé ceist an ghinmhillte, a deir ball de The Life Institute

bunreacht Constitution

Cloistear mórán cainte i láthair na huaire ó roinnt de na meáin chumarsáide agus roinnt dár bpolaiteoirí faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht, faoi aisghairm an leasaithe seo is na cearta daonna a bhaineann lena aisghairm. Ach céard atá i gceist leis an leasú seo? Cad í an fhírinne faoin scéal seo? Agus an rud is tábhachtaí, an ag cur nó ag baint de chearta daonna a bheadh lucht na haisghairme dá n-éireodh leo?

Bunaithe ar loighic agus eolaíocht aithníonn an Leasú seo go bhfuil dhá bheatha i gceist le gach toircheas, beatha na máthar is beatha an linbh, is gur chóir an dhá bheatha seo a chosaint.

Is é an toradh dearfach is mó a bhaineann leis an leasú áirithe seo agus lenár ndlíthe i gcoinne an ghinmhillte ná an líon daoine atá beo in Éirinn mar gheall orthu. Meastar go bhfuil suas le 250,000 duine breise in ár measc mar thoradh ar an leasú. Is leor an méid sin le Páirc an Chrócaigh a líonadh faoi thrí. Cairde, comhghleacaithe, comharsana, baill chlainne… Nár chóir dúinn mar thír a bheith bródúil as seo agus é a cheiliúradh?

Ní hamhlaidh an scéal i dtíortha eile ina bhfuil ginmhilleadh dleathach. Tógaimis an Bhreatain mar shampla, tír inar ceadaíodh an ginmhilleadh i 1967. Sa tír sin meastar go ndéantar ginmhilleadh ar suas le 200,000 leanbh gan bhreith gach bliain. Sin 20% de líon na leanbh a ghintear.

Déantar ginmhilleadh ar 90% de na leanaí gan bhreith a bhfuil Siondróm Down is míchumais eile orthu gach bliain. (Tá an t-eolas seo ar fad ar fáil ó Roinn Sláinte na Breataine).

Is é an seo an réimeas céanna ba mhaith le páirtí an Lucht Oibre a bheith i bhfeidhm anseo in Éirinn. Ba léir nár ghlac muintir na hÉireann leis seo san olltoghchán deireanach. Toghchán, dar ndóigh, inar chaill Páirtí an Lucht Oibre 80% dá dteachtaí Dála. Bhí polaiteoirí ón bpáirtí céanna, ar nós Alex White agus Aodhán Ó Ríordáin, i measc na dTeachtaí Dála sin a chaill a suíocháin. Ba iad seo an dream ba ghlóraí is ab fheiceálaí ó thaobh an ghinmhillte de le linn an olltoghcháin, iad ag maíomh gurbh ionann vóta do pháirtí an Lucht Oibre agus vóta do leasú ar an mbunreacht i dtaobh an ghinmhillte. Fuaireadar an freagra ó mhuintir na hÉireann.

Tá sé an-tábhachtach a bheith soiléir, fírinneach agus cloí i gcónaí leis na fíricí agus sinn ag plé ceist an ghinmhillte. Ceann de na fíricí sin ná go bhfuil Éire ar cheann de na tíortha is sábháilte ar domhan le leanbh a shaolú inti. De réir na Náisiún Aontaithe, tá an Ráta Básmhaireachta Máithreacha sa tír seo, is é sin an líon ban a fhaigheann bás le linn nó mar gheall ar an toircheas, i measc na rátaí is ísle sa domhan.

Ag éisteachtaí Oireachtais in 2013, dhearbhaigh cnáimhseoirí a thug fianaise ann na fíricí seo a leanas:

  • Faigheann mná atá ag iompar clainne gach cóir leighis atá ag teastáil uathu is níor chuir an cosc ar ghinmhilleadh isteach ar an gcóir sin riamh
  • Ní bhfuair oiread is bean amháin bás mar gheall ar an gcosc seo riamh
  • I gcásanna áirithe, faigheann an leanbh bás de thoradh cóireáil leighis na máthar ach ní hionann seo agus ginmhilleadh arbh é a phríomhchuspóir bás an linbh gan bhreith.

Ach cad a tharla i gcás Savita Halappanavar, mar sin? Ag tráth a báis, glacadh go forleathan leis gur éag sí mar nach raibh fáil aici ar ghinmhilleadh.  Cuireadh brú ollmhór, ó lucht tacaíochta an ghinmhillte is a gcairde, i gcuid de na meáin reachtaíocht a thabhairt isteach bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i dtaobh Chás X. Tháinig an reachtaíocht sin isteach in 2013 agus tá sé dleathach anois ginmhilleadh a cheadú suas go nóiméad na breithe, má chruthaítear go bhfuil beatha na máthar i mbaol, ag áireamh baol go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin. Rinneadh neamhaird iomlán ar fhianaise a chualathas le linn na n-éisteachtaí Oireachtais nach bhfuil gá riamh le ginmhilleadh chun beatha na máthar a shábháil agus nach leigheas é an ginmhilleadh ar bhaol an fhéinmharaithe.  Tháinig na fíricí is an fhírinne amach faoi chás Savita ar deireadh, ach faraor bhí an dochar déanta faoin am sin. De réir an fhiosrúcháin oifigiúil i mbás Savita tugadh an t-eolas seo don phobal.

  • Ba í an tseipsis nó nimhiú fola ba chúis lena bás
  • Chreid a foireann leighis go raibh sí ag cailliúint an linbh is bhíodar chun ligean leis an bpróiseas dul ar aghaidh go nádúrtha. Is gnáthchleachtas idirnáisiúnta é seo.
  • Dhearbhaigh a foireann leighis dá mb’eol dóibh go raibh a beatha i mbaol ón ionfhabhtú ina broinn go ndéanfaidís idirghabháil is go mbainfí foinse an ghalair. Bheadh bás an linbh mar thoradh air sin. Bhí cead i gcónaí ag dochtúirí na tíre amhlaidh a dhéanamh.
  • Ach i gcás Savita, de dheasca botúin, go háirithe i gcumarsáid inmheánach an ospidéil mháithreachais, bhásaigh an bhean bhocht.

Ní minic a chloisimid faoi mhná a fhaigheann bás de dheasca an ghinmhillte cé gur minic a tharlaíonn sé. I gceann de na cásanna seo, bhásaigh Aisha Cithira ó Bhaile Átha Cliath tar éis di ginmhilleadh a fháil i gclinic ginmhillte Marie Stopes i Londain in 2012. Chaill sí an méid sin fola de dheasca an ghinmhillte ‘sábháilte agus dleathach’ seo agus ba i gcúl tacsaí a fuair sí bás. Tá an fhoireann leighis a dhein an ginmhilleadh seo le dul ar a dtriail go luath. Cás scannalach amach is amach ach ina ainneoin sin, ní dhearna na meáin chumarsáide mórán tuairiscithe faoin mbean bhocht seo.

Ach ag deireadh an lae, cén fáth go bhfuil an méid sin cuir is cúitimh agus conspóide faoin gceist seo, ní hamháin sa tír seo ach ar fud na cruinne? Deir lucht tacaíochta an ghinmhillte nár cheart go mbeadh aon chonspóid faoi, nach bhfuil ann, dar leo, ach gnáthamh leighis simplí agus nár ceart go mbeadh dlíthe ag insint do mhná cad ba chóir dóibh a dhéanamh lena gcolainn féin. Ceart daonna bunúsach, dar leo. Dá mbeadh sé seo amhlaidh ní bheadh fadhb agam leis ach an oiread le haon duine stuama eile. Ach caithimid cloí i gcónaí leis an bhfírinne agus is í an fhírinne ná go bhfuil dhá bheatha i gcónaí i gceist. Baineann an gnáthamh leighis seo an bheatha den chréatúirín bocht sa bhroinn trína chorp a scriosadh is a mhilleadh. Sáraíonn ginmhilleadh an ceart daonna is bunúsaí dá bhfuil ann – an ceart chun na beatha. Uaireanta déanann sé scrios agus milleadh ar bheatha eile freisin mar a chonacthas i gcás Aishia Chithira. Ní hionadh go bhfuil ‘milleadh’ i gcroí ainm Gaeilge an ghnáthaimh uafásaigh seo.

Mar fhocal scoir a léitheoir, ná ligimis don ‘mhilleadh’ seo greim a fháil orainn is ar ár dtír is seasaimis suas d’fhíorchearta daonna is don fhírinne.