Séanta ag Feidhmeannas Stormont san Ard-Chúirt gur ‘cur i gcéill’ atá ar bun aige maidir lena dhualgais i leith na Gaeilge

Cuireadh tús inniu leis an gcás atá glactha ag Conradh na Gaeilge in aghaidh Fheidhmeannas Stormont faoin easpa dul chun cinn maidir leis na dualgais teanga a leagadh ar an bhFeidhmeannas os cionn deich mbliana ó shin

Séanta ag Feidhmeannas Stormont san Ard-Chúirt gur ‘cur i gcéill’ atá ar bun aige maidir lena dhualgais i leith na Gaeilge

Maíonn Feidhmeannas Stormont nach “cur i gcéill” atá ar bun aige maidir lena dhualgais i leith na Gaeilge agus go ndearnadh measúnú ceart, cáilíochtúil ar an gceist.

San Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu, cuireadh i leith an Fheidhmeannais go bhfuil neamhaird déanta acu ar na dualgais atá orthu maidir leis an nGaeilge ó diúltaíodh do dhréacht-straitéis teanga dhá bhliain ó shin.

Bhí Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt inniu agus tús curtha leis an gcás in aghaidh an Fheidhmeannais faoin easpa straitéise Gaeilge. Chualathas sa chúirt go bhfuil an Feidhmeannas ag sárú na ndualgas teanga a leagadh air deich mbliana ó shin.

Maíonn an Conradh freisin go bhfuil an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh sáraithe ag Feidhmeannas Stormont.

Tá athbhreithniú breithiúnach á lorg ag an eagraíocht teanga le hiallach a chur ar Stormont straitéis teanga a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. D’fhoilsigh an t-iarAire Cultúir Carál Ní Chuilín straitéis 20 bliain don Ghaeilge in 2015, i ndiaidh próiseas comhairliúcháin, ach diúltaíodh don straitéis sin sa Tionól.

Is sárú ar Acht Thuaisceart Éireann 1998 é nach bhfuil rud ar bith eile déanta ó shin ó thaobh na straitéise, dar le Conradh na Gaeilge.

“Tá dualgas ar an bhFeidhmeannas straitéis a chur i bhfeidhm, chan amháin í a phlé, agus níl straitéis d’aon chineál i bhfeidhm go dtí an lá atá inniu ann,” a dúirt Karen Quinlivan, QC, thar ceann an Chonartha.

Dúirt sí nach bhféadfaí ligean don Fheidhmeannas gan dada a dhéanamh faoin gceist, agus go bhféadfaí leasú a dhéanamh ar cháipéis na bliana 2015 dá mba ghá seachas diúltú ar fad dó.

“Ní freagra ceart é ar an gcroícheist an t-áitiú nach bhfuil neart ag an bhFeidhmeannas ar an gceist mar gheall ar easpa gnímh an Aire. Táthar ag maíomh go bhfuil naoi nó deich mbliana caite ó leagadh an dualgas orthu, ach fad is a bhaineann sé leis an gCúirt níl baint dá laghad ag an méid sin le cé acu ar theip orthu nó nár theip orthu an straitéis a ghlacú chucu féin,” a dúirt, Karen Quinlivan, QC.

Forchoiméadadh an breithiúnas sa chás agus dúirt an Breitheamh Maguire go ndéanfaidh sé dianmhachnamh ar na ceisteanna a cuireadh os a chomhair.

Ní dhéantar aon tagairt sa Cháipéis Chomhairliúcháin ar an gClár Rialtais a sheol Feidhmeannas Stormont i mí na Samhna na bliana seo caite do Straitéis Ghaeilge.

Leagtar amach sa Chlár Rialtais na rudaí ar a mbeadh an Feidhmeannas ag díriú le linn saolré an rialtais reatha. Tagraíodh go sonrach don Straitéis Ghaeilge i gClár Rialtais 2011-2015.

Fág freagra ar 'Séanta ag Feidhmeannas Stormont san Ard-Chúirt gur ‘cur i gcéill’ atá ar bun aige maidir lena dhualgais i leith na Gaeilge'