Séanta ag Cathaoirleach go bhfuil Coiste Oireachtais na Gaeilge ‘róbhog agus ródheas’

Phléigh Coiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna inné le tuarascáil nua an Choimisinéara Teanga faoi 'theip' chóras na scéimeanna teanga

Séanta ag Cathaoirleach go bhfuil Coiste Oireachtais na Gaeilge ‘róbhog agus ródheas’

Tá séanta ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go bhfuil an coiste “róbhog agus ródheas”.

Ag cruinniú den choiste Gaeilge tráthnóna inné, thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le fios nach raibh ag éirí le baill an choiste dul chun cinn a dhéanamh toisc a gcur chuige a bheith “róbhog agus ródheas”.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin go raibh neanhaird á déanamh ag an Rialtas ar obair an choiste agus go raibh sé in am “an diabhal a thabhairt le n-ithe dóibh”.

Shéan Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, líomhaintí an tSeanadóra.

“Níl an Coiste seo ar an bhfód ach le sé mhí anuas agus tá an t-uafás oibre déanta againn. Ní aontaím leis an Seanadóir,” a dúirt an Cathaoirleach.

D’aontaigh sí, áfach, leis an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi dhearcadh an rialtais i leith na Gaeilge.

“Níl an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge. Tá cur i gcéill ar siúl acu,” a dúirt Catherine Connolly.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách nach raibh glactha ag an Taoiseach Enda Kenny le ceithre chuireadh oifigiúil teacht i láthair an Choiste Oireachtais.

Phléigh an coiste tráthnóna inné le tuarascáil nua an Choimisinéara Teanga ina maíonn sé go bhfuil an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc”.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go raibh sé “náireach amach is amach” go mbeadh  Roinn na Gaeltachta agus Aire na Gaeltachta ag tabhairt neamhaird ar imscrúduithe de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga.

Nuair a chinn an Coimisinéir go raibh sárú ar ghealltanais ar a scéimeanna teanga á dhéanamh ag comhlachtaí poiblí, maolaíodh nó cuireadh ar leataobh ar fad na gealltanais a bhí i gceist i gcás 64% de na chéad scéimeanna teanga eile a aontaíodh leis na comhlachtaí poiblí a ndearnadh imscrúdú orthu.

I gcás amháin, Comhairle Contae na hIarmhí, athraíodh gealltanas ar chuir an Coimisinéir tuairisc ina leith faoi bhráid Thithe an Oireachtais i ndiaidh dó imscrúdú a dhéanamh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go “mbeadh sé ina raic” dá dtarlódh a leithéid “i gcás aon Ombudsman eile”.

Dúirt Catherine Connolly gur chuir torthaí thuarascáil an Choimisinéara “alltacht agus olc” uirthi.

Fág freagra ar 'Séanta ag Cathaoirleach go bhfuil Coiste Oireachtais na Gaeilge ‘róbhog agus ródheas’'