Séanta ag Adams nach ndearna Sinn Féin a ndóthain le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach

D’fhiafraigh Seán O’Rourke d’Adams ar a chlár The Seán O’Rourke Show ar RTÉ Radio One cén fáth nár cheist mhór ag Sinn Féin ab ea an tAcht Gaeilge sular tháinig an Tionól le chéile

Séanta ag Adams nach ndearna Sinn Féin a ndóthain le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach

Tá séanta ag Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin, nach ndearna a pháirtí a dhóthain iarrachta Acht Gaeilge a thabhairt isteach sular tháinig an Tionól deireanach le chéile den chéad uair ocht mí ó shin.

D’fhiafraigh Seán O’Rourke d’Adams ar a chlár The Seán O’Rourke Show ar RTÉ Radio One cén fáth nár cheist mhór ag Sinn Féin ab ea an tAcht Gaeilge sular tháinig an Tionól le chéile.

Dúirt Adams leis go ndearna Sinn Féin iarracht an tAcht Gaeilge a chur i lár an aonaigh an t-am sin ach nár éirigh leo teacht ar chomhaontú leis an DUP faoin gceist.

Dúirt sé go bhfuil iallach anois ar Shinn Féin iarracht eile a dhéanamh teacht ar chomhaontú maidir leis an Acht Gaeilge, atá geallta faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, 1998, agus Comhaontú Chill Rímhinn, 2006 araon.

Mhaígh sé nach mar a chéile cás an lae inniu agus an cás a bhí ann ocht mí ó shin agus go raibh an scéal ar fad athraithe ag imeachtaí Stormont le cúpla seachtain anuas.

Ní raibh sé in ann a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh an DUP níos géilliúla i ndiaidh an toghcháin atá ar na bacáin ná mar a bhí nuair a pléadh an tAcht Gaeilge anuraidh, ach dúirt go gcaithfí iarracht a dhéanamh.

Dúirt Adams freisin nach faoi pháirtithe polaitíochta an Tuaiscirt amháin atá ceist an Achta Gaeilge agus go bhfuil ról ag rialtais Bhaile Átha Cliath agus Londan sa cheist chomh maith.

Luaigh Martin McGuinness “biogóideacht” an DUP i leith phobal na Gaeilge lena chinneadh éirí as mar LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann an tseachtain seo caite.

“The equality, mutual respect and all-Ireland approaches enshrined in the Good Friday Agreement have never been fully embraced by the DUP. Apart from the negative attitude to nationalism and to the Irish identity and culture, there has been a shameful disrespect towards many other sections of our community.

“Women, the LGBT community, and ethnic minorities have all felt this prejudice. And for those who wish to live their lives through the medium of Irish, elements in the DUP have exhibited the most crude and crass bigotry,” a scríobh sé ina litir éirí as.

Go luath i ndiaidh do McGuinness éirí as an bpost, rinne Gerry Adams cáineadh láidir ar an DUP agus a ndearcadh i leith na Gaeilge.

“Tá an-dímheas ag an DUP ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge. Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga? Bhí an cinneadh a ghlac an DUP oíche Nollag chun an t-airgead a ghearradh de Líofa iontach maslach ar fad. Cinneadh aineolach ag duine aineolach,” a dúirt Adams.

Tá Acht Gaeilge á éileamh freisin ag an ngluaiseacht ‘An Dream Dearg’, a rinne agóid taobh amuigh d’oifigí na Roinne Pobal i mBéal Feirste an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Séanta ag Adams nach ndearna Sinn Féin a ndóthain le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach'

  • Colmán

    Níl mórán gur féidir le Sinn Féin ná an SDLP, Alliance a dhéanamh nuair atá an DUP in inmhe aon reáchtaíocht ba mhian leo a bhlocáil trí úsáid a bhaint an an ‘achainí ar bhun ábhar buartha’.

  • m

    Gaeilge san Eoraip ? Gaeilge an Ríocht Eas aontaithe ?