Seans nach bhfuil aon cheann des na hainmneacha seo cloiste agaibh cheana…

Bíonn Brian Cody agus a chuid foirne sa nuacht go rialta agus é sin tuillte go hiomlán acu, ach tá foireann agus bainisteoir eile a ann a thuill moladh agus meas i mbliana

Emmet Byrne agus Luke Maloney (Cill Mhantáin) tar éis dóibh an Mhí a bhualadh sa Chraobh B. INPHO/Cathal Noonan
Emmet Byrne agus Luke Maloney (Cill Mhantáin) tar éis dóibh an Mhí a bhualadh sa Chraobh B. INPHO/Cathal Noonan

Nach iontach go bhfuil bonn Uile-Éireann buaite i mbliana ag leithéidí Emmet Byrne, Diarmuid Masterson, Marc Lennon, Gavin Weir, Anthony Byrne agus Pádraig Doyle?

Gan bheith ag caint faoin mbainisteoir fhéinig, Jonathan ‘Bosco’ O’Neill agus é i bhfeighil na foirne don chéad bhliain.

Seans ann nach bhfuil aon cheann des na hainmneacha sin cloiste agaibh cheana. Seans ann freisin nach bhfaca sibh mórán fúthu ná faoin mbua iontach a bhí acu in aon nuachtán le déanaí. Seans, leis, nach gcloisfidh sibh mórán fúthu amach anseo. Níor cuireadh oiread is nóiméad ar leataobh ar an Sunday Game don bhua stairiúil a bhí acu.

Ach tá ainm an chontae agus an bua scríte sna leabhair staire agus iad i measc na mbuaiteoirí iomána don bhliain 2015.

Dar ndóigh, ní dhearna TG4 dearmad orthu agus ba ar an stáisún sin a craoladh an cluiche ceannais acu roimh an gcluiche mór faoi-21 idir Luimneach agus Loch Garman cúpla seachtain ó shin.

Ní dóigh go bhfuil dóthain suime in aon chor ag CLG ins na contaetha ‘laga’. Ní dóigh liom go ndéanann siad a ndóthain chun an iomáint a fhorbairt sna contaetha sin. Tá pócaí sna contaetha sin ina bhfuil mórán suime san iomáint agus daoine ann atá an-dílis don cluiche agus an-dáiríre faoi fhorbairt agus dul chun cinn an spóirt. Ach níl siad ag fáil dóthain cabhrach ná dóthain airgid ón gceanncheathrú.

Ag tosach na bliana chaitheas cúpla mí ag taisteal go Ceatharlach chun treoir agus cabhair a thabhairt don fhoireann sinsear ann. Chonaic mé imreoirí ann a bhí an-bháúil don spórt ach nach mbeadh aon seans go deo acu é a imirt roimh shlua mór. Bhí cuid mhaith díobh sásta ullmhúchán a dhéanamh a bhí díreach chomh dian leis an ullmhúchán dhéanann a gcomharsain i gCill Chainnigh agus gan faic a fháil as riamh.

Ag filleadh ar na leads a bhuaigh craobh B na hEireann dá gcontae dúchais, Cill Mhantáin, níl aon dabht faoi easpa suime na meán sa scéal.

Ach tá moladh tuillte acu. Le cúpla bliain anuas, chonaic mé na craobhacha B agus caithfidh mé a rá go raibh an ceann seo i mbliana ar ardchaighdeán.

Ó thosach deireadh, léirigh siad féin agus Contae na Mí leibhéal ard scile, oibre agus comhimeartha. Bhí cuid des na cúilíni ar ardleibhéal ar fad ón dá thaobh, go háirithe cuid de na cinn a fuair Lennon, Weir agus Byrne do Chill Mhantáin agus Jack Regan don chontae Ríoga.

Agus cad é mar laoch atá sa bhainisteoir Bosco. Thosnaigh sé ag imirt do shinsir an chontae trí bliana is fiche ó shin. Ná bac Tony Browne nó Henry Shefflin agus na tréimhsí fada a thugadar beirt ag imirt; nó gur éirigh sé as i mbliana bhí an fear seo sásta imirt bliain i ndiaidh bliana ar son na cúise. Ansin, agus é fós ag imirt dá club Glenealy, chuir sé air bib an bhainisteora agus bhuaigh a fhoireann Craobh na hÉireann. Is dea-scéal é sin agus is ceart é a fhógairt os ard.

Bíonn Brian Cody agus a chuid foirne sa nuacht go rialta agus é sin tuillte go hiomlán acu. Tá ainm John Kiely agus a chuid leoin Luimneach i mbéal an phobail faoi láthair ach tá foireann agus bainisteoir eile agus ardmholadh tuillte i mbliana acu.

‘Sea, Jonathan Bosco O’Neill agus a fhoireann. Rinne siad éacht. Cill Mhantáin abú.

Fág freagra ar 'Seans nach bhfuil aon cheann des na hainmneacha seo cloiste agaibh cheana…'