Seans ag Contae an Chláir i gcoinne na gCat agus an buntáiste ag na Déise i gcoinne Luimnigh

Ba mhaith leis an gceithre fhoireann atá ag imirt amárach a bheith sa chluiche ceannais sraithe i gceann coicíse, go háirithe Luimneach agus an Clár, agus gan an tsraith buaite acusan le tamall

TJ Reid agus David McInerney. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
TJ Reid agus David McInerney. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Scríobhas an tseachtain seo caite nach bhfuil meas ar na hiománaithe is fearr sa tír ar an mbonn Sraith Allianz agus tá cuid maith den fhírinne sa ráiteas sin.

Ach táim cinnte gur mhaith leis an gceithre fhoireann atá ag imirt amárach a bheith i gcluiche ceannais na sraithe i gceann coicíse, go háirithe Luimneach agus an Clár, agus gan an tsraith buaite acusan le tamall.

Beidh ar an dá dhream taispeántais mhaithe a thabhairt uathu má tá sé i ndán dóibh an cluiche ceannais a bhaint amach.

Sa chéad choimhlint amárach tá na curaidh Port Láirge agus Luimneach ag casadh ar a chéile.

Bhí ionadh ar chuid mhaith de leantóirí na hiomána nár bhuail na Déise Loch Garman go héasca sa chluiche ceathrú ceannais. Bhí ionadh ormsa freisin. Ní dhéanfaidh siad an beart ach an oiread amárach má thugann siad a leithéid de thaispeántas leamh uathu arís.

Ó thosach na bliana tá cuid mhaith scríofa agam ar Tuairisc.ie faoi iománaithe na nDéise agus mé dearfach i mo chuid tuairimíochta don chuid is mó, ach is cuma cad atá déanta go nuige seo mar is amárach a thosaíonn an séasúr i gceart. Tá na trí dhuais mhóra le buachtaint fós i mbliana agus na cluichí is tábhachtaí fós le n-imirt.

Mar sin beidh mé ag súil le taispeántas lán le díocas agus saothar ó na Déise amárach. 

Maidir le Luimneach níl aon dabht ach go mbeidh an-fhonn orthu an beart a dhéanamh amárach. Ní raibh mórán ag súil lena mbua ar Bhaile Átha Cliath sa chluiche deireanach acu, ach bhí an lá leo agus a mbua breá tuillte go maith acu.

Amárach foghlaimeoidh siad cuid mhaith fúthu féin, go háirithe faoin ndíocas a theastaíonn san imirt ag an leibhéal seo. Bíonn ceisteanna agamsa go minic faoin ngné seo den imirt i gcás chuid d’imreoirí Luimnigh . Pé rud a tharlaíonn amárach beidh orthu obair na gcapall a dhéanamh ar fud na páirce ar feadh seachtó nóiméad.

Bunaithe ar an méid atá feicthe agam den dá fhoireann i mbliana bheinn ag ceapadh gur buntáiste é do  Phort Láirge go rabhadar ag imirt i Roinn 1A agus gur bhuadar ar Thiobraid Árann agus ar Chill Chainnigh, rud nach bhfuil déanta rómhinic acu thar na mblianta . Bunaithe ar an méid a chonaiceamar ón dá fhoireann anuraidh bheinn den tuairim go mbeidh sé deacair ar Luimneach an cluiche seo a bhuachtaint.

Sa chluiche eile níl aon dabht ach go bhfuil Cill Chainnigh mar rogha na coitiantachta. É sin ráite ní dóigh liom go bhfuil aon fhaitíos ar chontae an Chláir rompu. Ní raibh ach cúilín amháin eatarthu sa chluiche dícháilithe eatarthu anuraidh agus i ndiaidh an chluiche chuaigh na Cait ó neart go neart agus thit an lug ar an lag ar an gClár.

Is deacair léamh ceart a dhéanamh ar fhoireann Davy FitzGerald go dtí seo i mbliana. Tá cuid mhaith gortaithe ag cur isteach orthu ó thosach na sraithe ach níor buadh orthu go dtí seo agus is maith an comhartha é sin, go háirithe agus buaite acu ar Luimneach agus ar Thiobraid Árann.

Maidir le Cill Chainnigh tá sé ráite go mion minic ag Brian Cody gur maith leis gach cluiche a bhuachaint.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá n-éireodh le Contae an Chláir an beart a dhéanamh cé nach mbeinn ag cur aon airgead orthu an uair seo.

Fág freagra ar 'Seans ag Contae an Chláir i gcoinne na gCat agus an buntáiste ag na Déise i gcoinne Luimnigh'