Seán Ó hÉigeartaigh (1917-1967): Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin a cailleadh an foilsitheoir ceannródaíoch

Rinne Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh go leor rudaí le linn a shaoil, ach is mar dhuine de bhunaitheoirí agus stiúrthóir an chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge Sáirséal agus Dill is fearr a fhanann aithne air

Seán Ó hÉigeartaigh (1917-1967): Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin a cailleadh an foilsitheoir ceannródaíoch

Caoga bliain ó shin, ar an 14 Meitheamh, a cailleadh Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh, foilsitheoir agus státseirbhíseach.  Rinne sé go leor rudaí le linn a shaoil, ach is mar bhunaitheoir (i dteannta a mhná, Bríghid Ní Mhaoileoin) agus stiúrthóir an chomhlacht foilsitheoireachta Gaeilge Sáirséal agus Dill is fearr a fhanann aithne air.

Sa Bhreatain Bheag a rugadh Seán Ó hÉigeartaigh ar an 11 Feabhra 1917, céad bliain agus ráithe ó shin. Aistríodh a athair Pádraig Sáirséal Ó hÉigeartaigh, máistir poist, scríbhneoir, staraí agus réabhlóidí óna phost i gCóbh Chorcaí go Welshpool ag tús an chéad Chogaidh Mhóir.  Níor éirigh leis an teaghlach filleadh go hÉirinn go dtí 1918, ach as sin amach chaithidís tamall gach samhradh i gCill Ulta i nGaeltacht Thír Chonaill, agus ba le Gaeilge a tógadh Seán.  Tuin Chonallach a bhí ar a chuid Gaeilge ar dtús, ach tar éis dó pósadh i 1943, is siar chun na Ceathrún Rua a théadh sé féin, a bhean agus a gclann aon uair ab fhéidir leo.

Le linn dó bheith ina mhac léinn i gColáiste na Trionóide mealladh Seán isteach sa Chomhchaidreamh, eagras Gaelach Idir-Ollscoile na mac léinn, agus thosaigh sé ag cur suim i gcúrsaí na Gaeilge, na litríochta agus an náisiúin.   Bhí sé ar bhord stiúrtha na hirise Comhar, agus chonaic  sé go raibh glúin úr scríbhneoirí ag teacht chun cinn, go raibh fonn orthu an Ghaeilge a shaothrú mar theanga nua-litríochta.  Ní raibh ag foilsiú leabhair Ghaeilge an uair sin ach comhlacht caomhach sean-aimseartha stáit, an Gúm, agus an bhéim acu ar aistriúcháin ar na clasaicí seachas ar nua-scríbhneoireacht.

Bhain Seán céim amach san Eolaíocht, le honóracha, agus tairgeadh scoláireacht taighde dó, ach ghlac sé le post sa státseirbhís d’fhonn bheith in ann a chuid am saor a chaitheamh lena aisling – comhlacht a bhunú a d’fhoilseodh sraith leabhair úra spreagúla Gaeilge, de gach genre, a mheallfadh muintir na hÉireann chun na Gaeilge agus a chruthódh pobal léitheoireachta do na scríbhneoirí óga.  Nuair a d’fhág a aintín Dill suim bheag airgid le huacht aige i 1945, thapaigh sé a dheis, agus i 1947 d’fhoilsigh an comhlacht nua, Sáirséal agus Dill, a chéad leabhar, Tonn Tuile, úrscéal nua-aoiseach le Séamus Ó Néill.  Foilsíodh Dánta do Pháistí le Séamus Ó Néill, agus Rogha Dánta Mháirtín Ó Direáin, um Nollaig 1949, agus go luath san Earrach i 1950, mórshaothar Mháirtín Ó Cadhain Cré na Cille.  Idir sin agus 1967, d’fhoilsigh an comhlacht beagnach 100 leabhar eile, ag áireamh filíocht Mháire Mhac an tSaoi agus Sheáin Uí Ríordáin, leabhair staire Leon Ó Broin, beathaisnéis ó Sheán Ó Lúing ar Art Ó Gríofa, leabhair do pháistí, do dhéagóirí agus do na meánscoileanna, drámaí, gearrscéalta agus úrscéalta idir throm agus éadrom.

Ní gan íobairt a deineadh an t-éacht seo.  Bhí brú mór airgid ar Sháirséal agus Dill ón tús, agus brú oibre agus airgid ar Sheán féin.  B’éigean dó leanacht de bheith ag obair sa státseirbhís, mar a raibh sé ina phríomhoifigeach, agus bhí sé faoi mhórstrus.  Cailleadh go hobann é de thaom croí déanach tráthnóna samhraidh, gan é ach 50 bliain d’aois – 3 lá sarar bronnadh an chéad mhóraitheantas idirnáisiúnta ar leabhar Gaeilge, Duais na mBuitléarach ar Mháirtín Ó Cadhain as An tSraith Ar Lár [Sáirséal agus Dill, 1967].  Le cabhair ó chomh-státseirbhíseach de chuid Sheáin, a mhair go dtí le fíordhéanaí, T. K. Whitaker, d’éirigh lena bhaintreach Bríghid deontas a bhaint amach agus Sáirséal agus Dill a choinneáil sa tsiúl.  D’fhoghlaim sí conas an comhlacht a rith agus d’fhoilsigh 70 leabhar eile sara raibh uirthi éirí as i 1981 de bharr easláinte.  Cailleadh í ar an 19 Márta, 2006. 

Tá Seán agus Bríghid curtha le chéile i gcré na cille i Teach Mealóg, Bleá Cliath, in aice le hathair agus máthair Sheáin, Pádraig Sáirséal agus Liaimín Uí Éigeartaigh. Tá scéal na beirte cróga seo, agus scéal an chomhlacht a bhunaíodar, le fáil sa leabhar Sáirséal agus Dill 1947-1981, Scéal Foilsitheora [Cian ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt, Cló Iarchonnacht, 2014].