Seán Ó Coinn ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

Dúirt an Príomhfheidhmeannach nua go bhfuil ‘na ciorruithe leanúnacha’ atá déanta ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 ‘i measc na ndúshlán’ a bheidh roimhe mar cheannasaí

Seán Ó Coinn ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

Tá Seán Ó Coinn ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge. Ba ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha inniu a glacadh leis an moladh, a rinne Bord an Fhorais ag tús na míosa seo, go gceapfaí Ó Coinn ina chomharba ar Fherdie Mac an Fhailigh.

Thug Mac an Fhailigh deich mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar an bhforas trasteorann agus tá cúig bliana caite ag Ó Coinn ina Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais san eagraíocht.

Moladh Ó Coinn do phost an phríomhfheidhmeannaigh ag cruinniú de chuid Bhord an Fhorais ar an 4 Samhain. Ba é Ó Coinn ba mhó a bhí á lua leis an bhfolúntas don phost is sinsearaí san eagraíocht teanga trasteorann ó fógraíodh go mbeadh Mac an Fhailigh ag éirí as níos luaithe i mbliana.

Ag labhairt dó i ndiaidh fhógra an lae inniu, dúirt an príomhfheidhmeannach nuacheaptha go mbeadh sé “ag tógáil ar an chomhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta le díriú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030”.

 Thuig sé, a dúirt sé, “an tacaíocht mhór atá de dhíth ar na grúpaí éagsúla ar fud na tíre atá ag saothrú ar son na Gaeilge”.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach nua go bhfuil “foireann thiomanta ag Foras na Gaeilge a bhfuil taithí agus saineolas thar an choitiantacht acu”. Ba é an cúram a bheadh air ná “a chinntiú gur féidir leis an fhoireann aghaidh a thabhairt ar na spriocanna uaillmhianacha atá le baint amach”.

Dúirt Ó Coinn go bhfuil “na ciorruithe leanúnacha” atá déanta ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 “i measc na ndúshlán a bheidh roimhe mar cheannasaí”.

Fógrófar post an Leas-Phríomhfheidhmeannaigh, a bheidh lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, go luath in 2017.

Thug  Ó Coinn seal ina Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha Gaelscolaíochta ó thuaidh. Ceapadh é ina Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011.

Tá céim aige sa Léann Ceilteach ó Ollscoil na Banríona agus dioplóma sa Bhainistíocht ó Ollscoil Uladh.

Sular thosaigh sé ag obair leis an bhForas, d’oibrigh Ó Coinn mar mhúinteoir meánscoile agus mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh.

Chaith sé tamall i mbun taighde in Ollscoil na Banríona ar logainmneacha Thuaisceart Éireann.

Bhí Ferdie Mac an Fhailigh ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó mhí Dheireadh Fómhair 2006.

Conradh cúig bliana agus tuarastal nach mór €115,000 sa bhliain atá luaite le post an Phríomhfheidhmeannaigh, a fógraíodh i mí Lúnasa.

 

Fág freagra ar 'Seán Ó Coinn ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge'