Seaimpíní an Chláir ag fanacht ar an Rinn i gcluiche leathcheannais na Mumhan

Tabharfaidh an Rinn agus Cill Mháille aghaidh ar a chéile in Inis tráthnóna sa bhabhta leathcheannais de Chraobh Idirmheánach Iomána na Mumhan

Seaimpíní an Chláir ag fanacht ar an Rinn i gcluiche leathcheannais na Mumhan

Imreoir na Rinne, Donie Breathnach. Pictiúr: Sean Byrne//Deise Sport

Cuirfidh iománaithe na Rinne tús lena bhfeachtas i gCraobh na Mumhan tráthnóna agus iad ag tabhairt aghaidh ar churaidh an Chláir, Cill Mháille, i gcluiche leathcheannais an chúige.

Bhain an Rinn áit amach i gcraobh an chúige tar éis dóibh Craobh Idirmheánamh Phort Láirge a bhuachan an deireadh seachtaine seo caite agus bua cúig phointe, 0-18 in aghaidh 0-13, acu ar Chluain Fhia sa chluiche ceannais.

Ba é an t-imreoir lár páirce Donie Breathnach laoch na Rinne an lá sin nuair a d’aimsigh sé ceithre phointe dhéag. Beidh sárthaispeántas eile ag teastáil ón mBreathnach agus a chuid comhghleacaithe más fúthu foireann láidir Chill Mháille a shárú i bPáirc Ui Chíosóg in Inis.

Dícháilíodh Cill Mháille ó ghrád na sinsear sa Chlár anuraidh ach ba iad rogha na coitiantachta iad chun an Chraobh Idirmheánach a thabhairt leo i mbliana agus b’in a tharla ag tús mhí Dheireadh Fómhair, nuair a bhí bua maith acu ar an Tobar sa chluiche ceannais.

Cúig phointe dhéag a bhí le spáráil acu sa chluiche sin,  2-20 in aghaidh 0-11, ach beidh an Rinn ag súil le coimhlint níos crua a thabhairt dóibh.

Tá cluiche amháin imeartha cheana féin ag Cill Mháille i gCraobh na Mumhan chomh maith agus an ceann is fearr faighte acu ar fhoireann Luimnigh, Maigh Rua/An Bóthar, sa bhabhta ceathrú ceannais. Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile sa cheann sin agus ba é Michael O’Malley a bhuail an buille scóir agus an t-am caite.

Is é Conor Cleary, leathchúlaí an Chláir, an t-imreoir is aitheanta atá ag Cill Mháille ach is léir go bhfuil imreoirí cumasacha eile acu, go háirithe i measc na dtosaithe. Tá an-chuid scóranna aimsithe ag Sean O’Loughlin, Cian Moloney agus Daire Keane le cúpla cluiche anuas agus más faoin Rinn cluiche ceannais an chúige a bhaint amach, beidh orthu súil ghéar a choinneáil orthu siúd.

An Rinn v Cill Mháille, Páirc Uí Chíosóg, 2.00i.n.