Seachtar dornálaithe ‘na hÉireann’

Tugtar sracfhéachaint ar dhul chun cinn Andy Lee, chomh maith le seachtar dornálaithe gairmiúla eile a bhfuil ceangal láidir acu leis an tír seo

Andy Lee Press Conference, Thomond Park, Limerick 14/7/2015 Andy Lee at today's announcement of his WBO World Middleweight Championship defence against Billy Joe Saunders on 19th September Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Andy Lee. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Faoi láthair, tá Andy Lee ag ullmhú do chosaint a chraoibhe meánmheacháin WBO ar 19 Meán Fómhair i bPáirc Thuamhan in aghaidh Billy Joe Saunders (21-0-0), dornálaí as Hertfordshire Shasana a mbaineann a shinsir roimhe leis an lucht siúil freisin. San alt seo, déanfaimid sracfhéachaint ar dhul chun cinn Andy Lee, chomh maith le seisear dornálaithe gairmiúla eile a bhfuil ceangal láidir acu leis an tír seo.

Andy Lee (34-2-1)
meánmheáchan

Níl aon amhras ach go bhfuil Andy Lee i mbarr a réime i láthair na huaire. Punt ar phunt, d’fhéadfá a rá gurb eisean an dornálaí is fearr sa tír seo. Rugadh agus tógadh i mBow Londain é i 1984 ach d’aistrigh a theaghlach ar ais chuig Caisleán Uí Chonaill i 1998. Cé gur fhoghlaim sé a chuid scileanna dornálaíochta i Sasana, ba i Luimneach a cuireadh snas orthu. Bliain tar éis na gCluichí Oilimpeacha in 2004, shínigh sé conradh le Manny Steward, an traenálaí mór le rá a bhí i gceannas ar an Kronk Gym i Michigan. Tar éis bhás Steward in 2012, d’aistrigh Andy chuig Londain agus thosaigh sé ag traenáil le Adam Booth.

Ní hé gach duine atá ar aon fhocal faoi Andy, áfach. Sular bhuaigh sé a bhabhta deireanach, ní raibh muinín ag roinnt mhaith daoine ina chuid scileanna ná ina theacht aniar. Trodaí a bhí ann, dar leo, rud ba léir ó chuid de na troideanna aige in aghaidh dornálaithe measartha, go háirithe idir 2013 agus 2014.

Fiú nuair a fuair sé deis in aghaidh John Jackson, dornálaí a leag sé amach, dúradh gur ‘lucky punch’ (buille ádhúil) a bhí ann. Nuair a rinne sé an rud céanna in aghaidh Matt Korobov, duine de na dornálaithe Rúiseacha is fearr ar domhan, aithníodh, áfach, cé chomh cumhachtach agus chomh sciliúil is a bhí sé.

Níor fhoghlaimíomar go leor óna throid leadránach in aghaidh Peter Quillin i Nua-Eabhrac, troid a chríochnaigh ar comhscór. Cé gur bhuail an bheirt acu an canbhás uair nó dhó, ní dhearna ceachtar acu léiriú iontach ar a chuid scileanna. Cineál frithbhuaic ab ea an troid sin ar aon chaoi mar gur theip ar Quillin bheith ar an meáchan agus mar thoradh air sin, níor throid siad don chraobh.

Táthar ag súil, mar sin, go gcruthóidh sé thar cionn in áit dúchais a mhuintire i mí Mheán Fómhair agus lucht an amhrais a chur ina dtost go deo.

IBF Super Bantamweight World Title Fight, Don Haskins Center, El Paso, Texas, USA 18/7/2015 Carl Frampton vs Alejandro Gonzalez Jr. Carl Frampton celebrates winning Mandatory Credit ©INPHO/Presseye/Ivan Pierre Aguirre
Pictiúr: INPHO/Presseye/Ivan Pierre Aguirre

Carl Frampton (21-0-0)
coileachmheáchan trom

Chuaigh Carl ‘The Jackal’ Frampton ina cheann go gairmiúil in 2009 agus tá ag éirí go seoigh leis ó shin i leith. Is é Barry McGuigan a bhainisteoir agus is é Shane McGuigan, mac leis, a thraenálaí. Dála Andy Lee a chónaigh le Manny Steward i rith tréimhsí traenála, cuireann Frampton faoi chez McGuigan.

Faoi láthair, tá an crios IBF aige agus aithnítear é mar dhornálaí trodach a bhfuil húc deasóige fíorláidir aige. Socraíodh le gairid go n-aistreodh sé chuig Meiriceá chun roinnt babhtaí a bhaint amach. Faraor, cé gur bhuaigh sé a chéad cheann in aghaidh Alejandro Gonzalez as Meicsiceo in El Paso ar an Satharn, níor bhua críochnúil a bhí ann.

Meastar go bhfillfidh sé ar na hoileáin seo chun babhta in aghaidh Scott Quigg as Sasana a dhéanamh agus ansin go dtroidfidh sé i Meiriceá arís, b’fhéidir in aghaidh bhuaiteoir na troda idir Leo Santa Cruz agus Abner Mares.

Tá Guillermo Rigondeaux (El Chacal, go híorónach), duine de na dornálaithe is fearr ar domhan, sa roinn chéanna le Carl freisin. Tá seans ann go dtabharfaidh an bheirt seacál aghaidh ar a chéile gan mhórán moille. Chríochnaigh Rigondeaux a throid in aghaidh Willie Casey sa chéad bhabhta i mBaile Átha Cliath in 2011.

WBC Middleweight Title Eliminator, Three Arena, Dublin 15/11/2014 Matthew Macklin vs Jorge Sebastien Heiland Matthew Macklin (green and gold shorts) in action against Jorge Sebastien Heiland (orange shorts) Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Matthew Macklin (32-6-0)
meánmheáchan

Rugadh Matthew ‘Mack the Knife’ Macklin i mBirmingham Shasana ach ní féidir a fhréamhacha Éireannacha a shéanadh. Is as Ros Comáin a athair agus Tiobraid Árann a mháthair. D’imir sé iománaíocht d’fhoireann faoi-21 Thiobraid Árann.

Bhí deiseanna móra aige le linn a ghairme mar dhornálaí, go háirithe in aghaidh Sturm, Martinez agus Golovkin, ach faraor, níor éirigh leis craobh an domhain a bhuachan. Bhí sé ag smaoineamh ar éirí as an spórt tar éis drochthaispeántas a thabhairt uaidh i mí na Samhna anuraidh, ach shocraigh sé leanúint ar aghaidh. Fearacht Andy Lee, is dornálaí meánmheáchain é Macklin, agus beidh sé ag iarraidh troid ina aghaidh sula néireoidh sé as.

Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard
Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Tyson Fury (24-0-0)
trommheáchan

Cé nach bhfuil a theastas breithe aimsithe go fóill aige, dearbhaíonn Tyson Fury gur Éireannach ó dhúchas é; rugadh a athair agus a sheanmháthair ar thaobh a mháthar in Éirinn, de réir dealraimh. Tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar Steve Cunningham, Dereck Chisora agus Christian Hammer, tá an deis tuillte aige troid in aghaidh Wladimir Klitschko, curadh reatha an domhain, i mí Dheireadh Fómhair.

bldkhueimaiksin.0

Seán Monaghan (25-0-0)
trom-mheáchan éadrom

Cuireann ‘Irish’ Seanie Monaghan faoi i Long Beach, Nua-Eabhrac. Is as Contae na Mí a thuismitheoirí. Tá cáil air mar throdaí a bhfuil deifir air; tá sé láidir agus ionsaitheach agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh a chéile comhraic a leagan amach go tapaidh – rud atá leirithe sna 16 KO atá bainte amach aige.

Pictiúr: INPHO/Presseye/Matt Mackey
Pictiúr: INPHO/Presseye/Matt Mackey

Jamie Conlan (14-0-0)
cuilmheáchan trom

Is as Béal Feirste é Jamie ‘The Mexican’ Conlan agus is deartháir é le Michael, an dornalaí amaitéarach a bhuaigh bonn cré-umha d’Éirinn i Londain 2012.

Cé gur leagadh ar an gcanbhas faoi dhó é ina throid deireanach sa Staidiam Náisiúnta, níor chuir an réiteoir stop leis an troid agus d’éirigh sé ar nós Lazarus chun na trí babhtaí deireanacha a bhuachan agus a chrios IBF idir-ilchríochach a chosaint.

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Jason Quigley (7-0-0)
trom-mheánmheáchan

Níl Jason Quigley ar an bhfód le fada ach táthar ag súil go n-éireoidh thar barr leis as seo amach. Rugadh i mBealach Féich é i 1991. In 2013, throid sé an babhta amaitéarach deireanach a bhí aige i gcluiche ceannais Chraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain.

Ar an drochuair, chaill sé an troid sin ach bhuaigh sé an bonn airgid. Sé mhí ina dhiaidh sin, shínigh sé le Golden Boy Promotions, comhlacht de chuid iarchuradh an domhain, Oscar de la Hoya. Faoi láthair, tá sé ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh agus cáil a bhaint amach dó féin in aghaidh dornálaithe measartha. Níl aon amhras, áfach, go bhfuil mianach an churaidh go smior ann agus go sroichfidh sé barr a chumais sna blianta beaga atá romhainn.

Fág freagra ar 'Seachtar dornálaithe ‘na hÉireann’'