Seachtar as Gaillimh ar fhoireann All-Stars 2017

Tá cúigear Déiseach ainmnithe ar an bhfoireann, chomh maith le beirt as Corcaigh agus imreoir amháin ó Thiobraid Árann

Seachtar as Gaillimh ar fhoireann All-Stars 2017

Tá seachtar ó fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann roghnaithe ar fhoireann All-Stars Iomána na bliana seo. Is é sin an líon is mó imreoirí ó Ghaillimh a roghnaíodh ó bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 1988.

Cé nár éirigh leo sa chluiche ceannais, tá cúigear Déiseach ainmnithe ar an bhfoireann, chomh maith le beirt as Corcaigh agus imreoir amháin ó Thiobraid Árann.

Tá a gceathrú gradam All-Star buaite ag Joe Canning agus David Burke, mar atá ag Michael ‘Brick’ Walsh’ ó Phort Láirge.

Is iad na Gaillimhigh eile a roghnaíodh ná na cosantóirí Pádraic Mannion, Daithí Burke agus Gearóid McInerney agus na tosaithe Conor Whelan agus Conor Cooney.

Is iad na Déisigh eile a roghnaíodh ná Steven O’Keeffe, Noel Connors, Jamie Barron agus Kevin Moran. Mark Coleman agus Patrick Horgan an bheirt a roghnaíodh ó Chorcaigh agus is é Pádraic Maher an t-aon ionadaí ag Tiobraid Árann ar an bhfoireann.

Bronnfar na gradaim ar na himreoirí ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath oíche Dé hAoine. Ainmneofar an fhoireann All-Stars peile ar an oíche, chomh maith leis na gradaim d’imreoirí na bliana. Craolfar an ócáid uile beo ar RTÉ 1.

Is iad Joe Canning, Jamie Barron agus Kevin Moran atá san iomaíocht do ghradam ‘Iománaí na Bliana’, agus bronnfar ‘Iománaí Óg na Bliana’ ar Conor Whelan, Mark Coleman nó Conor Gleeson.


Cúl Báire

Steven O’Keeffe (Port Láirge)

Líne Lánchúil

Padraic Mannion (Gaillimh), Daithí Burke (Gaillimh), Noel Connors (Port Láirge).

Líne Leathchúil

Pádraic Maher (Tiobraid Árann), Gearóid McInerney (Gaillimh), Mark Coleman (Corcaigh)

Lár na Páirce

Jamie Barron (Port Láirge), David Burke (Gaillimhe)

Líne Leath-thosach

Kevin Moran (Port Láirge), Joe Canning (Gaillimh), Michael Walsh (Port Láirge)

Líne Lántosach

Conor Whelan (Gaillimh), Conor Cooney (Gaillimh), Patrick Horgan (Corcaigh)

Fág freagra ar 'Seachtar as Gaillimh ar fhoireann All-Stars 2017'