‘Seacht n-aicíd déag agus fiche na hÁirce ort, a Mhark Oppenheimer!’

Iriseoir ó Tuairic.ie faoi agallamh ag an bpodchraoltóir agus colúnaí nuachtáin aitheanta i Meiriceá a thug ‘teanga mharbh’ nach labhraíonn ach ‘twelve real obssessives’ ar an nGaeilge

oppenheimer O coimín

Tá ceacht Gaeilge tugtha ag Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.ie do Mhark Oppenheimer, an colúnaí de chuid an New York Times a dúirt le déanaí gur ‘teanga mharbh’ í an Ghaeilge nach labhraíonn ach ‘twelve real obssessives’.

Nuair a tugadh a dhúshlán ar Twitter ghéill Oppenheimer go mb’fhearr dó “a chuid fíricí a sheiceáil” i dtaobh staid na Gaeilge in Éirinn.

Ba i ndiaidh d’Oppenheimer olc a chur ar phobal na teanga ar líne lena thagairt don Ghaeilge a tugadh cuireadh don Choimíneach teacht ar phodchraoladh an Mheiriceánaigh le staid na teanga mar atá a phlé.

Le linn an agallaimh, a bhí idir shúgradh agus dáiríre, iarradh ar Ó Coimín labhairt faoin ‘swirling Irish Twitter mob’ a dhein ‘American enemy of the Irish language’ d’Oppenheimer.

Iarradh ar Ó Coimín chomh maith mallacht a chur ar an Meiriceánach i dteanga na nGael agus chuaigh an t-iriseoir i muinín an úrscéil Cré na Cille chun teacht ar na focail chuí.

“Luí fada gan faoilte ort! Seacht n-aicíd déag agus fiche na hÁirce ort! Calcadh fíodáin agus stopainn ort!” a dúirt Ó Coimín le láithreoir Unorthodox, podchraoladh faoi chúrsaí creidimh.

Chuir Ó Coimín lucht an phodchrolta féin ag Gaeilgeoireacht chomh maith agus mhúin sé dóibh an abairt ‘Beannachtaí Cháisc na nGiúdach’.

Bhí lucht an phodchraolta an-thógtha le glór Uí Choimín agus cuireadh fear Tuairisc.ie i gcomparáid leis an aisteoir Colin Farrell.

Dúradh go mbeadh an t-iriseoir an-oiriúnach mar aisteoir i rom-com.

Is féidir éisteacht leis an agallamh ar Unorthodox anseo.

Fág freagra ar '‘Seacht n-aicíd déag agus fiche na hÁirce ort, a Mhark Oppenheimer!’'

  • Aengus Finnegan

    An nuachtán ar líne é Tuairisc,ie nó blag faoi Mhaitiú Ó Coimín?

  • Fearn

    Bua bídeach eile ar son na sean teanga.

    Tá lucht bolscaireachta na linne seo beo ar chonspóidí seachas stuaim na firinne.

  • Áine

    A Aenghuis, is nuachtán é … nuachtán a éiríonn leis an nuacht tábhachtach a thabhairt dúinn maidir le saol Mhaitiú Uí Choimín!