Seacht gcúram an tsléibhe ar ‘7 Lá’ agus an Straitéis á plé

Ag coimeád súil ar sholáthar cúrsaí reatha TG4 a bhí ár léirmheastóir teilifíse an tseachtain seo

Seacht gcúram an tsléibhe ar ‘7 Lá’ agus an Straitéis á plé

N’fheadar Dia ná duine an mó uair go bhfuil an fód casta don Ionad Acmhainne úd i mBaile Bhuirne. N’fheadar an gcífimid lenár mbeo an t-ionad seo a chuirfeadh acmhainní ar fáil do mhúineadh na Gaeilge agus don mhúineadh trí Ghaeilge.

Ní haon iontas go raibh aoibh an gháire dhóite ar an Dr. Pádraig Ó Duibhir is é ag tagairt don Ionad úd fad is a bhí easpa dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge á phlé aige. Bhí staid, nó drochstaid, na Straitéise idir chamáin ag 7Lá (TG4, aréir).
Ag tús an chláir bhí tuairisc chuimsitheach againn ó Shorcha Ní Riada. Meabhraíodh an buaileam sciath a bhain le foilsiú na Straitéise in 2010. Cé go raibh an tír in umar na haimléise ó thaobh an gheilleagair, bhí tiomantas pearsanta an Taoisigh, Brian Cowen, soiléir.

Bhí a fhios ag an saol Fódlach, áfach, go mbeadh tiomantas a chomharbaí agus na Ranna Stáit mar aon le maoiniú cuí ina ndris chosáin. Tháinig an tuar faoi thairngreachtaí gruama na linne sin.

Tá an gháir mhaíte do 250,000 (ardú ó 83,000) á chasadh go fonóideach leis na Rialtais éagsúla ó shin agus an straitéis féin mar fhreagra/leithscéal aon uair a cuireadh ceist faoin nGaeilge ar na rialtais chéanna.

‘Ach, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge againn.’

Tá, a mhuis.

Gothaí móra ach buillí beaga. ‘Seafóid neamhréalaíoch’ a thug an Dr. Brian Ó Curnáin ar aidhmeanna na Straitéise. Dar leis go mbeadh seacht gcúraimí an tsléibhe ar aon Rialtas na cainteoirí atá ann a chaomhnú gan trácht ar iad a mhéadú.

Seoladh Seán Kyne bocht os comhair an cheamara le dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó. Bheadh sé chomh maith ag an Aire Stáit Gaeltachta a bheith ag taoscadh na farraige. Bhí Pat Carey, a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a seoladh an straitéis, i measc na n-aíonna a bhí bailithe isteach go Baile na hAbhann. Thugas suntas don ráiteas ionraic a dhein sé fé easpa tacaíochta na Ranna Rialtais don Straitéis agus chaith sé slais fé leith ar an Roinn Oideachais.

Dar liom go mba cheart breis tochailte a bheith déanta anseo. Ach an oiread leis an bhfód úd i mBaile Bhuirne, beidh go leor deiseanna ag 7 Lá an t-ábhar suaite seo a chíoradh as seo go 2030.

Thugas suntas don scéal a bhí ag Nuacht TG4 faoin míshuaimhneas atá sa Ríocht faoina réalta óga a bheith ag ardú a seolta chun na hAstráile. Ina bhlag chaith Mac Uí Shé slais lena iar-chomhghleacaí, Tadhg Kennelly, atá ar thosach cadhnaíochta i seilg na nAstrálach. Thagair fear Ard a’ Bhóthair d’fhear an Daingin (an paróiste in aice láimhe) agus an chailliúint a bheadh ann do Chiarraí sna blianta atá amach romhainn. ]

Ní haon iontas go bhfuil muc ar gach mala ag na Ciarraígh óir go bhfuil gach seans ann go mbeidh ceathrar nó cúigear imreoirí ón gcontae gafa ag an máistir conairte ó Lios Tuathail.
Port é seo a bhí ag Colm Cooper chomh maith le déanaí agus tá cinn á dtochas sa Ríocht agus lucht caide ag iarraidh teacht ar réiteach na faidhbe. Fonn a níos fiach.

Mar fhocal scoir, thugas suntas chomh maith go raibh gach cuid den Nuacht i nGaeilge, ní raibh oiread is duine amháin a cuireadh faoi agallamh ag labhairt as Béarla ó thús deireadh.