Seacht gceist faoi vóta atá cinniúnach don Iodáil agus don Eoraip

Ní beag an tionchar a bheidh ag reifreann na hIodáile ar chumas an AE teacht slán ón dochar a dhéanfaidh Brexit

Seacht gceist faoi vóta atá cinniúnach don Iodáil agus don Eoraip

Ní léir fós cé mhéad damáiste a dhéanfaidh Brexit don chomhthuiscint Eorpach. Ach ní beag an tionchar a bheidh ag reifreann na hIodáile ar chumas an AE teacht slán ón dochar a dhéanfaidh Brexit.

Seo a leanas freagraí ar na príomhcheisteanna a spreagann reifreann na hIodáile:


Cén leasú ar bhunreacht na hIodáile a chuirfí i bhfeidhm dá vótálfaí ina fhabhar?

Chuirfí deireadh leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair, ina bhfuil seanad na hIodáile ar comhchéim le teach íochtarach na parlaiminte, agus comhthoil an tSeanaid riachtanach sula ritear reachtaíocht.

Má ghlactar leis an leasú, ní bheadh an teach uachtarach ábalta bac a chur ar bheartas ar bith, seachas conarthaí Eorpacha agus leasuithe ar bhunreacht na hIodáile.

Athrú eile atá molta: 100 seanadóir a thoghfaí go hindíreach a bheadh sa teach uachtarach, in ionad 300 seanadóir  a thoghann vótóirí faoi láthair. 


Níl an chuma ar an méid sin go gcuirfeadh sé rialtas i mbaol, nó go mbeadh tionchar níos mó aige ar an AE.  Nach bhfuil mór is fiú gan chúis á dhéanamh den reifreann seo?

Ní dóigh liom é. Mar a tharlaíonn i ngach reifreann, tá ceisteanna níos doimhne á bplé san Iodáil seachas an cheist atá ar an bpáipéar vótála. Tá geallúint tugtha ag an bPríomh-Aire Matteo Renzi go n-éireoidh sé as a phost má dhiúltaítear do na hathruithe a mhol sé. An príomhthoradh mar sin ar vóta ina choinne: géarchéim rialtais gan mhoill. 


Nach bhfuil seantaithí ag na hIodálaigh ar a leithéid, agus nach féidir a bheith réasúnta cinnte mar sin go mbeidh príomh-aire nua i gceannas agus/nó comhrialtas de chineál éigin i gcumhacht tar éis tamaill?

Tá éiginnteacht níos mó i réim an babhta seo mar gheall ar gheallúint Renzi go n-éireodh sé. Tá éiginnteacht ann freisin mar gheall go bhfuil greim chomh mór sin ag an éadóchas ar an bpobal go gcreidtear nach mbeadh ar chumas rialtas ar bith athruithe riachtanacha a chur i gcrích. Agus mar bharr ar an donas, tá laige na mbanc san Iodáil ag cur leis an éiginnteacht.

Má dhiúltaítear do na beartais atá molta ag Renzi, is iomaí ábhar imní agus bagairt a bheidh ann do gheilleagar na hIodáile.


 An féidir glacadh leis mar sin go mbaineann an phríomhchúis imní leis na bainc?

Tá an freagra i do cheist agat sular tugadh aon deis dúinn!

Meastar go bhfuil brú chomh mór ar ocht gcinn de bhainc na hIodáile go mb’fhéidir go dteipfeadh orthu mura mbeidh muinín ag daoine as staid pholaitiúil agus airgeadais na tíre. Deir foinsí údarásacha nach bhfuil aisíoc ar bith á fháil ag bainc na hIodáile ar idir 17% agus 21% dá n-iasachtaí go léir.

An chúis imní is mó: meastar gur fiú thart ar €28 billiún na hiasachtaí gan mhaith atá i gcuntais Bhanc Monte di Paschi. Tá an banc ag iarraidh  €5 billiún d’infheistíocht nua a aimsiú roimh dheireadh na bliana. Thit luach scaireanna an bhainc 88% le bliain. 


Céard is féidir le Renzi nó le polaiteoir ar bith a dhéanamh agus géarchéim airgeadais chomh mór sin ag bagairt ar na bainc? Go háirithe agus geilleagar na tíre ag dul ar gcúl i gcónaí?

Fad a bheidh bainc agus infheisteoirí i dtíortha eile muiníneach as córas rialtais na hIodáile, agus as an ngeilleagar go háirithe, tá seans réasúnta ag an Iodáil teacht slán, le cabhair Bhanc Ceannais na hEorpa. Má chliseann ar a muinín sin, beidh brú as cuimse ar an Iodáil agus ar an euro. 


An gcreideann tú dáiríre go dteipfidh ar an euro mar gheall ar ghéarchéim san Iodáil, gan trácht ar an AE? 

Fiú má theipeann ar bhainc san Iodáil, ba chóir go mbeadh Banc Ceannais na hEorpa ábalta an euro a chosaint, dá ainneoin. Ach bheadh brú chomh mór ar an euro sa chás sin nach bhféadfá a bheith 100 faoin gcéad cinnte faoin méid sin fiú.


An bhfuil aon seans ann  go bhfuil ‘Iodáilimeacht’ romhainn?

Níl faoi láthair. Tá fearg ar mhórán vótóirí san Iodáil, ach níl móramh, ná baol air, ag iarraidh tarraingt amach as an AE. Faoi láthair, ar aon nós…

Má dhiúltaíonn na hIodálaigh do na beartais atá molta sa reifreann, má éiríonn Renzi as a phost, agus má theipeann ar na bainc, ná cuir cor ná casadh ar bith as an áireamh amach anseo.


Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Seacht gceist faoi vóta atá cinniúnach don Iodáil agus don Eoraip'