Seachaint cainte: an dochar a dhéanann Trump ní leigheasfar go luath

Ní shíleann formhór na saoithe in Washington gur léir spéis an Uachtaráin i gcomhrá éifeachtach, fiú amháin roimh chogadh

Seachaint cainte: an dochar a dhéanann Trump ní leigheasfar go luath

Chuir an craoltóir cáiliúil Oprah Winfrey tús an tseachtain seo lena ré mar thuairisceoir ar chlár fiosrúcháin CBS ’60 Minutes’.

Chuaigh sí chun cainte le 14 vótóir i Michigan – seachtar a thug tacaíocht do Donald Trump sa toghchán uachtaránachta, agus seachtar a vótáil ina choinne.

Bhí tionchar nach beag ag toradh an toghcháin i Michigan ar an toradh náisiúnta anuraidh. Bhuaigh Barack Obama le móramh beag sa stát in 2012, ach theip ar Hillary Clinton é a choinneáil i seilbh an Pháirtí Dhaonlathaigh agus beagán le cois 100,000 vóta sa bhreis ag Donald Trump i Michigan.

Bá léir tar éis cúpla nóiméad de chomhrá Oprah leis na vótóirí go taobh an bhearna eatarthu chomh mór anois agus a bhí nuair a vótáil siad. Dhá shampla de na freagraí a thugadar ar cheist faoina ndearcadh ar Trump:

‘Every day, I love him more and more.’

‘I think he’s a horrible President.’

Ní haon iontas é go bhfuil a leithéid á rá, toisc nach comhthuiscint ach a mhalairt atá á cothú aige ó toghadh é. D’admhaigh formhór na vótóirí go raibh caint ar chúrsaí polaitíochta seachanta acu le bliain anuas, mar gheall ar an ngéar-easaontas idir iad féin agus vótóirí “ar an taobh eile”.

Dúirt an saineolaí pobalbhreitheanna Frank Lunz ar an gclár go raibh an tost polaitiúil ag teacht leis an bhfianaise náisiúnta. Seachnaíonn daoine caint ar bith ar pholaitíocht, a dúirt sé, ar fhaitíos go gcuirfeadh sin isteach ar chairdeas nó ar a saol oibre.

Ní cóir an milleán go léir a chur ar an Uachtarán toisc an scéal a bheith amhlaidh, ach tá an deighilt níos doimhne agus an tionchar ‘Trumpúil’ ag leathadh amach i gcónaí.

“Bhaininn taitneamh roimhe seo as cluichí peile ar an teilifís agus as a bheith á bplé go minic le mo chairde,” a dúirt bean as New Jersey leis an scríbhneoir seo Dé Domhnaigh.

“Ach anois níl an pheil fiú amháin slán ó pholaitíocht.”

Dúirt fear eile liom go raibh teacht le chéile a mhuintire i gcomhair fhéile Thanksgiving ‘cosúil le cogadh cathartha’ nuair a thosaigh comhrá faoin uachtarán nuathofa.

Tá go leor ábhar atá níos tábhachtaí ná cúrsaí peile ar chlár oibre an Uachtaráin, cé go gceapfá a mhalairt dá mbeifeá ag brath ar a chuntas Twitter mar fhoinse. D’eisigh sé 24 giolc faoin agóid sin ó Dé Sathairn seo caite go dtí an Mháirt. Níor sheol sé ach chúig cinn sa tréimhse chéanna faoin ngéarchéim sláinte agus daonnachta i bPórtó Ríce.

Thug na Pittsburgh Steelers leath-thacaíocht don agóidíocht in aghaidh mharú daoine dubha ag póilíní. D’fhan an fhoireann go léir ina seomra feistis le linn chanadh an amhráin náisiúnta roimh chluiche a imríodh ar an Domhnach.

Dúirt méara Daonlathach na cathrach Bill Peduto gur aontaigh sé leis an agóid. Ach dúirt sé freisin gur thuig sé na fáthanna réasúnta (a) go mbeadh máthair shaighdiúra mhairbh ina coinne, ach (b) go mbeadh máthair ‘ar maraíodh a páiste sa tsráid’ ina fabhar.

Tá faoin méara dul i gcomhairle leis an dá thaobh. Bhí focal géar faoin Uachtarán ina chur síos ar aidhm an chaidrimh atá beartaithe aige:

‘There are two distinct sides that need to have a conversation – not a President who chooses sides.’

Tá géarghá le caidreamh éifeachtach den chineál céanna in Washington chomh maith, mar is léir, mar shampla, ón easaontas nimhneach maidir le hathchóiriú ‘Obamacare’.

Ainneoin an riachtanais, ní shíleann formhór na saoithe sa chathair seo gur léir fós spéis an Uachtaráin i gcur chuige dá leithéid, fiú amháin roimh chogadh.

Fág freagra ar 'Seachaint cainte: an dochar a dhéanann Trump ní leigheasfar go luath'