Sé uaire a mhaígh bord na Taibhdheirce go raibh moltaí tuarascála neamhspleáiche á gcur i bhfeidhm acu

Tá sé i gceist ag bord na Taibhdheirce cúram chlár ealaíne na hamharclainne a thógáil orthu féin, ach a mhalairt de mholadh a rinneadh i dtuarascáil neamhspleách

Sé uaire a mhaígh bord na Taibhdheirce go raibh moltaí tuarascála neamhspleáiche á gcur i bhfeidhm acu

Chuir bord na Taibhdheirce in iúl do Roinn na Gaeltachta sé uaire go raibh feidhm á tabhairt acu do na moltaí i dtuarascáil inar moladh nár chóir baint chomh mór sin a bheith ag an mbord le clár ealaíne na hamharclainne.

Tá conspóid faoi láthair ann maidir le plean bhord na Taibhdheirce deireadh a chur le post an stiúrthóra ealaíne san amharclann agus cúram an chláir ealaíne a ghlacadh chucu féin.

De réir tuairisce ag Nuacht TG4/RTÉ inniu, bhí sé chruinniú ag bord amharclann náisiúnta an Gaeilge le Roinn na Gaeltachta ón mbliain 2013 i leith ag ar tugadh le fios don Roinn go raibh moltaí a rinne comhairleoir neamhspleách maidir le struchtúr na hamharclainne á gcur i bhfeidhm acu.

I ráiteas a rinne Roinn na Gaeltachta tugtar le fios gur chuir bord na Taibhdheirce in iúl dóibh in 2013 gur ghlac an bord leis an tuarascáil neamhspleách a rinne Jane Daly agus go raibh sé i gceist na moltaí a bhí inti a chur i bhfeidhm.

De réir ráiteas na Roinne, dúirt an bord amhlaidh ag cruinnithe eile ina dhiaidh sin in 2013, 2014 agus 2016 agus gur tugadh le fios go raibh na moltaí na tuarascála á gcur i bhfeidhm mar a gealladh. 

I measc na moltaí sin, deirtear sa tuarascáil nár chóir ról chomh ‘lárnach’ sin a bheith ag bord na Taibhdheirce i stiúradh chlár ealaíne na hamharclainne.

In 2013, d’aontaigh bord na Taibhdheirce agus Roinn na Gaeltachta gur ghá comhairleoir neamhspleách a cheapadh le scagadh a dhéanamh ar struchtúr bainistíochta agus rialachais na hamharclainne agus moltaí a dhéanamh ina thaobh. 

Dúirt Roinn na Gaeltachta nach ag brath ar rialachas agus riar éifeachtach na hamharclainne amháin a bhíonn maoiniú na Taibhdheirce agus go mbíonn an maoiniú sin ag brath chomh maith ar chlár oibre na hamharclainne a bheith curtha i gcrích.

Chinn Bord na hamharclainne le déanaí gan athnuachan a dhéanamh ar chonradh stiúrthóir ealaíne na hamharclainne,  Anne McCabe, agus deireadh a chur leis an bpost sin. De réir phlean athstruchtúraithe an bhoird, cheapfaí  bainisteoir amharclainne chun an eagraíocht a rith agus an bord féin, i gcomhar leis an bhfochoiste ealaíne, a bheadh i bhfeighil ar an gclár ealaíne.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 le déanaí chomh maith go raibh titim le tamall ar líon na ndaoine a bhíonn ag freastal ar imeachtaí na hamharclainne agus go ndearna Roinn na Gaeltachta laghdú ar íocaíochtaí áirithe leis an amharclann toisc, a maíodh, nach raibh an plean ealaíne á chur i gcrích.  

I ráiteas a thug bord na Taibhdheirce an tseachtain seo caite dúradh nach raibh aon dualgas orthu moltaí na tuarascála a rinne Jane Daly a chur i gcrích, toisc nach raibh iontu ach moltaí.

Dúirt an Bord gurb é an dualgas atá orthu a chinntiú go dtiocfaidh an Taibhdhearc slán “mar ghnó inmharthana”. 

Tiocfaidh deireadh le conradh trí bliana Anne McCabe an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Sé uaire a mhaígh bord na Taibhdheirce go raibh moltaí tuarascála neamhspleáiche á gcur i bhfeidhm acu'