Sé thosaíocht an rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht leagtha amach ag Joe McHugh

Cur i bhfeidhm na Straitéise, leasú Bhille na dTeangacha Oifigiúla, agus an phleanáil teanga sa Ghaeltacht i measc na dtosaíochtaí atá ag an rialtas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

Sé thosaíocht an rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht leagtha amach ag Joe McHugh

Tá na tosaíochtaí atá ag an rialtas maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh. Ag labhairt dó sa Dáil, leag McHugh amach na sé rud a ndíreoidh an rialtas orthu “sa tréimhse amach romhainn”.

Forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht, deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, leasú Bhille na dTeangacha Oifigiúla, agus tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre trí Fhoras na Gaeilge, na tosaíochtaí a luaigh an tAire Stáit mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Dúirt McHugh go bhfuil sé i gceist ag a Roinn an plean gníomhartha do chur i bhfeidhm na Straitéise don tréimhse 2017-2022 a fhoilsiú “roimh dheireadh an fhómhair”. Bhíothas ag súil go bhfoilseofaí an plean i lár na bliana seo ach thug Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie níos luaithe an mhí seo go bhfuil moill ar an bpróiseas ach go bhfuil súil le foilsiú an phlean an fómhar seo.

Chuir an Teachta Ó Cuív ceist ar an Aire Stáit faoin airgead atá ar fáil óna Roinn don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin. Mhaígh Ó Cuív go bhfuil laghdú €4 mhilliún tagtha ar an mbuiséad sin “ainneoin gealltanas go mbeadh méadú i gceist”.

D’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Stáit an mbeidh sé in ann “an €5 mhilliún a gealladh” a chur ar fáil.

Dúirt McHugh gur ceist a bhaineann leis an mBuiséad í ceist an airgid a chuirtear ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin agus nárbh fhéidir leis-sean an cheist sin a fhreagairt dá bharr.

Fág freagra ar 'Sé thosaíocht an rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht leagtha amach ag Joe McHugh'