’Sé mian mo chroí a bheith i nDún na Rí – agus an róslabhras anois faoi bhláth!

Tá an róslabhras ar cheann de na deacrachtaí is lú, ó thaobh fásra de, i gConamara. Cén fáth go bhfuil an speal á bagairt uirthi?

’Sé mian mo chroí a bheith i nDún na Rí – agus an róslabhras anois faoi bhláth!

Vera Lynn

’Sé mian mo chroí a bheith i nDún na Rí,
Leis an ógbhean a bhí liomsa tráth,
Ag siúl faoi dhraoícht na gréine buí,
Is an róslabhras glas faoi bhláth.

Ní inniu ná inné a scríobhadh Doonaree’ agus ní mórán d’aistriúchán é seo ar cheann de véarsaí an amhráin sin. Chaithfeadh sé nach fada tar éis an Dara Cogadh Mór a chuir Dick Farrelly na línte ceolmhara sin i dtoll a chéile. Garda Síochána as an gCabhán ab ea Dick. Bhíodh Vera Lynn – grá geal fhórsaí armtha na Breataine – ar dhuine acu siúd a bhíodh ag casadh ‘Doonaree’. Tá an 100 curtha di ag Vera anois.

Is léir go raibh na cosa curtha go láidir i dtalamh an uair sin féin ag an róslabhras in Éirinn. Go deimhin féin, d’fhéadfá a dhul siar céad bliain eile agus bheadh an róslabhras ag cur na mbláthanna corcra agus ildathacha amach go péacach sa tír seo ar theacht an tsamhraidh. 

Tá an samhradh ar fáil arís agus tá an róslabhras faoi bhláth i nDún na Rí agus in áiteacha eile sa tír – go háirithe ar chóstaí an iarthair, áit a bhfuil sé ar a chompord i dtalamh portaigh. 

Thart ar an gCoill Mhór agus ar fud Chonamara, tá an brat corcra agus bándearg scaipthe ar chnoc agus ar ghleann. Ach, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag fógairt catha ar an bpósae corcra. Tá sé curtha i leith an róslabhrais gur ‘blow in’ é as tíortha coimhthíocha agus go bhfuil sé thar am an speal a ligean faoi. 

Shocraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe go réiteofaí straitéis le haird mhuintir an chontae a tharraingt ar chraobhacha agus ar phlandaí coimhthíocha agus go ndíreofaí na piléir ar an bhfásra seo a shéid chugainn isteach. Sé cinn acu atá ann agus tá an róslabhras áirithe ina measc sin. Cuireadh an straitéis faoin teideal ‘Draft Invasive Species Strategy for County Galway’ (Dréachtstraitéis Speicis Choimhthíocha Ionracha Chontae na Gaillimhe) faoi bhráid Chomhairleoirí Contae Chonamara tamall ó shin. Leagan Béarla den straitéis a bhí ann – nach iomaí sin rud atá fuadaithe isteach chugainn sa tír seo, dá rachfaí go bun an údair, ach sin scéal thairis.

Tá foirmeacha réitithe cheana féin le scaipeadh ar an bpobal le deis a thabhairt do dhaoine tuairisc a chur isteach faoi chuid ar bith de na ‘strainséirí’ seo a thabharfaí faoi deara. Tabharfaidh tú ainm an phlanda, an áit a bhfacthas é agus aon eolas eile atá agat faoi. Beidh an planda nó an chraobh sin sa mbearna bhaoil ón lá sin amach agus speal bagartha ar an róslabhras dá bharr.

Ar ndóigh, mhol Michael Healy-Rae, duine de Theachtaí Dála Chiarraí, go bhfógródh Éirinn cogadh ar an róslabhras i bPáirc Náisiúnta Chiarraí. Ba cheart a deir an Teachta Healy-Rae go gcuirfí fórsaí míleata na Poblachta isteach leis an róslabhras a cheansú. Tá an róslabhras ag cur a chosa uaidh ar chuile thaobh i bPáirc Náisiúnta Chill Airne agus aeráid na háite á spreagadh. 

Caithfear glacadh leis go bhféadfadh tom ar bith scaipeadh an-iomarca ar bhealach míchóiriúil. Is léir go bhfuil deacrachtaí leis ó dheas. Ach, tá an róslabhras ar cheann de na deacrachtaí is lú, ó thaobh fásra de, i gConamara.

Go deimhin, tá daoine ann a thagann go Conamara in aon turas – go háirithe siar ó thuaidh sa cheantar – an tráth seo bliana go bhfeicfidh siad an róslabhras faoi bhláth. 

Is dóigh gur thart ar an gCoill Mhór is feiceálaí atá an radharc seo ó tharla go bhfuil an róslabhras ag strapadóireacht ar an gcnoc ar chúl na Mainistreach. Ina dhiaidh sin féin, ní féidir, dar liomsa, an radharc sin ar an gCoill Mhór a chur i gcomórtas leis an sliabh corcra a éiríonn aníos i dtreo na spéire thart ar bhaile Beddgelert i dtuaisceart na Breataine Bige an tráth seo bliana. 

Is cinnte go dtarraingíonn an radharc sin turasóirí ina sluaite go Beddgelert agus baintear leas ar an róslabhras sa bhfógraíocht a dhéanann lucht na turasóireachta. Ach, ní pictiúr corcra uilig é i dtuaisceart na Breataine Bige ach an oiread. I mBeddlegert féin, tá feachtas ar bun anois le srian a chur leis an róslabhras agus tá meastacháin ann go dteastódh £10 milliún le theacht roimh scaipeadh an gcraobhacha corcra i bPáirc Náisiúnta Snowdonia (Eryri ) sa taobh sin tíre. 

Níl aon chosúlacht ann go bhfuil an róslabhras ag treabhadh roimhe mar sin i gConamara. Tá daoine ann ar mhaith leo go mbeadh tuilleadh den róslabhras acu in aice a gcuid tithe ach, go hiondúil, bíonn sé scaitheamh maith blianta sula dtagann mórán borradh faoi thom róslabhrais. Ar bhun praiticiúil, tá buntáistí ag baint leis an gcineál róslabhrais atá againne ar chriathraigh threampánacha Chonamara, agus cuimhnigh go bhfuil os cionn 1,000 cineál róslabhras ann.

Is beag dochar a dhéanann salann an Atlantaigh dó. Coinníonn sé an duilliúr i gcaitheamh na bliana agus tá seasamh an-láidir aige ar an ngaoth. Tá foscadh maith ann d’ainmhithe agus rud eile, ní íosfaidh mórán ainmhí ar bith an duilliúr. Chomh maith leis sin uilig, cuireann craobh láidir agus duilliúr glas – amhail an róslabhras agus an cuileann cosúlacht níos beoite ar an tírdhreach rite atá againn i gConamara ar feadh píosa mór den bhliain. 

Níl aon chosúlachtaí móra i gConamara faoi láthair go bhfuil an áit foirgthe leis an róslabhras. Ach tá neart fianaise ann go bhfuil go leor gabháltais agus go leor criathraigh gafa i bhfiántas agus is é an t-aiteann an namhaid is measa. 

Ach, má tá míle cineál den róslabhras ann, níl ach dhá chineál aitinn ann – an mhaith agus an t-olc! Sin é a d’abraíodh fear thart anseo. Ba é an réasún leis seo ná go mbíodh tomacha aitinn ann a mbíodh toirt ghnaíúil iontu agus a dhéanfadh foscadh d’ainmhithe. Ba é an droch-aiteann an ceann a d’fhásadh as éadan ina bhrat ar an talamh agus nach bhfágfadh greim le n-ithe ag bó ná caora. 

Tá an cineál sin ina fhadhb an-mhór i gConamara anois, agus in áiteacha ar nós iarthar Mhaigh Eo freisin. Ní hé amháin go bhfuil sé ag milleadh an ruainnín talamh bán atá ann ach is mór an chontúirt é i dtaobh dóiteáin. Chonaic daoine a ndóthain de dhóiteáin le tamall agus fágann an lear aitinn atá thart – dá dhúchasaí dá bhfuil sé – go dtarlóidh drochloscadh eile agus go mbeidh daoine agus tithe i mbaol.

Níl ábhar amhráin féin san aiteann. 

Maidir leis an róslabhras – cuimhnigh ar Dhún na Rí!

Fág freagra ar '’Sé mian mo chroí a bheith i nDún na Rí – agus an róslabhras anois faoi bhláth!'

  • Máire Uí Chonboirne

    E. Boland, máthair Bhróna Uí Loing a chum an t-amhrán seo go bhfios dom. Ba é Harry Boland seanuncail Bhróna agus ba é Gerry Boland a seanathair. Tá Bróna ar FB.

  • Máirtín Ó Catháin

    Tá an ceart ag Máire Uí Chonboirne. Sí Eilis (Farrelly) Boland a chum ‘Doonaree’.
    Bhí dul amú orm; gabh mo leithscéal.

    Ba as Dún na Rí í Eilís agus chum sí an t-amhrán i dtús na 1950aidí.
    Go raibh maith agat a Mháire as an botún seo a cheartú agus go raibh maith agat as ucht an t-alt a léamh agus suim a chur san ábhar.

    Mar a thárlaionn sé, ba Farrelly an sloinne a bhí ar Eilis Boland sul ar phós sí.
    Máirtín Ó Catháin.