Sé cinn de sheaicéid fir ar phraghsanna idir €40 agus €110

Tá compord agus stíl i gceist sa rogha de sheaicéid neamhfhoirmeálta atá déanta ag ár gcomhfhreagraí

Sé cinn de sheaicéid fir ar phraghsanna idir €40 agus €110

Bhí rogha de sheaicéid samhraidh do mhná againn anseo an tseachtain seo caite agus le grá don chothromaíocht níor mhaith linn na fir a ligean i ndearmad ach an oiread.

Cuireann seaicéad deas neamhfhoirmeálta cuma ‘chríochnaithe’ nó barr slachta ar aon fheisteas a bheadh a chaitheamh ag fear oíche shamhraidh. Ach ní ar chúrsaí stíle amháin is ceart an rogha a dhéanamh – tá tábhacht an-mhór le compord freisin.

Seo sé cinn a mheall mo shúil féin agus iad ar fáil ar phraghsanna atá réasúnta go maith.  

Seaicéad clasaiceach deinim Levi ar a dtugtar ‘The Trucker Jacket’ i ndath ar a dtugann siad ‘stonebridge’. Tá rogha 11 dath ar fad ar fáil agus praghas €110.00 atá i gceist.

Seaicéad ‘puffer’ te teolaí ó Zara ar dhath liathbhuí ar fáil ar €59.95.

Línéadach atá i gceist sa seaicéad ‘bomber’ seo ó H&M ar phraghas €49.99. Ardchaighdeán i gceist anseo agus margadh an-mhaith ar an airgead sin. Tá sé ar fáil i ndathanna liathbhuí agus dúghorm.

Tá dath álainn gorm ar an seaicéad ‘bomber’ seo ó Mango ar €59.95 ach an rud is fearr faoi seo ná gur seaicéad iniompaithe é, rud a chiallaíonn go bhfuil tú ag fáil dhá sheaicéad difriúil ar an aon phraghas amháin.

€90 atá ar an seaicéad ‘biker’ dubh seo ó River Island. Tá stíl an-deas ag baint leis agus e breá éadrom don tráth seo bliana. 

Seaicéad deinim eile an ceann seo ar dhath liath atá ar fáil ó New Look ar €39.99 – simplí, clasaiceach agus oiriúnach le caitheamh le haon chineál feistis.

Fág freagra ar 'Sé cinn de sheaicéid fir ar phraghsanna idir €40 agus €110'