Sé cinn de na comhábhair is fearr don chúram cnis

Deir ár gcomhfhreagraí nár cheart go mbeimis meallta ag branda nó pacáistiú agus táirgí cúram cnis á roghnú againn ach súil ghéar a choinneáil ar na comhábhair

Sé cinn de na comhábhair is fearr don chúram cnis

An rud is suntasaí atá foghlamtha agam in imeacht na mblianta faoi chúrsaí cúram cnis ná go bhfuil sé fíorthábhachtach go deo féachaint i gcónaí ar an liosta comhábhar in aon táirge sula gceannaítear é.

Go minic bíonn muid meallta ag branda nó pacáistiú nó bíonn muid faoi dheifir nó róleisciúil le haon staidéar ceart a dhéanamh ar an mbailiúchán ceimiceán a bhíonn sna táirgí a chuireann muid ar ár n-aghaidh.

Ach is fiú go mór an tairbhe an trioblóid.

Tá go leor comhábhair éagsúla a thugann le fios go bhfuil fiúntas ag baint leis an táirge agus nach airgead amú é a cheannach.

Ar ndóigh, is minic comhábhair éagsúla á n-úsáid nach bhfuil tairbhe dá laghad iontu, ola mhianrach mar shampla, nach bhfuil ann ach líonadh breise sa bhuidéal.

Tá ábhair eile gur cheart iad a sheachaint ar fad mar gur cinnte gur mó dochar ná maitheas a dhéanann siad, ina measc sóidiam sulfáit lauryl (SLS) agus parabens.

Ach céard iad na comhábhair a bhfuil leas agus maitheas iontu don chraiceann?

Seo iad na sé cinn a gcoinním féin súil amach dóibh agus a mheasaim go bhfuil fiúntas ag baint leo i dtáirgí cúram cnis.

Aigéad Hialúrónach (nó Sóidiam Hialúrónach)

Déanann an ceimiceán seo hiodráitiú iontach ar an gcraiceann. Deirtear go gcoinníonn sé míle uair a mheáchan féin d’uisce agus go n-oibríonn sé mar maighnéad le huisce a mhealladh isteach sa chraiceann. Níor cheart aon imní a bheith ort faoin bhfocal ‘aigéad’ sa chás seo mar ní aigéad é a bhfuil aon dochar ann.

Ceramides

Cabhraíonn an ceimiceán seo le ‘bacainn sábhála’ an chraicinn a neartú agus drochbhaictéir agus ábhair eile a dhéanfadh dochar dó a choinneáil amach. Chomh maith leis sin cabhraíonn siad leis an taise a choinneáil sa chraiceann le go mbeidh sé i mbarr a mhaitheasa.

Aigéad Salaicioláit (BHA)

Déanann an t-aigéad seo scamhadh iontach ar an gcraiceann mar go dtéann sé go domhain isteach sna póireanna lena nglanadh. Cinntíonn sin go laghdaítear an seans go mbeadh spotaí nó goiríní dubha agus bána ar an gcraiceann.

Vitimín C

Is frith-ocsaídeoir é an vitimín seo leis an gcraiceann a chosaint ar an aois. Déanann sé é seo trí chosc a chur ar an dochar a dhéanann truailliú san atmaisféar don chraiceann. Cabhraíonn sé freisin le gealadh a dhéanamh ar lí nó bricíní ar an gcraiceann.

Reiteanól

Is é seo an t-aon cheimiceán a bhfuil sé cruthaithe gur féidir leis an ruaig a chur ar roic agus ar línte fíneálta ar an gcraiceann. Cuireann sé cuma mhín ar an gcraiceann ach is ceart uachtar cosanta gréine a úsáid leis freisin. Is féidir leis a bheith crua ar an gcraiceann mar go bhfuil sé chomh láidir sin ach is féidir leaganacha níos laige a fháil anois nach mbíonn aon fho-iarmhairtí ag dul leo.

Niacinamide (nó Vitimín B3)

Tá an comhábhar seo ar fheabhas i dtáirgí cúram cnis mar go dtéann sé i ngleic leis an iliomad fadhbanna. Cabhraíonn sé le póireanna agus roic a laghdú agus cuireann sé dath níos cothroime ar an gcraiceann ar fad. Ba cheart a bheith cúramach gan é a úsáid ag an am céanna le táirge a bhfuil Vitimín C ann mar do dtéann siad i gcoimhlint le chéile.

Fág freagra ar 'Sé cinn de na comhábhair is fearr don chúram cnis'

  • Mise Áine

    @Tá ábhair eile gur cheart iad a sheachaint ar fad mar gur cinnte gur mó dochar ná maitheas a dhéanann siad, ina measc sóidiam sulfáit lauryl (SLS) agus parabens.

    Tá sé sin cloiste agam, go deimhin. Seachnaím iad…

  • Hiy

    Oiche mhaith codlata, bia agus aer follain, abhar eigin gleacaiochta agus croileis. Sin iad na comhabhair agat. Is geall le ‘mummies’ iad gearrchailli na linne seo lena bhfuil de smidiu orthu. Gan an costas a bhac, cad a thugann orthu stroighin den sort sin a chur fena n-aghaidh? Is tusa tu fein in ainneoin do dhichill! Ni hamhlaidh go mbionn an screamh sin orthu sa leaba? Agus e leaite anuas orthu? (Gan tracht ar mo dhuine!)