Scrúdú le déanamh ag Coiste Cróinéara inniu ar bhás Árannaigh óig i nDún na nGall in 2015

Bhásaigh Séamus Seoighe as Árainn nuair a tháinig gáis a bhí ag éirí as uisce marbh i mbolg a bháid ina mhullach sna Cealla Beaga in 2015

Scrúdú le déanamh ag Coiste Cróinéara inniu ar bhás Árannaigh óig i nDún na nGall in 2015

Scrúdóidh an Coiste Cróinéara bás Shéamuis Seoighe, as Árainn, i mBaile Dhún na nGall inniu. Fuarthas amach i dtuarascáil a d’fhoilsigh Bord Imscrúdú Taismí Muirí (MCIB) an bhliain seo caite, gur gáis thocsaineacha an tsiocair bháis a bhí ag an Árannach óg a bhásaigh ar bhád iascaigh sna Cealla Beaga in 2015.

Bhásaigh Seoighe, as Bóthar an Phumpa in Árainn, nuair a tháinig na gáis a bhí ag éirí as uisce marbh i mbolg an bháid ina mhullach. Aistríodh go hOtharlann Leitir Ceanainn é i ndiaidh na timpiste, áit ar bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin. 27 bliain d’aois a bhí Séamus.

Dúradh i dtuarascáil an MCIB gur scaoileadh na gáis nuair a pumpáladh an sáile tríd an gcóras sáile cuisnithe (RSW), ar an FV Oileán an Óir, a bhí as feidhm ó mhí an Mhárta 2015. Thosaigh an Seoigheach agus Joel Alma, iascaire Filipíneach, ag seiceáil an chórais go bhfeicfidís an raibh sé ag obair ag a 1 a chlog, an 24 Lúnasa 2015. Tugadh faoi deara go raibh an t-uisce salach agus cinneadh an dá umar a fholmhú le córas folúsphumpála.

Chuaigh Joel Alma, san umar ar dtús agus tháinig an gás ina mhullach. Chuaigh Séamus Seoighe isteach ina dhiaidh ach tháinig an gás ina mhullach féin chomh maith.

De réir na tuarascála, ní raibh an trealamh ceart ag an gcriú le monatóireacht a dhéanamh ar an atmaisféar sna humair.

Fág freagra ar 'Scrúdú le déanamh ag Coiste Cróinéara inniu ar bhás Árannaigh óig i nDún na nGall in 2015'