Scríbhneoireacht Chruthaitheach 16 – Scéal – Áthas (Cartlann)

Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 16 – Scéal – Áthas (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Áthas
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan smaoineamh/topaic amháin a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur ar an smaoineamh sin.
  • Struchtúr Scéil:
  1. Cruthaigh an comhthéacs
  2. Tarlaíonn eachtra tábhachtach
  3.  An chríoch/an réiteach

Smaoinigh ar na ceisteanna thíos agus tú ag pleanáil an scéil.

  • Cé hé/hí an príomhcharachtar?
  • Cén sórt duine é/í?
  • Cad atá uaidh/uaithi?
  • Céard atá ag cur as dó/di?
  • Céard iad na heachtraí tábhachtacha a tharlaíonn?
  • Cén chaoi a dtarlaíonn siad?
  • Cén uair?
  • Cén áit?
  • Cén chaoi a mothaíonn sé/sí?
  • Cad deir sé/sí?
  • Cad deirtear léi?
  • Cén chaoi a gcaitheann daoine leis/léi?
  • Cén chaoi a ndéileálann sé/sí leis na heachtraí?
  • Cad a athraíonn?
  • Cén chaoi a bhfuil rudaí ag an deireadh?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. crith cos agus lámh
  2. ina bhreis ina haghaidh
  3. cinneadh
  4. lá na cinniúna
  5. do hata a chaitheamh le rud
  6. níorbh fhada
  7. ardú meanman
  8. bhuail mé bóthar
  9. baineadh geit uafásach as..
  10. cantalach

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an mhéid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn inadhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Áthas

Bhí crith cos agus lámh ar Róisín. Níor theastaigh uaithi a bheith ansin cé gur thuig sí go gcaithfeadh sí a bheith ansin. Foirgneamh beag íseal, foirgneamh beag gránna i ndáiríre ab ea an tIonad Trialacha Tiomána. Thuig Róisín gur deasghnáth aistrithe saoil é an scrúdú seo ach fós féin ní raibh Róisín ag súil leis agus níor cheap sí riamh go mbeadh an próiseas chomh deacair sin.

Cúpla mí roimhe sin ea a rinne sí an cinneadh foghlaim cén chaoi le tiomáint agus tabhairt faoin scrúdú. Nach uirthi a bheadh an t-áthas dá n-éireodh léi sa scrúdú, a dúirt sí léi féin go minic. Bheadh sí neamhspleách ar a tuismitheoirí agus í ina duine fásta ceart. Cá bhfios ná go gceannóidís carr di lá breá éigin. Níorbh áthas go dtí é.

Ní raibh tuairim dá laghad aici céard a bhí ar siúl aici nuair a shuigh sí taobh thiar den roth stiúrtha den chéad uair. Bhí sí buíoch dá hathair as a bheith toilteanach í a mhúineadh ach bhí a fhios aici go mbeadh sé ina mhíle murdar eatarthu. Tháinig an tuar faoin tairngreacht mar gach oíche a ndeachadar amach ar an mbóthar bhíodar ag screadaíl ar a chéile in ard a gcinn is a ngutha. Ba dhóbair gur leag sí an chomharsa béal dorais an chéad oíche. B’fhada ó thús maith é. Bhí Róisín ag smaoineamh ar a hata a chaitheamh leis an gcúram. Aon uair a thagadh frustrachas uirthi, áfach, smaoiníodh sí ar an áthas a bheadh uirthi nuair a bheadh an scrúdú pasáilte aici.

Sin é a thug chuig an Ionad Trialacha Tiomána í an mhaidin fhuar Earraigh sin. Lá na cinniúna gan aon agó. Níorbh fhada nó gur tháinig an scrúdaitheoir. Níor thug seo aon ardú meanman do Róisín. Fear beag feosaí le spéaclaí ba ea é agus cuma thar a bheith cantalach air. Shuigh siad isteach sa ghluaisteán gan oiread is focal a rá. Tar éis di cúpla ceist a fhreagairt bhuaileadar bóthar.

Ní raibh go maith agus ní raibh go holc nó gur tháinig siad chuig an timpeallán ar imeall an bhaile. Ní raibh aon radharc ar aon ghluaisteán eile agus ghluais Róisín isteach i lár an timpealláin. De gheit tháinig carr timpeall an chúinne ar luas lasrach. Seanfhondúir éigin a bhí ag tiomáint ar nós fear as a mheabhair.

Baineadh geit uafásach as Róisín ach thuig sé go mbeadh uirthi guaim a choinneáil uirthi féin nó theipfeadh sí an scrúdú, nó níos measa, mharófaí an bheirt acu. Bhrúigh sí na coscáin chomh tapa agus chomh crua is a bhí sí in ann. Stop an carr de gheit. Ba dhóbair go ndeachaigh an scrúdaitheoir amach tríd an ngaothscáth. Má bhí sé cantalach roimhe sin bhí sé seacht n-uaire níos measa ansin.

Ghluais an seanfhondúir leis amhail is nach raibh rud ar bith tar éis tarlú. Bhí dath an bháis ar Róisín agus an scrúdaitheoir araon agus thugadar aghaidh ar an Ionad ar an bpointe boise nach mór. D’éirigh siad amach as an gcarr gan focal a rá. Go deimhin ní raibh focal as an scrúdaitheoir go dtí gur shuigh sé taobh thiar dá dheasc ina oifig bheag shuarach. Dúirt sé le Róisín gur tiománaí cumasach í agus mhol sé go hard na spéire í as an tslí ar sheachain sí an timpiste. Theastaigh ó Róisín gáir mhaíte a ligean aisti. Cé go raibh an bhreis ina haghaidh bhí a sprioc bainte amach aici. Bhí clab go cluasa uirthi. Níor áthas go dtí é.

Fág freagra ar 'Scríbhneoireacht Chruthaitheach 16 – Scéal – Áthas (Cartlann)'

  • F. Ní Mhurchú

    Baineadh geit as Róisín….nó go dteipfeadh UIRTHI sa scrúdú no go marófaí an bheirt acu.