Scríbhneoireacht Chruthaitheach 14 – Aiste – Teicneolaíocht

Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 14 – Aiste – Teicneolaíocht

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Teicneolaíocht
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:

1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
3. Conclúid

  • Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil na haiste.
  1. Cúlra/stair
  2. Cad is cúis leis?
  3. Cad deir daoine faoi?
  4. Na tuairimí atá agat féin faoi
  5. Eispéiris phearsanta
  6. Buntáistí/míbhuntáistí
  7. Réiteach/Moltaí – céard ba cheart a dhéanamh?
  8. Dúshláin/fadhbanna
  9. Tréithe atá ag rud
  10. Céard a tharlóidh amach anseo?
  11. An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. faoi dhraíocht
  2. suaithinseach
  3. drochnósanna
  4. dea-chleachtais
  5. an t-asal a dhíol leis an adhastar
  6. cibearbhulaíocht
  7. fadhb chigilteach
  8. réabhlóid theicneolaíoch
  9. ‘Is searbh í an fhírinne’
  10. in ainneoin

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Teicneolaíocht

Deich mbliana ó shin chuir Steve Jobs, nach maireann, na saoithíní teicneolaíochta faoi dhraíocht nuair a sheol sé an chéad iPhone. Ba é an gaireas suaithinseach úd an chéad fhón cliste agus is beag duine a shamhlaigh an uair úd na forbairtí ollmhóra a tharlódh i domhan na teicneolaíochta dá bharr. Go deimhin tá saol na teicneolaíochta athruithe ó bhonn ó bhliain an dá mhíle i leith. Bheadh sé deacair don aos óg a thuiscint nárbh ann do Facebook, YouTube, Twitter, Instagam, Snapchat agus a lán eile nach iad roimhe sin. Is ait an mac an saol ach is aistí fós na hathruithe a thagann ar an saol.

Bímid ag gearán go minic faoin tslí go bhfuil na fóin chliste tar éis an comhluadar, an comhrá agus an chuideachta a shlogadh. ‘Is searbh í an fhírinne seo’ mar an mó uair go bhfuil lánúin, grúpa cairde nó teaghlach feicthe agat féin i mbialann, nó áit dá leithéid, agus a gcloigne báite ina bhfóin acu. Tá ré an chomhrá thart, dar le mórán. Aontaím go bhfuil an fhadhb seo ann ach caithfimid guaim a choinneáil orainn féin. I ndeireadh na dála níl san iompar seo ach drochnós agus in ainneoin cad deir an seanfhocal faoi nósanna a bhriseadh is féidir agus ba cheart an ceann seo a bhriseadh.

Ní cheart an t-asal a dhíol leis an adhastar. Is giuirléidí iontacha iad na fóin chliste. Gléas do ghlaonna, téacsanna, idirlíon, ríomhphoist, ceol agus na mílte rudaí eile i mbos do láimhe. Mapaí le treoracha má tá san fhaopach, teagmháil fhísiúil le gaolta thar lear, earraí á gceannach ó i bhfad is i gcéin agus eolas á scaipeadh ar luas lasrach.

Dar liom go bhfuil na meáin shóisialta ar fad ina n-uirlisí iontacha agus dainséaracha araon, go mór mór do dhaoine óga. Ar na saolta seo ní féidir ceist na bulaíochta a sheachaint nuair a bhíonn na meáin nua á bplé. Is fadhb dhúshlánach, fhorleathan go maith í an bhulaíocht, go mór mór i measc na n-óg. Bhí an bhulaíocht ann roimh an réabhlóid theicneolaíoch ach tá an dul chun cinn teicneolaíoch tar éis í a thabhairt isteach thar leac an dorais. Is fadhb chigilteach í an chibearbhulaíocht agus tá daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí agus údaráis ar fud an domhain ag iarraidh dul i ngleic léi. Arís ní cheart an milleán ar fad a chur ar leithéidí Facebook, Twitter agus Snapchat. Is áiseanna iontacha iad seo ó thaobh na ndeiseanna a thugann siad do dhaoine fanacht i dteagmháil lena chéile, díospóireachtaí a chothú, tacaíocht a lorg agus eolas a bhailiú. Níl ann ach teacht ar an tslí is fearr le srian a chuir ar ghnéithe dainséaracha díobh, do dhaoine óga ach go háirithe.

D’fhás mé féin agus mo chomhghleacaithe aníos agus an réabhlóid seo faoi lán seoil. Is cuid nádúrtha dár saol iad na rudaí seo ar fad cé go bhfuil ár dtuismitheoirí agus seantuismitheoirí níos míchompordaí leo. B’amhlaidh a bhí le gach dul chun cinn teicneolaíochta, teacht na haibhléise mar shampla. Ní féidir an dul chun cinn a stop. An rud gur féidir a dhéanamh ná na dainséir a sheachaint, drochnósanna a chosc agus dea-chleachtais a spreagadh. Anois cár fhág mé mo iPhone?