Scríbhneoireacht Chruthaitheach 13 – Scéal – Imní (Cartlann)

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 13 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 13 –  Scéal – Imní (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Imní
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

Déan smaoineamh/topaic amháin a roghnú.

  • Anois caithfidh tú slacht a chur ar an smaoineamh sin.
  • Struchtúr Scéil:

1) Cruthaigh an comhthéacs
2) Tarlaíonn eachtra tábhachtach
3) An chríoch/an réiteach

  • Smaoinigh ar na ceisteanna thíos agus tú ag pleanáil an scéil.
  1. Cé hé/hí an príomhcharachtar?
  2. Cén sórt duine é/í?
  3. Cad atá uaidh/uaithi?
  4. Céard atá ag cur as dó/di?
  5. Céard iad na heachtraí tábhachtacha a tharlaíonn?
  6. Cén chaoi a dtarlaíonn siad?
  7. Cén uair?
  8. Cén áit?
  9. Cén chaoi a mothaíonn sé/sí?
  10. Cad deir sé/sí?
  11. Cad deirtear léi?
  12. Cén chaoi a gcaitheann daoine leis/léi?
  13. Cén chaoi a ndéileálann sé/sí leis na heachtraí?
  14. Cad a athraíonn?
  15. Cén chaoi a bhfuil rudaí ag an deireadh?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. lá na cinniúna
  2. am an ghátair
  3. sceimhle
  4. drogallach
  5. saothar in aisce
  6. dúshlán
  7. teacht i gcabhair
  8. ba dhóbair
  9. osna faoisimh
  10. ar mo shuaimhneas
  • Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

 Gníomhaíocht 6: 

  • Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.
  • Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Imní

Bhí lá na cinniúna tagtha ar deireadh. Mhothaigh Sinéad go raibh gach duine ina timpeall ag caint ar an lá seo ar feadh blianta; tuismitheoirí, gaolta, múinteoirí agus cairde mar aon le gach mac máthar a dhein aon phíosa cainte léi. Dá bharr bhí sí féin, agus a comhghleacaithe ag tnúth go mór leis an lá seo a chur tharstu ach bhí siad go hiomlán imníoch faoi ag an an céanna. An dara lá de mhí Mheithimh a bhí ann, an chéad lá de scrúduithe na hArdteiste.

Dhúisigh Sinéad go luath an mhaidin sin. Go deimhin chaith sí uaireanta an chloig gan néal a chodladh le linn na hoíche. Cén chaoi a bhféadfadh sí codladh? Bhí an imní, an bhuairt, an sceimhle á crá. Céard a tharlódh mura mbeadh na topaicí cearta ar an bpáipéar? Céard a dhéanfadh sí mura dtuigfeadh sí ceist? Céard a dhéanfadh sí mura mbeadh sí in ann cheist a fhreagairt? Céard faoi chúrsaí ama? Céard faoi? Céard faoi? Céard faoi? Ní raibh faic ina cloigeann ach ceisteanna.

D’éirigh sí as an leaba go drogallach agus gan fonn agus ghléas sí í féin ina héide scoile. Ar a laghad ní bheadh uirthi na giobail seo a chaitheamh i bhfad eile. Bhí a tuismitheoirí ag iarraidh a bheith tacúil agus gealgháireach ach ba shaothar in aisce é. Bheadh uirthi aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo léi féin. Sin é an rud is mó a chur eagla uirthi; ní bheadh cara, múinteoir ná tuismitheoir in ann teacht i gcabhair uirthi in am an ghátair i lár scrúdaithe.

Bhí doras halla na scrúduithe díreach sroichte aici nuair a tharla sé. Tháinig anbhá dochreidte aniar aduaidh uirthi agus ba dhóbair gur thit sí i laige. Tháinig crith cos agus lámh uirthi agus í cinnte nach bhféadfadh sí tabhairt faoin scrúdú. Tháinig a dlúthchara, Niamh agus an príomhoide a fhad léi. Tar éis tamaillín d’éirigh leo í a chur ar a suaimhneas. D’imigh Sinéad isteach le tabhairt faoin scrúdú agus í lánchinnte go ndéanfadh sí cluas mhuice den rud ar fad.

Nuair a d’oscail sí an páipéar lig sí osna mhór faoisimh. Ar an gcéad dul síos bhí na ceisteanna go breá agus bheadh sí in ann tabhairt faoin rud ar fad gan stró. Ach níos tábhachtaí ná sin thuig sí gur cur amú ama agus fuinnimh ba ea an imní agus an strus ar fad. Den chéad uair ó thosaigh sí amach ar bhóthar na hardteiste thuig sí nach é an scrúdú seo an rud is tábhachtaí sa saol agus nach deireadh an tsaoil é mura n-éireodh go maith léi. Déan do dhícheall agus sin a bhfuil ann, a dúirt sí léi féin. Ní raibh focal scríofa aici ach fós mhothaigh sí faoiseamh dochreidte. Bhí an imní sheafóideach imithe di. Ba mhór an trua nach raibh sé déanta aici míonna roimhe sin. Rug sí ar an bpeann.

Fág freagra ar 'Scríbhneoireacht Chruthaitheach 13 – Scéal – Imní (Cartlann)'