Scríbhneoireacht Chruthaitheach 05 – Saol na ndaoine óga inniu (Cartlann)

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 05 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 05 – Saol na ndaoine óga inniu (Cartlann)

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: Saol na ndaoine óga inniu’
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:
  1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
  2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
  3. Conclúid

Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil an na haiste.

a) Cúlra/stair
b) Cad is cúis leis?
c) Cad deir daoine faoi?
d) Na tuairimí atá agat féin faoi
e) Eispéiris phearsanta
f) Buntáistí/míbhuntáistí
g) Réiteach/Moltaí – céard ba cheart a dhéanamh
h) Dúshláin/fadhbanna
i) Tréithe atá ag rud
j) Céard a tharlóidh amach anseo
k) An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. buntáistí nó míbhuntáistí na teicneolaíochta
  2. cáineadh
  3. dúshláin
  4. féidearthachtaí
  5. an ghlúin óg
  6. tá an saol éirithe níos casta
  7. impleachtaí
  8. soineantacht
  9. baois na hóige
  10. deiseanna

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

Seo an chéad alt d’aiste shamplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh?

 Gníomhaíocht 6: 

  • Ag obair leis an duine in aice leat, déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.
  • Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Saol na ndaoine óga inniu

‘Aoibhinn beatha an scoláire.’ ‘Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg.’ ‘Mol an óige agus tiocfaidh sí.’ Ní fhéadfadh aon duine a shéanadh ach go bhfuil an Ghaeilge breac le seanfhocail agus nathanna cainte faoin óige. Cuid acu moltach agus cuid acu cáinteach. An t-aon rud atá fíor ná go raibh gach duine óg uair amháin agus gur cuid den saol é daoine a bheith ag gearán faoin dream óg atá ag teacht aníos ina ndiaidh. In aon tréimhse faoi leith, áfach, is iad na daoine óga amháin a thuigeann na dúshláin agus na féidearthachtaí atá ann dóibh.

Dar liom go gcuireann córas oideachais an lae inniu an iomarca brú ar scoláirí agus dar liom go mbréagnaíonn sé an seanfhocal thuas faoi shaol aoibhinn an scoláire. Tá brú dochreidte ag baint le scrúduithe na hArdteistiméireachta agus rás na bpointí. Aithnítear go forleathana nach dtugann an córas seo cothrom na Féinne do dhaoine óga ach is gothaí móra agus buillí beaga atá againn ó na húdaráis. Uaireanta samhlaím nach oideachais atá ann ar chor ar bith ach comórtas diancheachtanna.

Tá an ghlúin óg atá ag éirí anois báite i saol na teicneolaíochta. Gach rud ó Facebook agus Snapchat go YouTube, Twitter agus Instagram. Gan amhras tá féidearthachtaí iontacha ag baint leis an teicneolaíocht seo ar fad, ach tá míbhuntáistí ag baint leis. D’fhéadfá uaireanta an chloig in aghaidh an lae a chaitheamh ag  uasdátú, ag seiceáil, ag cuardach, ag giolcaireacht agus ag postáil. É sin ar fad gan trácht ar an gcibearbhulaíocht. Is bagairt í sin don tsochaí go ginearálta, ach is daoine óga is mó a bhíonn thíos léi.

Tá an saol éirithe níos casta agus níos sofaisticiúla orainn, ach tá rudaí sa saol atá fós simplí agus éasca le tuiscint. Ceann acu sin ná tábhacht an spóirt agus na haclaíochta mar aon leis an taitneamh gur féidir a bhaint astu. Tá sé seo ar fad ag imeacht i ngan fhios de sciar suntasach den aos óg, ní foláir, óir go bhfuil fadhb mhór mhurtaill ina measc. Beidh impleachtaí móra sláinte anseo agus cé go bhfuil an-bhaint ag aistí bia leis tá an easpa aclaíochta lárnach san fhadhb chomh maith. Dar le pobalbhreith Red C anuraidh níor dhreap an tríú cuid de leanaí na hÉireann crann riamh. Scéal thairis. Scéal neafaiseach. Scéal a ghoilleann orm.

Níor mhaith liom scéal chailleach an uafáis a dhéanamh de chúrsaí ach tá drugaí mídhleathacha agus mí-úsáid alcóil ag cur as do dhaoine chomh maith. Tá na nósanna dainséaracha seo fréamhaithe i gcultúr na n-óg. Tiomáint faoi thionchar an óil, coiriúlacht, foréigean, beathaí daoine scriosta agus níl a fhios ag aon duine cad ba cheart a dhéanamh.

I ndeireadh an lae, áfach, is iontach an rud é bheith óg. Ba cheart do dhaoine óga taitneamh a bhaint as laethanta a n-óige agus gan a bheith ag iarraidh an tréimhse seo, agus an tsoineantacht a bhaineann léi, a dhíbirt. Tá an  saol ar fad rompu amach, saol lán le féidearthachtaí agus deiseanna iontacha, difriúla. Taisteal, grá, obair, cairdeas, agus caitheamh aimsire. Faoi mar a deir seanfhocal eile ‘Is breá an rud í an óige ach ní thagann sí faoi dhó.’