Scríbhneoireacht Chruthaitheach 03 – ‘Iontas’

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 03 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 03 – ‘Iontas’

 Gníomhaíocht 1: 

An teideal: ‘Iontas’

  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat faoin ábhar a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtí.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan smaoineamh/topaic amháin a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur ar an smaoineamh sin.
  • Struchtúr Scéil:
  1. Cruthaigh an comhthéacs
  2. Tarlaíonn eachtra thábhachtach
  3. An chríoch/an réiteach

Smaoinigh ar na ceisteanna thíos agus tú ag pleanáil an scéil.

a) Cé hé/hí an príomhcharachtar?
b) Cén sórt duine é/í?
c) Cad atá uaidh/uaithi?
d) Céard atá ag cur as dó/di?
e) Céard iad na heachtraí tábhachtacha a tharlaíonn?
f) Cén chaoi a dtarlaíonn siad?
g) Cén uair?
h) Cén áit?
i) Cén chaoi a mothaíonn sé/sí?
j) Cad deir sé/sí?
k) Cad deirtear leis/léi?
l) Cén chaoi a gcaitheann daoine leis/léi?
m) Cén chaoi a ndéileálann sé/sí leis na heachtraí?
n) Cad a athraíonn?
o) Cén chaoi a bhfuil rudaí ag an deireadh?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. Dóchas
  2. Lagmhisneach
  3.  Aniar aduaidh
  4.  Gan choinne
  5. Umar na haimléise
  6. Ar mhuin na muice
  7. Cinniúnach
  8. Níorbh fhada
  9.  Ba dhóbair
  10. In ainneoin

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an mhéid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

Seo an chéad alt as scéal samplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh.

 Gníomhaíocht 6: 

  • Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.
  • Déan deich bpointe a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord.

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an scéal is féidir leis an múinteoir an scéal a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtí iarracht an scéal a chur in ord.

Iontas

Ní raibh iontas ar Mhicheál. Ní raibh fearg ná imní air ach an oiread. Is ar éigean go raibh díomá air fiú. D’fhéach sé ar an bpáipéar scrúdaithe arís; agus ar an ‘F’ ar bharr an leathanaigh agus ciorcal tarraingthe timpeall air. B’in an cúigiú ceann a bhí faighte aige le cúpla mí. Níor thuig sé cad a bhí tarlaithe ach thuig sé go raibh sé in umar na haimléise.

Nuair a thug Micheál aghaidh ar an ollscoil sé mhí roimhe sin bhí sé lán dóchais agus é ag tnúth leis an saol nua a bhí roimhe amach. Ba é a ghnóthaigh na torthaí ardteiste ab fhearr i mBaile an Droichid an bhliain áirithe sin agus bhí a mhuintir an-bhródúil as. Ba é an t-aon duine ón mbliain a thug aghaidh ar ollscoil Chorcaí an Meán Fómhair dár gcionn ach ba chuma leis. Deireadh ré agus tosach ré ba ea é, faoi mar a dúirt seanfhondúir béal dorais leis sular thug sé aghaidh ar an gcathair mhór.

Ní raibh go maith agus ní raibh go holc ar dtús. Lóistín nua, daoine nua, cúrsa nua. Bhí sé roghnaithe aige staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus an Mhata. Diaidh ar ndiaidh áfach thosaigh an saol ag dul ina choinne. Bhí sé i bhfad Éireann níos deacra ná mar a cheap sé cairde a dhéanamh. Ní raibh an cúrsa mar a cheap sí go mbeadh sé. Bhí an teach lóistín  féin fuar agus neamhphearsanta. Ní raibh an teaghlach róchairdiúil agus chaith sé go leor ama leis féin ag breathnú ar a fhón cliste. D’airigh sé uaidh a mhuintir agus a chairde ón mbaile. Bhí sé uaigneach agus in ísle brí.

Agus é báite ina smaointe faoina chúigiú ‘F’ níor bhraith sé duine ag teacht a fhad leis. Liam a bhí ann. Bhí breac-aithne aige air ón rang Mata ach b’in uile. “Tá cuid againn ag imeacht i gcomhair cupán caife sa cheaintín má theastaíonn uait teacht linn,” a dúirt sé go ceanúil. Lig Micheál osna bheag, rinne sé iarracht aoibh an gháire a chur ar a aghaidh agus dúirt sé go rachadh sé leo.

Cinneadh cinniúnach ba ea é. Níorbh fhada go raibh Micheál, Liam agus cúigear eile ina ndlúthchairde. Théadh siad amach san oíche le chéile, bhíodh siad ag staidéar le chéile agus ghlac cuid acu ballraíocht sa chumann drámaíochta. Ar deireadh bhraith Micheál go raibh sé ar bhóthar a leasa.

Níorbh fhada go raibh scrúduithe eile ar na bacáin. Thug sé faoin scrúdú Mata le fonn agus le flosc. Ba chuma leis, ar shlí, faoin marc. Bhí sé istigh leis féin arís agus b’in an rud ba thábhachtaí. Dá bhfaigheadh sé ‘D’ nó ‘C’ bheadh sé an-sásta leis féin.  Tháinig lá na dtorthaí. Síneadh chuige an scrúdú. Chas sé timpeall an leathanach agus é ag súil le ‘F’ eile. An seanscéal céanna agus meirg air! Ní ‘F’ a bhí ann, ná ‘D’ nó ‘C’ ach an oiread. Ba dhóbair nár thit an t-anam as nuair a chonaic sé an ‘B’. Ba ansin a bhí iontas air.