Scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta ar camchuairt timpeall na tíre le léiriú ilmheán ‘Aisling?’

Beidh scoth na n-ealaíontóirí agus na gceoltóirí Gaeltachta ar an stáitse i Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo

Scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta ar camchuairt timpeall na tíre le léiriú ilmheán ‘Aisling?’

Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir 'Aisling?'

Tá seó ilmheán Gaeltachta, Aisling?, le camchuairt a thabhairt timpeall na gceantar Gaeltachta sna seachtainí amach romhainn.

Beidh meitheal Aisling? ar an stáitse den chéad uair i Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus leanfar leis an gcamchuairt i gCorcaigh, i gCiarraí agus i dTír Chonaill ina dhiaidh sin.

Is é an scannánaí agus an scríbhneoir aitheanta Darach Mac Con Iomaire atá ina stiúrthóir ar an léiriú atá á stáitsiú mar chuid den Chlár Comórtha Náisiúnta 2016, agus tá dáréag as an nGaeltacht le bheith ar an stáitse le linn an tseó a “mhúsclóidh na céadfaí agus na mothúcháin”.

Déanfar scéal na Gaeltachta ó 1916 i leith a chíoradh “go samhailteach” le hábhar nuachoimisiúnaithe ó Mhairéad Ní Mhaonaigh, Pól Ó Ceannabháin, Johnny Óg Connolly, Eoghain Mac Giolla Bhríde agus daoine eile nach iad.

Maítear go mbeidh an léiriú ina “nasc cruthaitheach” leis an “ionracas ealaíonta” a thug inspioráid do cheannairí an Éirí Amach i 1916.

Ní dhéanfar ach seacht léiriú ar Aisling? ar fud na tíre. Beidh dhá léiriú i Ros Muc an deireadh seachtaine seo, léiriú amháin i gCúil Aodha ar an 2 Nollaig, dhá léiriú ar an bhFeothanaigh ar an 5/6 Nollaig agus dhá léiriú i nGaoth Dobhair Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 10/11 Nollaig.

Chomh maith leis na healaíontóirí agus na ceoltóirí atá luaite thuas, beidh Úna Ní Fhlatharta, Ciarán Ó Maonaigh, Méabh Ní Bheaglaoich, Seán Ó Flaithearta, Caoimhín Ó Fearghail, Róisín Seoighe, Seán Cathal Ó Coileáin agus Eoghan Geoghegan páirteach sa léiriú.

Fág freagra ar 'Scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta ar camchuairt timpeall na tíre le léiriú ilmheán ‘Aisling?’'