Sconsaí arda agus comharsana maithe – smál ar Thuaisceart Éireann iad na ballaí síochána

Drochsheans go mbainfear amach an sprioc na ballaí síochána a bhaint anuas faoin mbliain 2023, a deir ár gcolúnaí

peacewall belfast

Siombail easaontais agus scéine iad, iarmhairt na dTrioblóidí. Sa socrú polaitiúil is deireanaí, An Tús Nua, bhí sé mar sprioc go mbainfí anuas iad, mar chuid den phlean do shochaí chomhroinnte ach léiríonn suirbhé nua go bhfuil méadú ar líon na ndaoine atá ag iarraidh iad a choinneáil.

Tógadh iad chun Caitlicigh agus Protastúnaigh a dheighilt óna chéile agus seacht mbliana déag tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá os cionn leathchéad díobh i dTuaisceart Éireann. Tá an bhliain 2023 mar spriocdháta ag na húdaráis chun deireadh a bheith leo ach is cosúil gur snámh in aghaidh easa é.

Tugtar ballaí síochána orthu toisc gur tógadh iad mar bheart slándála chun stop a chur le hionsaithe. Tógadh an chéad cheann idir ceantar na bhFál agus an tSeanchill i mBéal Feirste i 1969 tar éis an ionsaithe a rinne dílseoirí ar an gceantar thart ar mhainistir Chluain Ard nuair a chuireadar na tithe i Sráid Bombay tré thine.

Tógadh go leor eile i gcaitheamh na mblianta mar iarracht chun foréigean ón dá thaobh a cheansú. Tá 52 acu ann anois, i mBéal Feirste thiar, thuaidh agus thoir, i nDoire, ar an Lorgan agus i bPort an Dúnáin.

De réir an tsuirbhé a foilsíodh cúpla lá ó shin, teastaíonn ó thriúr as gach deichniúr de na daoine a bhfuil cónaí orthu taobh leis na ballaí síochána iad a choinneáil. Tá leath na ndaoine, nach mór, buartha nach mbeadh an PSNI in ann dea-ord a choinneáil dá leagfaí iad. Ba é an Roinn Cirt i Stormont a d’ordaigh an scrúdú. Lucht acadúil as Ollscoil Uladh a bhí freagrach as agus cheistigh siad os cionn míle de na háitritheoirí.

Díol suntais é gur ag dul i méid atá an líon daoine a dteastaíonn uathu na ballaí a choinneáil; 22% a bhí ag éileamh nach leagfaí iad trí bliana ó shin ach tá 30% den bharúil sin anois. Díobh sin, tá an líon Protastúnach (44%) níos mó ná an céatadán de Chaitlicigh (23%).

Ní i mBéal Feirste amháin atá sé sin fíor – dúirt áitritheoirí in eastát an Fhuaráin (the Fountain) i nDoire go bhfágfaidís an baile dá leagfaí an balla idir iad agus a gcomharsain náisiúnacha. Dúradar go gcaitheann ógánaigh clocha thar balla gach re seachtain. Gearán coitianta é sin – iompar frithshóisialta, ar an Tráigh Ghearr in oirthear Bhéal Feirste agus san iomaí ceantar i dtuaisceart na cathrach chomh maith.

Murab ionann agus an faitíos a bhíodh ar dhaoine roimh ionsaithe seicteacha, agus paraimíleataigh ón dá thaobh, is cosúil gur imní faoi ‘ghnáth-aindlí’ atá ar dhaoine anois, é sin agus coimhthíos a ghéaraigh de bharr chonspóid na mbratacha.

I 2012 theastaigh ó 58% go mbainfí anuas na ballaí síochána ach tá an sciar sin laghdaithe go 49% anois. Cor níos suntasaí fós, ó tharla gur in áiteanna a bhfuil an dá phobal ina gcónaí i bhfoisceacht céad slat nó mar sin dá cheile, dúirt os cionn ceathrar as gach deichniúr nach raibh baint de chineál ar bith acu le héinne ón taobh eile den bhalla. Caidreamh dearfach ab ea é, dar leo siúd a raibh teagmháil acu lena chéile.

Chreid níos mó na leath na ndaoine gur bhocht an teist ar Thuaisceart Éireann iad na ballaí. Níl aon dabht ach gur smál ar cháil Thuaisceart Éireann iad. Ní húdar dóchais é ach an oiread a laghad muiníne atá ag daoine go mbeadh an PSNI in ann déileáil le trioblóid ar bith a thitfeadh amach da mbainfí anuas na ballaí. Tá réimse leathan d’fhadhbanna taobh thiar de na staitisticí sa suirbhé.

Ní nach ionadh, is i gceantair bhochta atá na ballaí, sna geiteonna. Daoine óga gan deiseanna, gan dóchas – den chuid is mó – a bhíonn páirteach san iompar frithshóisialta, ag caitheamh cloch agus araile thar bhallaí nó ag baint leasa as na meáin shóisialta chun caismirtí idir an dá thaobh a eagrú.

Crá croí é seo d’áitritheoirí agus is furasta a bhfaitíos faoin a mbeadh i ndán dóibh gan na ballaí a thuiscint. Ní hamháin go bhfuil gá le caidreamh trasphobail a chothú ar bhonn seasta, tá athnuachan agus fostaíocht de dhíth go géar.

Gan na beartais sin, agus tuilleadh, drochsheans go mbainfear amach an sprioc na ballaí síochána a bhaint anuas faoin mbliain 2023.

Fág freagra ar 'Sconsaí arda agus comharsana maithe – smál ar Thuaisceart Éireann iad na ballaí síochána'

  • Breandán de Leigh

    Mar dhuine atá ina chónaí taobh leis na ballaí siochána i mBéal Feirste níor mhaith liom iad a bheith leagtha go deo. Mothaim i bhfad Éireann níos sábháilte agus iad ann go háirithe ar an oíche roimh an dóú lá déag de mhí Iúil nuair a bhailíonn na fir bhuí agus a gcairde, go háirthe an drong úd ó Alban,, ar an taobh eile den bhalla ag caitheamh cloch, buidéal agus maslaí inár dtreo de réir mar a dhéanann siad ‘ ceiliúradh ‘ ar a gcultúr. Is cuimhin liom 1969 agus cad é a tharla sa cheantar seo agus níl sé a ghabháil a tharla arís!. Dá gcuirfear an plean seo i gcrích agus má theipeann air gheodhaibh mé féin agus mo chlann amach gur theip air le tine agus le piléir mar a tharla in 1969. Más mian le duine ar bith atá ar son an phlean seo teach a mhalartú liomsa nuair a leagfear na ballaí seo beidh fearadh na fáilte rompu teacht agus cónaí a dhéanamh anseo agus beatha a gclann féin a chur i gcontúirt in ionad beatha mo chlainne a chur i mbaol!