Scoláireachtaí ollscoile le bronnadh i nGaillimh i gcuimhne ar Sheosamh Mac Donncha

Os cionn €12,000 sa mbliain á thairiscint i gcuimhne ar iar-phríomhfheidhmeannach agus iarChathaoirleach Fhoras na Gaeilge

Scoláireachtaí ollscoile le bronnadh i nGaillimh i gcuimhne ar Sheosamh Mac Donncha

Iaruachtatán CLG, Joe McDonagh. INPHO/Lorraine O'Sullivan

Tá Foras na Gaeilge chun urraíocht a dhéanamh ar dhá scoláireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar fiú €6,015 an ceann iad i gcuimhne ar Sheosamh Mac Donncha, iar-phríomhfheidhmeannach agus iarChathaoirleach na heagraíochta teanga, a bhásaigh níos luaithe i mbliana.

Bronnfar na scoláireachtaí den chéad uair an bhliain seo chugainn.

Céimithe de chuid na hOllscoile i nGaillimh a bhainfidh ardcháilíocht amach i scrúduithe na céime agus an Ghaeilge nó Léann an Aistriúcháin ina n-ábhar acu don chéim a bheidh i dteideal cur isteach ar na scoláireachtaí.

Chinn an Foras gur “ar bhonn iomaíochta a bhronnfar an scoláireacht ar mhac léinn máistreachta a bheidh ag gabháil don MA sa Léann Teanga “i bhfianaise spéis Sheosaimh Mhic Dhonncha sa chruinneas teanga, san aistriúchán agus san fhoclóireacht, ach go háirithe”.

Beidh an sparánacht seo de bhreis ar aon deontas, scoláireacht nó eile a bheidh ag an té a roghnófar agus is faoi Stiúrthóir Cláir an MA sa Léann Teanga, i gcomhar le Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a bheidh freagrach as an scoláireacht a riaradh ó bhliain go bliain.

Céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ab ea Seosamh Mac Donncha (1953-2016). Bhí sé ina Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (1997-2000), ina Chathaoirleach ar TG4 (2000-2004), ina Phríomhfheidhmeannach  ar Fhoras na Gaeilge (2002-2006), ina Chathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge (2015-6), ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe (2006-2013), agus ina  Phríomhfheidhmeannach ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (2013-5).

Sheol Cumann Lúthchleas Gael sparánacht i gcuimhne ar Sheosamh Mac Donncha an tseachtain seo caite freisin.

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí ollscoile le bronnadh i nGaillimh i gcuimhne ar Sheosamh Mac Donncha'