Scoláireacht Uí Ríordáin bronnta ag Uachtarán UCC

Bronntar an scoláireacht seo go bliantúil ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin i mBaile an Chollaigh i gContae Chorcaí. Is í Kate Ní Mhathúna a bhuaigh scoláireacht na bliana seo

Uachtarán UCC, Dr. Micheál Ó Murchú, agus Kate Ní Mhathúna, an buaiteoir ó Ghaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí.
Uachtarán UCC, Dr. Micheál Ó Murchú, agus Kate Ní Mhathúna, an buaiteoir ó Ghaelscoil Uí Ríordáin, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí.

Bronnadh ‘Scoláireacht Uí Ríordáin’ ar Kate Ní Mhathúna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le deireanas. Is é Bord Gaeilge choláiste na Ollscoile a dhéanann urraíocht an scoláireacht, a dhéanann comóradh ar saothar an fhile cháiliúil Seán Ó Ríordáin.

Bronntar an scoláireacht go bliantúil ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin i mBaile an Chollaigh i gContae Chorcaí agus tugann sí an chaoi don bhuaiteoir trí seachtaine a chaitheamh nGaeltacht Chorca Dhuibhne i rith an tsamhraidh.

D’oibríodh an Ríordánach ar feadh roinnt blianta i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba é an Dochtúir Micheál Ó Murchú, Uachtarán an choláiste, a bhronn an scoláireacht ar Kate Ní Mhathúna thar ceann Bhord Gaeilge an Choláiste.

Rugadh an Ríordánach i mBaile Bhuirne sa bhliain 1916. D’aistrigh a theaghlach ón mbaile Gaeltachta sin go Inis Cara gar do chathair Chorcaí i ndiaidh bhás a athar, ach ba i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a chaitheadh sé a chuid laethanta saoire. Chónaigh sé ann ar feadh cúpla mí idir 1952 agus 1953. Thiomnaigh sé a dhara cnuasach filíochta, Brosna, do mhuintir Dhún Chaoin i 1964.

Uachtarán UCC, Dr. Micheál Ó Murchú, agus Kate Ní Mhathúna, an buaiteoir agus a tuistí, Celia Uí Mhathúna agus Terry Ó Mathúna
Uachtarán UCC, Dr. Micheál Ó Murchú, agus Kate Ní Mhathúna, an buaiteoir agus a tuistí, Celia Uí Mhathúna agus Terry Ó Mathúna

Fág freagra ar 'Scoláireacht Uí Ríordáin bronnta ag Uachtarán UCC'