Scoláireacht le seoladh in OÉ, Gaillimh in ómós do bhean as an gCeathrú Rua

Rugadh Máire Brazil ar an gCeathrú Rua i 1912. Seolfaidh a hiníon, an t-innealtóir mór le rá Áine Brazil, Scoláireacht Máire Brazil in OÉ, Gaillimh, inniu

Scoláireacht le seoladh in OÉ, Gaillimh in ómós do bhean as an gCeathrú Rua

Seolfar scoláireacht atá ainmnithe as Máire Brazil, duine de mhuintir Mhic Dhonnchadha as an Demesne ar an gCeathrú Rua i gConamara, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tráthnóna.

Is dírithe ar mhná atá ag dul don innealtóireacht a bheidh Scoláireacht Mháire Brazil, atá á cur ar bun ag iníon Mháire, an t-innealtóir mór le rá Áine Brazil, trí Fhondúireacht Ollscoil na Gaillimhe.

Rugadh Máire Brazil, Máire Mhic Dhonnchadha roimh phósadh, ar an Demense ar an gCeathrú Rua i gConamara i 1912. Ba í an duine ba shine de dháréag. D’fhreastail sí ar scoil na Ceathrún Rua agus rinne sí an mheánteistiméireacht. Tairgeadh áit ar chúrsa oiliúna múinteoirí di ach dhiúltaigh sí don tairiscint agus rinne sí cúrsa rúnaíochta i nGaillimh. Thosaigh sí ag obair i 1933 i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, mar a thugtaí ar OÉ, Gaillimh, agus is ann a d’fhan sí go dtí gur éirigh sí as i 1977.

Ba í an Ghaeilge teanga oibre oifig riaracháin na hollscoile le linn do Mháire a bheith ag obair inti in éineacht lena deirfiúr Mairéad, a d’oibrigh san ollscoil ar feadh a saoil oibre freisin.

Phós Máire Pádraig Brazil i 1949 agus bhí ceathrar clainne orthu. Bhain gach aon duine den chlann sin céim, agus cáilíochtaí níos airde, amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh.

Bhain Áine Brazil bunchéim amach san innealtóireacht amach i 1977. Tá an scoláireacht á bunú aici in ómós a máthar agus ar mhaithe le spreagadh a thabhairt do mhná atá ag iarraidh dul leis an innealtóireacht. Tá Áine Brazil féin ina leas-uachtarán ar Thornton Tomasetti, comhlacht innealtóireachta mór le rá i Nua-Eabhrac, agus is iomaí togra cáiliúil sa chathair sin a raibh sí ina ceann feadhna orthu.

Ainmníodh Brazil mar dhuine de na mná is tábhachtaí ó thaobh an ghnó de i New York i Crain’s New York Business agus bronnadh an gradam ‘Innealtóir Idirnáisiúnta na Bliana’ uirthi sa tír seo sa bhliain 2014.

Tá gaolta le muintir Brazil ar an gCeathrú Rua i gcónaí, ina measc nianna Mháire Brazil, Mícheál agus Séamus Mac Dhonnchadha, atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus a garnia Maolra Mac Donnchadha atá ag obair le Nuacht TG4.

Fág freagra ar 'Scoláireacht le seoladh in OÉ, Gaillimh in ómós do bhean as an gCeathrú Rua'