Scoláireacht Éamoinn Ghráinne bronnta ar Claire Nic Ruairí

Bronnadh an scoláireacht sean-nóis ar Claire Nic Ruairí, as Doire, an deireadh seachtaine seo caite.

Claire 1

Beidh Claire Nic Ruairí ina hamhránaí cónaithe in ionad oidhreachta an Fháil Charraigh, an tSeanbheairic, as seo go ceann ocht mí. Bhronn Seosamh Ó Dubhchoin, cathaoirleach na Seanbheairice, agus Bella Mac Ruairí, baintreach Éamoinn Ghráinne – an t-amhránaí iomráiteach sean-nóis – “Scoláireacht Éamoinn Ghráinne” ar Claire an deireadh seachtaine seo caite.

“Is onóir mhór dom a bheith ar an dara buaiteoir de Scoláireacht Éamoinn Ghráinne. Is ábhar mórtais dom m’ainm a bheith luaite le hÉamoinn Ghráinne Mac Ruairí, duine de mhórlaochra na hamhránaíochta agus duine a bhí báite go hiomlán i gcultúr Gaelach Dhún an nGall. Mar amhránaí cónaithe, tá súil agam go gcuirfidh mé leis an traidisiún a raibh Éamonn dílis dó,” a dúirt Claire.

Is é cuspóir na scoláireachta borradh a chur faoin amhránaíochta i gceantar Chloich Cheann Fhaola. D’eascair an scoláireacht as Comórtas Éamoinn Ghráinne a tosaíodh dhá bhliain ó shin. Cuirfidh Claire tús le cúrsaí amhránaíochta, oícheanta airneáin agus coirmeacha ceoil sa tSeanbheairic.