‘Scoilt’ idir Údarás na Gaeltachta agus pobal Ghaoth Dobhair faoi thuirbín gaoithe

Bhí suas le 100 duine i láthair ag cruinniú aréir faoi thuirbín gaoithe atá beartaithe ag an gcomhlacht Lir Energy Limited do Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill

‘Scoilt’ idir Údarás na Gaeltachta agus pobal Ghaoth Dobhair faoi thuirbín gaoithe

Tá ‘scoilt’ idir Údarás na Gaeltachta agus pobal Ghaoth Dobhair faoi thuirbín gaoithe atá beartaithe do Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair ag an gcomhlacht fuinnimh Lir Energy.

Bhí suas le 100 duine i láthair ag cruinniú poiblí a reáchtáladh i Leabharlann Ghaoth Dobhair aréir. Tá cead pleanála á lorg ag Lir Energy Limited, atá lonnaithe i Leitir Fraic i gContae na Gaillimhe, le haghaidh tuirbín gaoithe, a bheidh 85m ar airde, a thógáil ar thalamh Údarás na Gaeltachta sa pharóiste.

Tuairiscíodh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil cuid den phobal ag cur in aghaidh an togra toisc imní a bheith orthu faoi chúrsaí sláinte, faoi ísliú ar luach na dtithe sa cheantar agus faoi “scriosadh áilleachta” Ghaoth Dobhair.

Bhí an slua ar fad a bhí i láthair, cé is moite d’fheidhmeannaigh de chuid Údarás na Gaeltachta, i gcoinne an phlean go dtógfaí tuirbín a bheadh 85m ar airde agus lanna 77m ar fad air sa cheantar.

Tá “imní agus míshástacht” ar an bpobal faoin bplean. Cuireadh  “drochphleanáil” i leith an dream atá ina bhun. Cuireadh ceisteanna ag an gcruinniú faoin mbaol a bheadh ann do shláinte na ndaoine atá ina gcónaí san áit atá roghnaithe don tuirbín agus imní ar roinnt daoine faoin dochar a dhéanfadh an torann a bheadh ag an tuirbín agus an scáil a chaithfeadh sé.

Léiríodh imní freisin faoin titim a d’fhéadadh teacht ar luach na dtithe i Mín an Iolair, Cois Cláidí agus Carraig an tSeascainn mar gheall ar an tuirbín a bheith gar do na ceantair sin.

D’fhostaigh Údarás na Gaeltachta an comhlacht Renewable Energy Ireland sa bhliain 2010 le staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bheadh ann fuinneamh in-athnuachana a ghiniúint i nGaoth Dobhair.

Chuaigh Lir Energy i dteagmháil leis an Údarás i ndiaidh na tuarascála sin agus iad ag iarraidh tuirbín gaoithe a thógáil sa cheantar. Bhí Lir Energy ag obair leis an Údarás ar thogra eile i nGaeltacht na Gaillimhe roimhe sin ach níor éirigh leis an iarratas ar chead pleanála don togra sin.

Dúradh ag an gcruinniú go raibh Údarás na Gaeltachta “ag bogadh ar aghaidh ón sprioc a bhí acu” agus nach raibh siad ag obair ar son an phobail níos mó. Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta gur “cúis díomá” an méid sin a chloisteáil ón bpobal agus go raibh an tÚdarás sásta éisteacht leis na tuairimí sin.

Dúradh freisin nach raibh baint ar bith ag an Údarás leis an iarratas anois agus gur próiseas pleanála atá ann faoi láthair. Ní bheidh an tÚdarás ag plé leis arís go dtí go dtiocfaidh scéala ar ais ón gComhairle Contae faoin gcead pleanála go luath sa bhliain nua.

Léiríodh míshástacht ag an gcruinniú gur i mBéarla a cuireadh an t-iarratas ar chead pleanála faoi bhráid na Comhairle Contae. Dúirt an tÚdarás gur soiléiríodh don chomhlacht nach raibh sé sin sách maith.

Meastar go bhféadfaí suas le 1.5kw fuinneamh a ghiniúint ón tuirbín gaoithe agus gur chuig comhlachtaí agus gnólachtaí atá lonnaithe ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair a ghabhfaidh formhór an fhuinnimh sin. Níltear cinnte, áfach, cé mhéad fuinnimh a ghinfear agus cé mhéad a dhíolfar leis an líonra náisiúnta. Chothaigh an éiginnteacht sin tuilleadh conspóide ag an gcruinniú Dé Céadaoin.

Dúradh ag an gcruinniú gur “faoin bpobal” atá sé anois cur in éadan an phlean agus iarradh ar a raibh i láthair aighneachtaí a chur isteach chuig an gComhairle Contae in aghaidh an tuirbín gaoithe.

Tá cruinniú coiste beartaithe ag an ngrúpa Stad an Tuirbín Gaoithe do Chéadaoin na seachtaine seo chugainn agus ag an gcruinniú sin, pléifear cruinniú na seachtaine seo agus an chéad chéim eile san fheachtas in aghaidh an tuirbín.

Fág freagra ar '‘Scoilt’ idir Údarás na Gaeltachta agus pobal Ghaoth Dobhair faoi thuirbín gaoithe'