Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge: Tuairimí na múinteoirí i leith na scrúdaithe stáit

Chun freastal ar raon leathan cumais na scoláirí sa Ghaeilge, sna scoileanna Gaeltachta go háirithe, ba chóir go mbeadh fáil ar chúntóirí teanga de réir mar a theastaíonn chun cabhrú leis na scoláirí

4/6/2014. Leaving Cert Exams Start

Réitigh mé taighde le déanaí don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun léargas a fháil ar na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge toisc go bhfuil riachtanais ar leith ag na scoileanna sin i gcomparáid le scoileanna Béarla. Mar chuid den taighde sin, líon múinteoirí ceistneoir cuimsitheach ar dtús (ráta freagartha 67.2%), agus ansin reáchtáladh sé fhócas ghrúpa i mí Eanáir 2015, trí cinn sa Ghaeltacht agus trí cinn i scoileanna lán-Ghaeilge, chun iomlánú a dhéanamh ar an taighde.

Iarradh ar mhúinteoirí cumas Gaeilge a gcuid scoláirí a mheas. Tugadh cúig rogha dóibh; bhí Gaeilge shaibhir líofa chruinn ag barr an speictrim agus bhí Gaeilge thanaí mhíchruinn ag bun an speictrim. Chuir múinteoirí na scoileanna Gaeltachta a gcuid scoláirí sa chúig chatagóir agus chuir na múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge a gcuid scoláirí i gceithre chatagóir.   Léiríonn taighde éagsúil (An Roinn Oideachais agus Scileanna, Péterváry et al) cé chomh dúshlánach atá sé d’oideachasóirí sna scoileanna Gaeltachta freastal ar réimeanna cumais atá chomh héagsúil sin.

Maidir leis an scrúdú Ardteistiméireachta, léiríonn an taighde seo go bhfuil 90.7% de mhúinteoirí sásta go ndáiltear 40% den scrúdú ina iomláine ar an mbéaltriail: “Tá an 40% iontach maith. Ní fhéadfadh sé bheith níos fearr,” dar le múinteoir Gaeltachta amháin a bhí páirteach i bhfócasghrúpa. Cé go gcreideann móramh na múinteoirí (53.5%) go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán labhartha a gcuid scoláirí ó tháinig an cúrsa nuashonraithe i bhfeidhm, de réir taighde a rinne Ní Mhaonaigh (2013) ar na leasuithe ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta, déirigh beagán níos fearr sa chluastuiscint agus sa scríbhneoireacht le grúpa scoláirí a rinne staidéar ar an seanchúrsa in 2011 ná mar a d’éirigh le grúpa scoláirí a rinne staidéar ar an gcúrsa nuashonraithe in 2012.

Níor léiríodh difríocht shuntasach ar bith áfach, idir an dá ghrúpa maidir leis an mBéaltriail (Ní Mhaonaigh 2013: 93). Go n-uige seo, níl aon fhianaise ann go ndearnadh plé ceart ar an toradh tábhachtach sin sa taighde seo.

Ba iad na sraitheanna pictiúr ba mhó a mheall tuairimí ó na múinteoirí sna ceisteanna oscailte sa cheistneoir. Rinne múinteoirí géarcháineadh ar líon na sraitheanna pictiúr. Tugtar na sraitheanna do scoileanna thart ar 18 mí roimh scrúdú na hArdteistiméireachta. Bíonn ar scoláirí 20 sraith, a bhfuil sé léaráid i ngach ceann acu, a ullmhú don bhéaltriail.   Ciallaíonn san go mbíonn ar scoláirí ullmhúchán a dhéanamh do 120 léaráid roimh ré. Bíonn claonadh ag scoláirí ábhar na sraitheanna pictiúr a fhoghlaim de ghlanmheabhair, dar le formhór na múinteoirí (agus dar le Tuairisc an Phríomhscrúdaitheora, 2012).

Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil múinteoirí den tuairim nach mbaineann scoláirí taitneamh as 20 sraith pictiúr a ullmhú. Níor cheart go mbeadh aon deis ag na daltaí ullmhú do shraitheanna pictiúr roimh ré, dar le móramh de na múinteoirí.

Is díol spéise é go gcreideann múinteoirí sna scoileanna lán-Ghaeilge gur chóir go mbeadh ceist ar stair na litríochta agus stair na teanga ar an bpáipéar scrúdaithe agus gur a mhalairt a chreideann múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta.

I dtaca leis an léamhthuiscint, is féidir le scoláirí an ‘cóipeáil agus greamaigh’ a chur ag obair i gcás ceisteanna áirithe agus lánmharcanna a ghnóthú sa scrúdú mar atá dá bharr. Ar ndóigh, creideann múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge go láidir gur cheart ionramháil a dhéanamh ar fhreagraí, sé sin, gur cheart do scoláirí freagraí a thabhairt ina gcuid focal féin.

Ó thaobh na litríochta de, dúradh go rabhthas sásta le téagar an chúrsa nuashonraithe, agus measadh go bhfuil dúshlán ag baint leis an gcúrsa nuashonraithe, dhá fhreagra a chuir ionadh ar an taighdeoir seo. Bhíothas sásta chomh maith leis na cineálacha ceisteanna a chuirtear sa scrúdú Ardteistiméireachta.

Maidir leis an tsraith shóisearach, bhí moltaí éagsúla ag múinteoirí i leith chomhdhéanamh na béaltrialach, cuid acu ar son an ‘status quo’ a choimeád agus cuid eile acu ar son lúibíní nó ‘cur i láthair’ a thabhairt isteach don scrúdú. Maidir leis an ngearrchúrsa roghnach, moladh go mbeadh béim ann ar an litríocht, ar stair na Gaeilge/ na litríochta agus ar scannánaíocht/ drámaíocht. (Mar a tharlaíonn, rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta cinneadh gan gearrchúrsa a chur ar fáil ag deireadh 2015).

Chun freastal ar raon leathan cumais na scoláirí sa Ghaeilge, sna scoileanna Gaeltachta go háirithe, ba chóir go mbeadh fáil ar chúntóirí teanga de réir mar a theastaíonn chun cabhrú leis na scoláirí a bhfuil Gaeilge thanaí mhíchruinn acu agus leis na scoláirí a bhfuil Gaeilge líofa ach mhíchruinn acu.

Moltar go bhféachfaí ar na heiseamláirí den choibhneas idir na ceithre scileanna teanga, sé sin, éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh. Chuige sin ba cheart féachaint ar na cleachtais atá ar bun maidir le foghlaim teangacha i dtíortha san Eoraip agus i dtíortha thar lear ina bhfuil an Béarla mar chéadteanga iontu. Moltar é sin toisc go bhfuil cás na Gaeilge iomlán as riocht leis na teangacha eile sa churaclam, go háirithe sa bhéaltriail (Gaeilge: 40%, nuatheangacha: 25%). Moltar go mbeadh na sraitheanna pictiúr neamhullmhaithe ionas go mbeadh fíorchumarsáid ar siúl.

Ba cheart go mbeadh ar scoláirí ionramháil a dhéanamh ar fhreagraí sa léamhthuiscint chun go mbeadh éileamh cognaíoch agus úsáid teanga i gceist. Chun go mbeadh téagar agus dúshlán sa chúrsa ó thaobh na litríochta de, ba chóir go mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar phróstéacs breise iomlán seachas ar líon teoranta leathanach mar atá leagtha síos sa chúrsa nuashonraithe.

Ba chóir go ndéanfaí staidéar ar stair na teanga agus ar stair na litríochta / saíocht áitiúil ionas go mbeadh tuiscint ag scoláirí ar an saibhreas liteartha agus oidhreachta atá sa Ghaeilge.

Níl anseo ach blaiseadh beag den taighde. Tá an taighde iomlán ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge: Tuairimí na múinteoirí i leith na scrúdaithe stáit'

  • Emer Ní Rónáin

    Cathain a thuigfidh an Roinn gur teanga gan tir is ea Gaeilge? Ta múinedh na Gaeilge san iomar céanna is a bhí Laidin ‘sna seascadaí.